Raidió na dTreabh le tosú ag craoladh ar an 2 Bealtaine

Beidh oibrithe de chuid an stáisiúin ag dul timpeall na gcoláistí Gaeilge agus na gcampaí samhraidh i nGaeltacht Chonamara agus súil acu scileanna raidió a mhúineadh do lucht a bhfreastail

radio raidio

Beidh na chéad chláracha ar an stáisiún nua pobail i gcathair na Gaillimhe, Raidió na dTreabh, le cloisteáil ar líne ón 2 Bealtaine. Bhí an chéad chruinniú ag lucht bunaithe an stáisiúin in Áras na nGael i nGaillimh aréir.

Bhí idir mhic léinn, pholaiteoirí, ghníomhairí teanga, an gnáthphobal agus ionadaithe ó eagraíochtaí raidió i láthair.

Is ar líne amháin a bheidh an stáisiún nua ag craoladh ar dtús, go dtí go mbeidh an chaoi acu stiúideo dá gcuid féin a fheistiú agus ceadúnas FM a lorg ó Údarás Craolacháin na hÉireann.

Tá cead faighte ag lucht bainistíochta an stáisiúin an stiúideo atá ag stáisiún Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, FlirtFM, a úsáid i gcaitheamh an tsamhraidh le cláracha a thaifeadadh agus a chraoladh. Ní bhíonn stáisiún na mac léinn ag craoladh ach ar feadh leathlae nuair nach mbíonn ranganna ar siúl san ollscoil.

Tá cuid mhaith den bhunobair déanta cheana féin ag Raidió na dTreabh agus suíomh nua deartha agus “beagnach réidh” agus córas craolacháin ar líne socraithe acu. Táthar anois ag díriú ar oibrithe deonacha a earcú, trealamh raidió a bhailiú agus lucht éisteachta a mhealladh ar na meáin shóisialta.

Tá sé i gceist ag an stáisiún oícheanta tiomsaithe airgid a eagrú sa chathair agus táthar ag cur isteach ar mhaoiniú ó eagraíochtaí teanga agus craoltóireachta ar fud na tíre.

Dúirt Emma Ní Chearúil, bunaitheoir an stáisiúin, go bhfuil sí ag súil le craoltóirí a chur amach láithreach le hábhar a chur le chéile a d’fhéadfaí a chraoladh a luaithe is a bheidh an suíomh nua beo agus gurb é an plean atá aici ná go mbeidh na struchtúir socraithe agus an raidió ag feidhmiú mar stáisiúin idirlín ceart faoin am a thiocfaidh lucht na chéad bhliana ar an gcúrsa cumarsáide in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge go Gaillimh san fhómhar.

Ní ar mhic léinn tríú leibhéal amháin a bheidh Raidió na dTreabh dírithe áfach. Thug Ní Chearúil le fios ag an gcruinniú aréir go mbeidh oibrithe de chuid an stáisiúin ag dul timpeall na gcoláistí Gaeilge agus na gcampaí samhraidh i nGaeltacht Chonamara agus súil acu scileanna raidió a mhúineadh do lucht a bhfreastail.

Nuair a fhillfidh daltaí scoile don scoilbhliain nua i mí Mheán Fómhair, tá sé ar intinn aici lucht na meánscoileanna sa chathair agus sa Ghaeltacht a mhealladh chun an stáisiúin agus le ceardlanna a chur ar fáil dóibh.

Is ar cheadúnas FM a fháil a bheidh an stáisiún dírithe ón gcéad agus mar sin tá socraithe ag an lucht bainistíochta go gcloífear leis na caighdeáin agus leis na coinníollacha a leagtar síos do stáisiúin FM a fhad is a bheidh an stáisiún ag craoladh ar líne.

Ní bheidh á chraoladh ach dhá uair a chloig d’ábhar in aghaidh an lae nuair a thosóidh an craoladh i mí Bhealtaine ach táthar ag súil le cur leis an méid sin de réir a chéile.

Tá Raidió na dTreabh ag lorg oibrithe deonacha faoi láthair le cláracha a léiriú agus a láithriú agus is féidir teagmháil a dhéanamh leis an stáisiún ar Twitter agus Facebook.

Fág freagra ar 'Raidió na dTreabh le tosú ag craoladh ar an 2 Bealtaine'