Ranganna Gaeilge do ‘Mhamaí agus Dadaí’ le Conradh na Gaeilge an fómhar seo

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh foghlaimeoirí a spreagadh le freastal ar a gcuid ranganna, beag beann ar a n-aois nó a gcumas

Scoil

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh a mheabhrú don phobal nach iad na daltaí scoile an t-aon dream a bhfuil an deis acu filleadh ar na leabhair an fómhar seo agus dul i mbun foghlama.

Tá an Conradh ag tairiscint ranganna Gaeilge do dhaoine fásta agus é ar intinn acu tuismitheoirí na ndaltaí Gaelscoile agus daoine atá ar scor a mhealladh go háirithe.

Dar leis an gConradh, tugann a ranganna siúd deis ar leith do lucht a bhfreastail na scileanna teanga a thabhairt amach ón seomra ranga agus “a chur chun sochair láithreach ar bhonn sóisialta”.

“Cruthaíonn cúrsaí Chonradh na Gaeilge nasc tábhachtach idir foghlaimeoirí na Gaeilge agus pobal na teanga féin; is aoibhinn leis na custaiméirí s’againn an chaoi ar féidir leis an gConradh gréasán d’imeachtaí sóisialta agus de theagmhálacha Gaeilge a thairiscint dóibh chun tacú lena gcuid foghlama ar bhonn níos leithne ná an seomra ranga amháin,” a dúirt John Ó Liodáin, Feidhmeannach Ilmheán agus Lárphointe Feasachta le Conradh na Gaeilge.

Cloíonn na ranganna le siollabais Theastas Eorpach na Gaeilge, an teastas atá in úsáid ag roinnt eagraíochtaí i bpróisis earcaíochta agus roghnaithe lena chinntiú go mbíonn scileanna cuí ag iarrthóirí.

Ní bhíonn aon iachall ar fhoghlaimeoirí an Chonartha na scrúduithe TEG a dhéanamh ach féadfaidh siad cur isteach ar an scrúdú más mian leo.

Beidh blaisín de na ranganna á chur ar fáil saor in aisce don phobal i mBaile Átha Cliath mar chuid den Oíche Chultúir níos deireanaí an mhí seo, agus cuirfear tús leis an téarma ar an 21 Meán Fómhair.

Beidh costas €180 ar an téarma 10 seachtaine agus rang dhá uair a’ chloig á theagasc lá sa tseachtain. Beidh na ranganna ar siúl i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, i Luimneach, in Iúr Chinn Trá agus áiteanna eile ar fud na tíre, agus iad á múineadh sa tráthnóna.

Fág freagra ar 'Ranganna Gaeilge do ‘Mhamaí agus Dadaí’ le Conradh na Gaeilge an fómhar seo'