Pobal ‘uirbeach’ is mó atá sa tír anois? Cleas leis an status quo a chosaint…

Trí namhaid mhóra atá ag na ceantair tuaithe le fírinne: lárú cumhachta, príobháidiú agus an tAontas Eorpach

Pobal ‘uirbeach’ is mó atá sa tír anois? Cleas leis an status quo a chosaint…

Bhí cruinniú poiblí ag Sinn Féin ar an Teach Dóite, Conamara, le déanaí. Ba é an Comhairleoir Contae Tom Healy a bhí ina Chathaoirleach agus ba iad an Feisire Eorpach Matt Carthy agus an Comhairleoir Cathrach Mairéad Farrell na príomhchainteoirí.

Is í Mairéad, ar ndóigh, a bheas ina hiarrthóir ag Sinn Féin i nGaillimh Thiar sa gcéad olltoghchán eile

Bhí os cionn caoga duine i láthair.

Mhínigh na cainteoirí an polasaí atá ag Sinn Féin leis na ceantair thuaithe a chur chun cinn, go mór mór san iarthar. Tá cáipéis foilsithe acu dar teideal Margadh Nua Don Iarthar.

Tá moltaí maithe sa gcáipéis sin agus is fiú iad a scrúdú ach sílim, mar sin féin, go gcaithfidh an páirtí a dhul níos doimhne sna cúiseanna atá le bánú na tuaithe.

Tuigeann an Feisire Carthy go bhfuil na ceantair thuaithe faoi thréanionsaí. Má tá ní leor a bheith a rá go ndearna rialtais éagsúla faillí orainn leis na blianta agus go bhfuil sé thar am againn éirí as a bheith ag cur bobaidí de Theachtaí Dála go Dáil Éireann. Bobarúin i gcomórtas leis na Teachtaí cumasacha atá ag Sinn Féin sa Dáil is dóigh!

Tá an scéal níos casta ná sin. Caithfear a dhul go bun an údair.

Ní mór, ar an gcéad dul síos, sainmhíniú a fháil ar an leagan cainte ‘pobal tuaithe’. Is breá leis na tráchtairí móra, nach bhfuil aon ghean acu orainn, a bheith ag pápaireacht gur pobal uirbeach is mó atá sa tír anois.

Cleas é sin leis an status quo a chosaint.

Ar bhealach eile ar fad a chonaic an Coimisiún rialtais é a raibh Pat Spillane ina chathaoirleach air, coimisiún a cuireadh ar bun d’aon ghnó le géarchéim na tuaithe a scrúdú.

Pobal tuaithe acusan an dream go léir atá ina gcónaí taobh amuigh de na príomhchathracha.

Má thógann muid Baile Átha Cliath, Gaillimh, Luimneach, Corcaigh agus Port Láirge níl an tríú cuid féin de dhaonra na Poblachta iontu.

Cinnte tá bailte taobh amuigh de na cathracha ach is bailte tuaithe iad atá ag brath ar fad beagnach ar na daoine atá ina gcónaí timpeall orthu.

Trí namhaid mhóra atá ag na ceantair thuaithe le fírinne: lárú cumhachta, príobháidiú agus Aontas na hEorpa.

Is againn atá an córas rialaithe is láraithe an taobh seo den Chóiré Thuaidh.

Mugadh magadh ceart críochnaithe atá sa gcóras rialtais áitiúil atá againn.

Nach agam atá a fhios? Chaith má dhá théarma i m’ionadaí tofa ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus trí thréimhse ar Údarás na Gaeltachta.

Cur amú ama a bhí i gcuid mhór dár saothar cheal cumhachta agus airgid.

Roinnt blianta ó shin d’fhógair Charlie McCreevy go raibh dílárú le déanamh. Chuir státseirbhísigh ina aghaidh go nimhe neanta.

Níor theastaigh uathusan bogadh síos faoin tír as Baile Átha Cliath.

Ar ndóigh ní aistriú státseirbhíseach a chuirfeadh rath orainn ach dílárú cumhachta agus airgid. Tá an fhoireann againn féin agus d’fhéadfaí cur leo.

An dara rud mór atá ag goilliúint orainn príobháidiú. Caithfear chuile bheart fiúntach atá le déanamh a fhágáil faoin Dia uilechumhachtach, an Margadh.

Blianta ó shin chuir an stát leictreachas ó cheann ceann na tuaithe. Ní raibh deiseanna oibre chomh maith an uair sin agus atá anois.

