RIO 2016: Mo ghraidhin í Gearóidín RnaG ag lorg agallaimh Ghaeilge, ach is measa cás Raidió Bhairéin!

Leis na blianta tá tíortha saibhre ag mealladh lúthchleasaithe a bhuafadh boinn dóibh ag na Cluichí Oilimpeacha, agus iad á mealladh go hoscailte le airgead

RIO 2016: Mo ghraidhin í Gearóidín RnaG ag lorg agallaimh Ghaeilge, ach is measa cás Raidió Bhairéin!

Ag éisteacht le Gearóidín Nic an Iomaire ag cur agallaimh ar an snámhóir Nicholas Quinn ag na Cluichí Oilimpeacha i Rio i rith na seachtaine a rith sé liom go gcaithfeadh sé go bhfuil sé deacair go maith a theacht ar iomaitheoir a bhfuil an beagán féin de theanga ár sinsear acu na laethanta seo.

Bhí 77 lúthchleasaí ar an bhfoireann Éireannach a chuaigh chuig na cluichí agus tugann sracfhéachaint réasúnta sciobtha tríd an liosta sin le fios gur 61% (47) acu sin a chuaigh trí chóras oideachais na 26 contae, a bhí agus atá in ainm agus beagán éicint Gaeilge a mhúineadh dóibh. Glacaim leis gur acu féin a bhí í a fhoghlaim, ach ní leis an gcuid seo den scéal a bhaineann sin.

Sna sé chontae a rugadh bunáite an 30 iomaitheoir eile, ach tá roinnt acu a rugadh i Sasana – na gleacaithe Kieran Behan agus Ellis O’Reilly cur i gcás. Sna Stáit Aontaithe a saolaíodh Tori Pena (léim chuaille), sa Fhrainc a saolaíodh an rothaí Nicolas Roche agus ba i Victoria na hAstráile a tháinig Shannon McCurley ar an saol. Bhí McCurley ag iomaíocht inné i gcomórtais rothaíochta ar a dtugtar ‘keirin’ – rás 2K ina mbíonn gluaisrothar chun cinn ar na hiomaitheoirí ar feadh cúpla timpeall sula bhfágann sé an stáitse fúthu féin agus iad ag déanamh suas le 70ksu.

Agus ar ndóigh bhí bonn óir sna céaslaí aonair buaite don Laitvia ag Sanita Purspure ag Cluichí Domhanda na Mac léinn sular bhog sí chun na tíre seo in 2006.

Ní hé atá mé ag rá nár cheart cead iomaíochta a bheith ach acu siúd amháin a saolaíodh laistigh de theorainneacha na 32 contae ná tada mar é agus dá mba é féin is é scéala Puspure an ceann ba thúisce a chuirfeadh ina thost mé.

Post a bheith faighte ag a fear céile anseo, rud a bhí ag cinniúint sa mbaile air, a thug chun na tíre an chéad lá riamh iad.

Agus ar aon dath ní ar mhaithe le maoin an tsaoil a shocraíonn na ‘heachtrannaigh’ seo cáilíocht a bhaint amach a fhágann go bhfuil siad i dteideal léinteán glas a tharraingt orthu féin. Níl lúthchleasaí ar domhan nach hé a mhian a bheith ag coimhlint sna Cluichí Oilimpeacha agus murar ar son na tíre inar caitheadh ar an sop iad a dhéanfaidh siad amhlaidh, is beag an tairbhe a bheith á lochtú.

Ní áirím go raibh Éirinn ar cheann de na tíortha ba thúisce a bhain tairbhe as a leithéid de phlean, beartas a bheas luaite go deo le Jack Charlton.

Is dá bharr siúd a ceapadh an téarma ‘An Páidín Plaisteach’, (rud a fhágann is dócha gur ‘Pádraigín Phlaisteach’ í Ellis O’Reilly!), ach tá an nósmhaireacht ag teacht isteach i dtír dhúchais Jack freisin.

Nuair a roghnaíodh Tiffany Porter, a rugadh sna Stáit Aontaithe ach ar Sasanach a máthair, ar fhoireann na Ríochta Aontaithe do chluichí Londan ceithre bliana ó shin, bhí tuairisceoir de chuid na tíre sin chomh corraithe agus gur iarr sé uirthi cúpla ceathrú de ‘God Save the Queen’ a chasadh, mar chruthúnas go raibh sí dáiríre faoin aistriú.

Ceol beirte a bheidh uaidh i mbliana mar go bhfuil deirfiúr di, Cindy Offi, tar éis aithris a dhéanamh uirthi agus beidh an bheirt ag rith sa gcliathrás 100 méadar.

Ba sa tSomáil a rugadh Mo Farah ar ndóigh, ach fearacht Sanita Puspure, ní féidir aon mhéar a shíneadh aigesean mar go bhfuil sé sa mBreatain ó bhí sé ina ghasúr.

Ach leis na blianta tá tíortha saibhre ag mealladh lúthchleasaithe a bhuafadh boinn dóibh ag na Cluichí Oilimpeacha, agus iad á mealladh go hoscailte le airgead.

Ba i Beijing ocht mbliana ó shin a bhuaigh An Bhairéin bonn ag na Cluichí den chéad uair riamh nuair a thug Rashid Ramzi, a rugadh sa Mharacó, an rás 1500m leis, ach níor thúisce ina ghlac aige é ná a baineadh de arís é mar go raibh ábhar faoi chosc i dtástáil a glacadh uaidh. Dosaen lúthchleasaithe a chuir an Bhairéin chuig na cluichí sin agus triúr lena chois go Londain. Tá 35 lúthchleasaí dá gcuid i Rio – ochtar déag fear ar an bhfoireann a bheas ag rith ar an traic.

Fág freagra ar 'RIO 2016: Mo ghraidhin í Gearóidín RnaG ag lorg agallaimh Ghaeilge, ach is measa cás Raidió Bhairéin!'

  • x

    ‘coras oideachais’ a thugann tu air? ta se in am agat an ‘murder machine’ a leamh a mhaicin.