ÍOSLÓDÁIL: Póstaer in ómós do Mháirtín Ó Cadhain…

Agus dealbh de Mháirtín Ó Cadhain á nochtadh ina bhaile dúchais, An Spidéal, amárach cuirtear ar fáil anseo póstaer cuimhneacháin le cuid dá ghaois...

Agus dealbh de Mháirtín Ó Cadhain á nochtadh ina bhaile dúchais, An Spidéal, amárach cuimhnímid ar chuid dá ghaois…

Gaois na Chadhnaigh…

Ní mhairfidh an Ghaeilge gan an Ghaeltacht ach ní mhairfidh an Ghaeltacht ach oiread gan an Ghaeilge ar fud na hÉireann.

Maireann an dóchas fós mar go maireann an Ghaeltacht – más ar éigean féin é.

Go dtí go mbeidh chuile phost poiblí sa tír le fáil gan Béarla, ní bheidh cothrom faighte ag Gaeilgeoirí…

Ní le cantalóirí ná le hollúna ná leis an nGaeltacht an Ghaeilge. Is leis an gcine í.

 

Sí an Ghaeilge athghabháil na hÉireann, agus sí athghabháil na hÉireann slánú na Gaeilge.

An uirnis liteartha is fearr a fuair mé ó mo mhuintir an chaint, caint thíriúil, caint chréúil, caint chraicneach a thosaíos ag damhsa orm scaití, ag gol orm scaití, de mo bhuíochas.

Tá dhá mhíle bliain den chráin bhréan sin arb í Éire í, ag dul timpeall i mo chluasa, i mo bhéal, i mo shúile, i mo cheann, i mo bhrionglóidí.

Ba é an baile fearainn ba mhúnla don traidisiúntacht, don chomharsanúlacht, do chomhar agus do mheitheal, d’obair trá agus portaigh, d’áthas agus do bhás.

Thosaigh Cois Fharraige ó bhreaclach go carraig mhaol, go caoláire go sruthán, go loch go sliabh, go haghaidh fir, mná agus linbh, dhá chruthú féin thiar ar chúl m’fhoraí dúinte.

Is mór an rud ag scríbhneoir aitheantas. É seo a chloisteáil ag dul thart dhom i bPáirc an Chrócaigh lá mórchluiche: ‘there goes Cré na Cille’.

Gach uair a bhfeiceann Aire Rialtais duine acu [feidhmeannaigh na Gaeilge] ina chóiriú cath, líonann a chroí lán de dhóchas agus de mheanmna, déarfaidh sé go bhfuil chuile shórt i saol na Gaeilge ar fheabhas agus codlóidh sé eadra eile ar an gcneá sin. 

Cuid den chrann smola atá ar an nGaeilge go bhfuil chuile shórt dá mbaineann léi snaidhmthe le scolaíocht. 

B’ionann na boicht agus lucht na Gaeilge. Bhí an fuath aicmeach seo gríosta ionam i bhfad sular léigh mé an chéad fhocal den Chonaolach ná de Das Kapital.

Go dtí go mbeidh chuile phost poiblí sa tír le fáil gan Béarla, ní bheidh cothrom faighte ag Gaeilgeoirí…

Caithfear an pholaitíocht bhrocach atá ag iarraidh chuile rud a chlaon chun na Ceathrúin Rua a chur ó rath.

Glacadh chomh dona le Cré na Cille nach bhfuil ach diomalú ama domsa a bheith ag gabháil don scríbhneoireacht. Dúirt gach léirmheas nach raibh mé in ann scríobh.

Ó bhó go deo nach ann a bheas an grammar.

B’éigean dom teanga nua a fhoghlaim ar scoil. Deireadh na múinteoirí gur Gaeilge gan ghraiméar a bhí agam.

Níl modh is fearr lena n-iontú ina mBéarlóirí ná an Ghaeilge atá ann a dhíreoiliú.

An Ghaeilge amháin an t-aon gheis a bhraithim orm féin mar Éireannach leis na blianta.

Fág freagra ar 'ÍOSLÓDÁIL: Póstaer in ómós do Mháirtín Ó Cadhain…'