‘Ríthábhachtach’ go gcuirfí moltaí oideachais ó straitéis Gaeilge i bhfeidhm

Bhí toscaireacht ó eagraíochtaí teanga, oideachais agus pobail os comhair an Choiste Pobal in Stormont chun an Straitéis don Ghaeilge ó thuaidh a phlé inné

‘Ríthábhachtach’ go gcuirfí moltaí oideachais ó straitéis Gaeilge i bhfeidhm

Pléadh cás na Gaeilge sa chóras oideachais ag cruinniú in Stormont inné.

Bhí ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge, Fís an Phobail, Comhairle na Gaelscolaíochta, An Carn agus Forbairt Feirste os comhair an Choiste Pobal de chuid Tionól Thuaisceart Éireann inné chun fianaise a thabhairt maidir leis an Straitéis don Ghaeilge ó thuaidh.

Ag labhairt ag an chruinniú inné dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide le Conradh na Gaeilge, go bhfuil lucht an ghaeloideachais ag fanacht “rófhada ar chothrom na Féinne” do dhaltaí scoileanna lán-Ghaeilge.

Dúirt sé go nach bhfuil “aon amhras” ann ach go bhfuil na beartais a bhaineann leis an Ghaelscolaíocht, atá leagtha amach i ndréachtphlean gníomhaíochtaí an ghrúpa chomhdheartha, mar chroí na straitéise seo.

Chríochnaigh an grúpa a bplean gníomhaíochta i Samhain 2023 agus tá beagnach 200 beartas sa phlean. Tá 60 beartas ann don oideachas agus baineann 40 acu siúd leis an Ghaelscolaíocht.

Deir Ó Tiarnaigh go bhfuil an t-oideachas lán-Ghaeilge ar an fhód le chóir a bheith 55 bliain agus go bhfuil sé “scannalach” sa lá atá inniu gur minic nach mbíonn tagairtí ann do riachtanais bhreise na hearnála i bpolasaithe móra na Roinne Oideachais.

“Tá níos fearr [ná sin] tuillte ag daltaí Gaelscolaíochta, ag múinteoirí agus ag na foirne tacaíochta sna Gaelscoileanna agus ag gach teaghlach a roghnaíonn an Ghaelscolaíocht. Tá sé ríthábhachtach go gcuirfí na moltaí oideachais atá sa straitéis Gaeilge i bhfeidhm go práinneach,” a dúradh.

Tá obair ar bun faoi láthair ar fhorbairt na straitéise don Ghaeilge ó thuaidh, a gealladh mar chuid de Chomhaontú Chill Rímhinn in 2006.

I mí Iúil na bliana seo dúirt an tAire Pobal ó thuaidh, Gordon Lyons, nach bhféadfadh sé geallúint ar bith a thabhairt maidir le cén uair a fheicfear Straitéis Gaeilge lena bhfuil pobal na teanga beagnach 20 bliain ag fanacht.

Dúradh ag an chruinniú go bhfuil teipthe ar an Aire aon choimitmint a thabhairt agus é os comhair an Choiste Pobal i mbliana go mbeadh Straitéis i mandáid an rialtais seo ach go dtug duine dá fheidhmeannaigh shinsearacha, a bhfuil cúram uirthi i dtaobh na Straitéise, le fios go mbeadh dréacht réidh san fhómhar.

Dúirt Ó Tiarnaigh leis an choiste go raibh an grúpa oibre tras-rannach go fóill “ag plé” le dréachtstraitéis an ghrúpa agus gur dúradh leo go dtiocfadh siad ar ais chucu, agus chuig an choiste, le dréachtstraitéis nua.

“Thosaigh an obair ar an straitéis seo chomh fada siar le Nollaig 2021, beagnach ceithre bliana ó shin agus níor bhuail muid leo riamh, ní bhfuair muid aon aiseolas uathu riamh.”

D’éiligh an grúpa ar an choiste go n-éileodh siad “amlíne shoiléir” ón aire maidir leis na céimeanna atá go fóill le cur i gcrích aige agus cén uair a bheidh an dréacht curtha os comhair an Fheidhmeannais.

D’iarr siad ar an choiste go ndéanfadh siad “iniúchadh” ar an leagan den dréachtstraitéis a thagann ar ais ón ghrúpa tras-rannach agus go ndéanfadh siad comparáid idir na moltaí ón ghrúpa tras-rannach agus na dréachtmholtaí atá acu féin.

Dúradh fosta go mbeadh “acmhainní de dhíth” chun go mbeadh fiúntas leis an straitéis agus na beartais.

An mhí seo a chuaigh thart, cuireadh tús oifigiúil le cás cúirte ag Conradh na Gaeilge in éadan Fheidhmeannas Stormont.

Tugadh dhá chás eile ar an ábhar céanna chun na hardchúirte, in 2017 agus in 2022. Sa dá chás sin dearbhaíodh gur theip ar an bhFeidhmeannas a ndualgas dlíthiúil a chomhlíonadh.

Fág freagra ar '‘Ríthábhachtach’ go gcuirfí moltaí oideachais ó straitéis Gaeilge i bhfeidhm'