Polasaí teanga scoileanna Gaeltachta le plé ag ceardlann ÚnaG

An chéad cheann de shraith ceardlanna do na heagraíochtaí a bheidh ag plé leis an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Pic: Seán Ó Mainnín

Beidh polasaí teanga i scoileanna Gaeltachta i measc na n-ábhar a phléfear ag ceardlann faoin bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht, átá á reachtáil ag Údarás na Gaeltachta i mBaile Chláir na Gaillimhe inniu.

Seo an chéad cheann de shraith ceardlanna do na heagraíochtaí a bheidh ag plé leis an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Trí cinn de cheanneagraíochtaí atá roghnaithe go dtí seo chun cúram a dhéanamh don phleanáil teanga sa Ghaeltacht, sin iad Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair Teo., Fóram Chois Fharraige um Phleanáil Teanga agus Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo.

Díreoidh an cheardlann inniu ar róil agus clár oibre na gceanneagraíochtaí sa phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Déanfar plé chomh maith ar na chéad chéimeanna in ullmhú plean teanga agus ar ról an phobail, an Údaráis féin agus na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta sa phróiseas pleanála teanga.

I láthair chomh maith ag an gceardlann seo, beidh baill as na heagraíochtaí pobail eile a bhfuil plé ar siúl leo faoi láthair faoi bheith mar cheanneagraíocht sna sé Limistéir Pleanála Teanga (LPT) a fógraíodh le gairid.