Rabhadh oráiste gála eisithe ag Met Éireann agus stoirm Erik ar an mbealach

Luas 65 go 80 ciliméadar san uair atá á thuar leis an ngaoth sin a bheidh ag réabadh an chósta thiar amárach ach d’fhéadfadh cuid de na gustaí a bheith ag déanamh suas le 110 go 130 ciliméadar san uair

Rabhadh oráiste gála eisithe ag Met Éireann agus stoirm Erik ar an mbealach

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

D’eisigh Met Éireann rabhadh stádas oráiste gála ag am lóin inniu do chontaetha na Gaillimhe, Mhaigh Eo agus Dhún na nGall. Beidh an rabhadh sin i bhfeidhm ó bhuailfidh Stoirm Erik cósta thiar na tíre seo ag a 5.00am maidin amárach go dtí a haon a chlog san iarnóin.

Táthar ag tuar fórsa gála nó gála láidir leis an ngaoth aniar aneas a bheidh ag séideadh i rith na hoíche anocht agus beidh fórsa stoirme léi ar an gcósta thiar amárach ó Cheann Léime go Cionn Iorrais agus as sin suas go Cionn Mhálanna.

Luas 65 go 80 ciliméadar san uair atá á thuar leis an ngaoth sin a bheidh ag réabadh an chósta thiar amárach ach d’fhéadfadh cuid de na gustaí a bheith ag déanamh suas le 110 go 130 ciliméadar san uair.

Le cósta rite an Atlantaigh is tréine a bheidh an ghaoth, áit a bhféadfadh sí a bheith níos láidre ná sin. Beidh baol mór tuilte le cósta de bharr farraigí arda. Gála a thugtar ar ghaoth a bhíonn ag séideadh níos tréine ná 63 ciliméadar san uair agus stoirm nuair a bhailíonn sí 89 ciliméadar san uair.

Tá rabhadh buí eisithe don chuid eile den tír óna 5.00 maidin amárach go maidin Dé Sathairn.

Tá báisteach throm á gealladh tráthnóna inniu ach múraíl a bheidh againn amárach agus an teocht idir a sé agus deich gcéim Celsius.

Tá iarrtha ag an Údarás um Shábháilteacht ar bhóithre ar thiománaithe ar bheith airdeallach ar an mbóthar agus a bheith faoi réir don timpiste – crann á leagan, rothaí á shéideadh i do bhealach nó gustaí tréana ag séideadh cairr trasna an bhóthair.

Lagfaidh an ghaoth tar éis lóin amárach agus beidh corrscaitheamh gréine againn idir na múrtha.

Fág freagra ar 'Rabhadh oráiste gála eisithe ag Met Éireann agus stoirm Erik ar an mbealach'