D’fhéadfadh beagnach dúbailt a bheith ar chostas chuarbhóthar chathair na Gaillimhe – más cuarbhóthar a bheidh ann – de réir réamhmheastacháin a bhaineann leis an bplean is deireanaí don bhóthar.
Tá píosaí móra tolláin agus obair istigh sa gcathair féin i gceist i gceann de na roghanna a chuir saineolaithe innealtóireachta as comhlacht ARUP ós comhair na meán cumarsáide i nGaillimh tráthnóna inné – is é sin an cosán “dearg”. Thiocfadh an cosán seo anuas ceantar Pháirc Mhuirlinne, Bhaile an Bhriota, Thír Oileáin, gar don Sean Talamh, don Chaisleán Nua agus do Bhaile Mhóinín, agus amach i dtreo Bhearna.
Taobh thoir de shráidbhaile Bhearna a dhéanfaí ceangal leis an mbóthar anoir go deisceart Conamara. Níl aon cheangal díreach ann leis an mbóthar ó thuaidh go Conamara, an N59, ach dhéanfaí forbairt ar phíosa eile bóthair trasna ó cheantar Rathúin i dtreo bhóthar Mhaigh Cuilinn.
Dúirt saineolaithe an chomhlachta ARUP go raibh roinnt buntáistí ag baint leis an gcosán seo agus dúirt siad, san am céanna, go mbeadh an méid foirgintí agus tithe a bheadh le leagan ina chonstaic.
Mar sin féin, thabharfadh an cosán ‘dearg’ seo bealach níos áisiúla do dhaoine isteach sa gcathair féin, a dúradh. D’fhéadfadh sé go gcosnódh an plean seo €700 milliún nó €800 milliún nó fiú tuilleadh.
Bheadh go leor den bhóthar le cur faoi thalamh agus is deacair meastachán réasúnta cruinn a fháil ar chostas tolláin. Is é an t-aon chinnteacht atá ann ná go bhfuil obair faoi thalamh i bhfad níos costasaí ná obair os cionn talún.
Tá an an scéal amhlaidh de bharr gur diúltaíodh – chuaigh an cheist chuig an gCúirt Uachtarach agus chomh fada leis an Eoraip – cúpla bliain ó shin don phlean leis an gcuarbhóthar a fhorbairt píosa siar ón gcathair.
Cúrsaí timpeallachta, agus ceantar caomhnaithe a bheith ar an mbealach, ba chúis leis an diúltiú. De réir na meastachán san am, chosnódh an plean sin gar do €500 milliún.
Cé go bhfuil rogha eile tugtha – an rogha ‘Ghlas’ – gar go maith do chosán an chuarbhóthair a bhí ceaptha cúpla bliain ó shin, ní raibh aon ghaisce mór ag na saineolaithe as an rogha seo Dé hAoine.
Ba chosúil go raibh sé ina imní go dtiocfadh sé salach aríst ar rialacha caomhnaithe talúna.
Tá an tríú rogha tugtha – an rogha ‘Ghorm’ – leath bealaigh idir an cosán ‘glas’ agus an cosán ‘dearg’.
Thiocfadh an cosán seo anoir ó thuaidh de cheantar Dhubh Uisce, anuas ag an Ráschúrsa (bheadh tolláin ag teastáil istigh faoin Ráschúrsa), siar i dtreo Mhionlaigh agus siar ó dheas as sin i dtreo Bhearna.
Níl a fhios acu fós, a deir saineolaithe an chomhlachta ARUP cé acu cúrsa is fearr. Beidh seisiúin eolais phoiblí acu ar an 28 agus 29 den mhí seo in Óstán an Westwood sa gcathair agus ar an 3 agus an 4 Feabhra in Óstán Menlo Park. Cé go nglactar leis go bhfuil tábhacht ollmhór leis an gcuarbhóthar – nó an bóthar nua – do mhuintir Chonamara, dúradh ag an ócáid phreasa tráthnóna inné nach bhfuil aon chruinniú eolais le reáchtáil sa réigiún sin.
Tá sé i gceist go bhfógrófaí an rogha bealaigh is fearr a thaitneodh leis na saineolaithe san Aibreán seo chugainn agus táthar ag súil go mbeidh iarratas ar chead forbartha réitithe taobh istigh de bhliain. Ach, fiu agus dá n-éireodh an bóthar leo ar chuile bhealach, ní shamhlaíonn na saineolaithe go mbeadh an bealach nua déanta, bíodh sé ag dul tríd an gcathair no ar imeall na cathrach, go ceann cúig bliana eile, ar a thúisce.
Fág freagra ar 'Roghanna éagsúla maidir le ‘cuarbhóthar chathair na Gaillimhe’ fógartha'