Raic faoi cheadúnais d’fheirmeacha oisrí conspóideacha i nGaeltacht Dhún na nGall

Ceadaíodh 14 den 18 iarratas ar cheadúnas chun feirmeacha oisrí agus breallach a thógáil sa stráice farraige idir Droim na Tine agus Machaire Rabhartaigh

Raic faoi cheadúnais d’fheirmeacha oisrí conspóideacha i nGaeltacht Dhún na nGall

Tá ceadúnais ceadaithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara do 14 feirm oisrí i mBaile an Easa, i gCloich Cheann Fhaola i nGaeltacht Dhún na nGall.

Tá ráite ag lucht an fheachtais Sábháil Baile an Easa, atá i mbun feachtasaíochta i gcoinne na bhfeirmeacha oisrí ó thús an tsamhraidh seo caite, go bhfuil ‘fearg fhorleathan’ ar an phobal mar gheall ar an chinneadh na ceadúnais a cheadú.

Ceadaíodh 14 den 18 iarratas ar cheadúnas chun feirmeacha oisrí agus breallach a thógáil sa stráice farraige idir Droim na Tine agus Machaire Rabhartaigh.

Deir lucht an fheachtais go gcuirfidh na feirmeacha oisrí isteach go mór ar an timpeallacht, ar chúrsaí turasóireachta agus fostaíochta sa cheantar.

Deir siad chomh maith nár tugadh deis cheart don phobal a dtuairimí a chur in iúl sa phróiseas comhairliúcháin phoiblí a reáchtáil an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara i mí an Mhárta seo caite.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, mhaígh Caitlín Ní Bhroin, urlabhraí ón fheachtas ‘Sábháil Baile an Easa’ go raibh formhór an phobail go mór i gcoinne na bhfeirmeacha oisrí agus nach bhfuair siad amach faoin phróiseas comhairliúcháin phoiblí go dtí go raibh sé thart.

“Is ceantar caomhnaithe é Baile an Easa uilig agus tá cosaint speisialta eile ag dumhcha Mhachaire Rabhartaigh ach déanfar scrios orthu má ligtear do na feirmeacha oisrí seo dul ar aghaidh,” a dúirt sí.

Cheistigh an Teachta Dála de chuid Shinn Féin Pearse Doherty an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Micheal Creed, sa Dáil an tseachtain seo maidir leis na hiarratais ar cheadúnais chun feirmeacha oisrí a thógáil i mBaile an Easa agus faoin phróiseas comhairliúcháin “lochtach” a reáchtáil an roinn.

Dúirt Doherty gur “cúis bhróid” do mhuintir na háite é “áilleacht an cheantair” agus gur cheart tús a chur leis an phróiseas comhairliúcháin arís toisc nach raibh an pobal, é féin ina measc, ar an eolas faoi.

Dúirt sé go raibh “fearg ollmhór ar dhaoine i gceantar Ghort an Choirce, ar an Fhál Carrach agus sa cheantar máguaird mar gheall ar na “feirmeacha móra oisrí” atá beartaithe do Bhaile an Easa.

Léirigh an 700 duine, a dúirt sé, a bhí i láthair ag cruinniú poiblí agus “na mílte duine” a shínigh achainí i gcoinne na bhfeirmeacha oisrí go raibh an pobal i gcoinne na bhfeirmeacha oisrí atá ceadaithe anois do Bhaile an Easa.

I nuachtán an Donegal Democrat, i stáisiúin Gardaí áitiúla agus i Leitir Ceanainn agus ar shuíomh gréasáin na roinne a foilsíodh na fógraí faoin phróiseas comhairliúcháin agus na hiarratais ar cheadúnais.

Mhaígh Pearse Doherty nár reáchtáladh próiseas comhairliúcháin “cuí” agus gur theip ar an Roinn muintir na háite a chur ar an eolas faoi na feirmeacha oisrí atá ceadaithe anois do Bhaile an Easa.

Dúirt sé nach raibh díolachán rómhaith ar an Donegal Democrat i gceantar Chloich Cheann Fhaola agus nach mbíonn an stáisiún Gardaí áitiúil oscailte ach trí huaire sa lá. Dúirt sé freisin go raibh Leitir Ceanainn “chomh fada ar shiúl ó mhuintir Ghort a Choirce is a bhí Bré ó Thithe an Oireachtais”.

D’iarr Doherty ar an Aire Talmhaíochta na hiarratais a chealú mar go raibh “alltacht” ar na mílte daoine sa cheantar go ndéanfaí “áilleacht iontach na háite a scrios”.

Mar fhreagra air sin, dúirt Micheal Creed go ndearnadh an fógra maidir leis an phróiseas comhairliúcháin ar bhealach cuí agus gur cloíodh leis an reachtaíocht maidir le ceadúnais a fhógairt.

Dúirt sé go raibh an stáisiún gardaí i Leitir Ceanainn oscailte ar feadh 24 uair an chloig agus nach raibh aon dualgas dlí ann go mbeadh na fógraí poiblí i nGaeilge d’ainneoin gur ceantar Gaeltachta atá i gceist.

Tá ráite ag an ghrúpa feachtasaíochta Sábháil Baile an Easa go bhfiosrófar “gach bealach is féidir” chun cur i gcoinne na bhfeirmeacha oisrí i mBaile an Easa.

Maíonn lucht an tionscail gur fiú €12 milliún na feirmeacha sliogéisc do gheilleagar Dhún na nGall gach bliain agus go gcruthaíonn siad fostaíocht go háitiúil. Maíonn siad gurb amhlaidh gur chun leas na gceantar a bheadh na feirmeacha nua freisin.

Deir lucht feachtais nach bhfuil siad i gcoinne na feirmeoireachta sliogéisc ach go bhfuil siad i gcoinne na forbartha atá, dar leo, “ar scála rómhór”.

Fág freagra ar 'Raic faoi cheadúnais d’fheirmeacha oisrí conspóideacha i nGaeltacht Dhún na nGall'