Roddy Doyle i gConamara chun an chéad Fighting Words Gaeltachta a sheoladh

Agus Fighting Words na Gaeltachta ag tosú i gConamara, míníonn duine a bhíonn ag obair go deonach leo tábhacht an tionscadail

Roddy Doyle i gConamara chun an chéad Fighting Words Gaeltachta a sheoladh

Beidh an scríbhneoir cáiliúil Roddy Doyle in Ionad an Phiarsaigh i Ros Muc i gConamara inniu agus Fighting Words – Conamara á sheoladh go hoifigiúil aige.

Seo an chéad bhrainse de Fighting Words sa Ghaeltacht.

Eagraíocht é Fighting Words a bhunaigh Roddy Doyle agus Sean Love i mBaile Átha Cliath deich mbliana ó shin chun an scríbhneoireacht chruthaitheach a spreagadh i measc páistí agus daoine óga faoi mhíbhuntáiste.

Bíonn na ceardlanna saor in aisce do gach duine. Níl aon rialacha i gceist ó thaobh na scríbhneoireachta, seachas go gcaithfidh gach scéal dá gcumtar ag Fighting Words a bheith ina scéal úrnua. Deich mbliana ó bunaíodh í, tá forbairt mhór tagtha ar an eagraíocht agus cuireann siad ceardlanna ar fáil anois do dhaoine ó gach cineál cúlra. Cé go bhfuil ceanncheathrú na heagraíochta i mBaile Átha Cliath, tá láithreacha á bhforbairt acu ar fud na tíre. Cuireadh tús ag deireadh na bliana seo caite le Fighting Words i gConamara agus seo an chéad uair riamh don eagraíocht teacht chun na Gaeltachta. In Ionad an Phiarsaigh i Ros Muc a bheidh na ceardlanna á reáchtáil trí Ghaeilge do ghasúir scoile.

Is í Bríd Treasa Ní Ghaoithín comhordaitheoir an chláir agus más spéis leat a bheith páirteach sa togra is féidir teagmháil a dhéanamh léi ag bridtreasa@fightingwords.ie.

Ó mo thaithí féin ag obair mar dhuine deonach le Fighting Words, is léir dom go bhfuil draíocht agus cumhacht ar leith ag baint leis. Is cuimhin liom go maith an chéad uair dom siúl tríd na doirse in 2014. Bhí mé an-tógtha leis an áit – na seilfeanna lán le leabhair, na boird agus na cathaoireacha compordacha, an doras draíochta, na dathanna geala i ngach áit, an t-atmaisféar fáilteach. Chomh maith leis na gnáthcheardlanna, bhí ról speisialta agam mar áisitheoir don ‘Write Club’ gach Céadaoin ar feadh tamaill. Seans a bhí ann do dhéagóirí tráthnóna iomlán a chaitheamh ag scríobh in éineacht le scríbhneoir a raibh saothar foilsithe aige/aici.

Ba mhór an sásamh a bhí ann dom a bheith in ann scéalta agus obair na ndaoine óga seo a léamh. Go minic, céim mhór a bhí ann dóibh a gcuid scríbhneoireachta a roinnt le duine eile agus mar sin ghlac mé go han-dáiríre le gach rud a léigh mé agus le haon aiseolas a thug mé dóibh. Scríobh mé féin, freisin, sna tráthnónta sin. Eispéireas de chineál ar leith a bhí ann, muid go léir ag scríobh i dteannta a chéile – bhí tuiscint ann eadrainn, fiú gan aon rud a rá.

Tháinig na daoine óga sin as a stuaim féin; ní leis an scoil, nó le grúpa óige, ach leo féin, astu féin. Áit shábháilte a bhí ann dóibh, ar gach aon bhealach.

 

Fág freagra ar 'Roddy Doyle i gConamara chun an chéad Fighting Words Gaeltachta a sheoladh'

  • Cluain Sceach

    Ar labhair Roddy as Gaeilge? Fair play má dhein.