Dé Máirt, 9 Lúnasa
13:30 – Sanita Puspure – Bád Aonair (Babhta Ceathrú Ceannais)
14:00 – Claire Abbott, Jonty Evans & Mark Kyle – Seómharcaíocht Foirne (Seóléimneach)
16:30 – Éire v an Ghearmáin – Grúpa B (Cluiche 3)
17:05 – Finn Lynch – Laser (Rás 3)
17:15 – Annalise Murphy – Laser Radial (Rás 3)
18:30 – Finn Lynch – Laser (Rás 4)
18:40 – Annalise Murphy – Laser Radial (Rás 4)
17:08 – Shane Ryan – Saorstíl 100m (Réamhbhabhta)
17:55 – Nicholas Quinn – Snámh Brollaigh 200m (Réamhbhabhta)
02:03 – Shane Ryan – Saorstíl 100m (Babhta Leathcheannais)*
03:03 – Nicholas Quinn – Snámh Brollaigh 200m (Babhta Leathcheannais)*
*Ní foláir do na hÉireannaigh cáiliú níos túisce sa lá do na babhtaí seo a bheidh ar siúl ar an gCéadaoin
21:45 – David Oliver Joyce v Albert Selimov (an Asarbaiseáin) – Éadrom 60kg (Babhta an 16)
Iomaitheoir an Lae – David Oliver Joyce (Dornálaíocht)
Chaith Joyce naoi mbliana ag iarraidh áit a bhaint amach sna Cluichí Oilimpeacha. Faoin am ar tháinig a chéad troid sa gcomórtas Dé Domhnaigh seo caite, bhí sé ar a chompord. Bhí Joyce chun tosaigh ó thús deireadh in aghaidh Andrique Allisop na Séiséal dhá lá ó shin agus na trí bhabhta buaite aige ach beidh sé níos deacra aige anocht.
Dornálaí na hAsarbaiseáine, Albert Selimov, rogha na coitiantachta don bhonn óir, atá ag fanacht ar Joyce. Agus é 30 bliain d’aois, bliain níos sine ná Joyce, tá a lán taithí ag Selimov agus Craobh an Domhain buaite aige in 2007, chomh maith le bonn airgid i gcraobh na bliana seo caite. Tá aithne ag an mbeirt ar a chéile tar éis dóibh beagán traenála a dhéanamh le chéile le cúpla seachtain anuas agus beidh Joyce ag súil gur mó a d’fhoghlaim sé ná a chéile comhraic.
Rogha an lae…
Ba í Missy Franklin réalta an linn snámha ag na Cluichí Oilimpeacha i Londain nuair a bhuaigh an Meiriceánach ceithre bhonn óir agus ceann cré-umha agus gan í ach 17 mbliana d’aois. Ceithre bliana ina dhiaidh sin, tá a stádas faoi ionsaí ag Meiriceánach óg eile, Katie Ledecky, nach bhfuil ach 19.
Tá bonn óir buaite cheana féin ag Ledecky, agus scrios déanta aici sa rás 400m saorstíle Dé Domhnaigh seo caite, rás inar bhris sí an churiarracht dhomhanda chomh maith. Ach tá deis ag Franklin a lorg féin a fhágáil anocht. Má bhaineann an bheirt áit amach sa bhabhta ceannais den rás saorstíle 200m, beidh siad san iomaíocht in aghaidh a chéile anocht.
Beidh rás Franklin agus Ledecky ar siúl ag 02:19 maidin Dé Céadaoin. An té a fhanann ina dhúiseacht, b’fhearr dó fanacht ina shuí deich nóiméad eile mar, ag 02:28 beidh Michael Phelps sa tóir ar a 20ú bonn óir agus é ag glacadh páirt sa mbabhta ceannais snámh féileacáin 200m.
Fág freagra ar 'Rio 2016/Clár an lae: Na hÉireannaigh a bheidh san iomaíocht inniu…'