Bhí sé i gceist ag na fir cuaillí leictreachais a iompar in aghaidh an chnoic ar a nguaillí anseo i gCill Chiaráin go dtí gur tháinig saoiste an bealach a dúirt leo capall a fháil lena dtarraingt.

Inniu níl muid in ann an leathanbhanda a chur ar fáil sna ceantair seo.

Scaoil an Stát uathu ceannas ar an obair sin. Ag brath ar bhilliúnaí eachtrannach eicínt atá muid anois.

Ansin tá Aontas na hEorpa ina bhadhbh badhbh os ár gcionn.

Tá scrios déanta ag rialacha an Aontais ar Chonamara gan a dhul thairis.

Scrios siad tionscal na hiascaireachta orainn. Mura gcreideann tú sin téigh go calafort Ros an Mhíl. 

Maidir le tionscail a mhealladh, is é treoir Aontas na hEorpa nach ceadmhach don Stát níos mó cúnaimh a thabhairt do thionscal i gCill Chiaráin, mar shampla, ná mar a thabharfaí do thionscal a bheadh lonnaithe le hais aerfort Bhaile Átha Cliath.

Mar bharr ar an mí-ádh, ní cheadóidh a gcuid rialacha timpeallachta bóthar maith amháin féin trí Chonamara.

D’aontaigh an Feisire Carthy leis an gcuid is mó den anailís atá déanta anseo agam, agus a rinne mé , chomh maith agus a d’fhéadfainn, taobh istigh den am teoranta a bhí ar fáil, oíche an chruinnithe.

Ní fear é Carthy féin atá i ngrá amach is amach le Aontas na hEorpa ach mheabhraigh sé gur minic a chuireann rialtas Bhaile Átha Cliath milleán ar rialacha an Aontais nuair is iad féin a bhíonn ag tarraingt na gcos dháiríre.

Thug sé samplaí gléineacha le sin a chruthú.

Ghlac cuid eile den lucht éisteachta páirt sa díospóireacht nuair a bhí a gcuid cainte déanta ag an bhFeisire Carthy agus ag an gComhairleoir Farrell.

Labhair fear amháin go tuisceanach faoi theach aíochta atá aige i dTulach Uí Chadhain in aice le Maigh Cuilinn.

Caithfidh sé é a dhúnadh a dúirt sé, de bharr easpa córas ceart Wi-Fi.

Iar-Gharda Síochána é.

Nach mór an t-athrú ar an saol a leithéid d’fhear a bheith ag cur a scéil os comhair cruinnithe de chuid Shinn Féin!

Fág freagra ar 'Pobal ‘uirbeach’ is mó atá sa tír anois? Cleas leis an status quo a chosaint…'

  • Léitheoir

    ‘Má thógann muid Baile Átha Cliath, Gaillimh, Luimneach, Corcaigh agus Port Láirge níl an tríú cuid féin de dhaonra na Poblachta iontu. Cinnte tá bailte taobh amuigh de na cathracha ach is bailte tuaithe iad atá ag brath ar fad beagnach ar na daoine atá ina gcónaí timpeall orthu.’

    ‘Bailte tuaithe’!? Is bruachbhaile iad; an bhfuil a fhios agat cad is ‘bruachbhaile’ ann? Ceantar uirbeach is ea é.

    Tá na figiúirí a foilsíodh sa Daonáireamh is déanaí soiléir go leor: Sa bhliain 2016, bhí 4,761,865 ina gcónaí sa tír seo, 2,985,781 díobh ina gcónaí i gceantair uirbeacha agus 1,776,084 díobh ina gcónaí faoin tuaithe. Is é sin le rá go raibh beagnach dhá thrian de dhaonra na tíre (nó 62.7%) ina gcónaí i gceantair uirbeacha.

    Pobal ‘uirbeach’ is mó atá sa tír anois? Pobal ‘uirbeach’ is mó atá sa tír anois. QED.

  • Seosamh Ó Cuaig

    Cé mhéad duine ina gcónaí sna chúig chathair Baile Atha Cliath, Gaillimh, Luimneach, Corcaigh agus Port Láirge?

  • leitheoir

    ‘scrios siad tionscal na hiascaireachta orainn’……..fior dhuit a dhuine, scrios Jack Lynch agus Fianna Fail ‘Poblachtach’ e. Thug Jack scata d’acmhainni na tire uaidh gan faic, geall leis do, faoi da mba leis feinig iad. Nar bhronn Shell turas soculach samh in aisce timpeall an domhain air fein agus ar Mhairin as a raibh deanta aige. Rinneadh robach ar an iascach mar mhaithe leis na rainseirithe mora lair tire. Rinne siad sin an-bhuilin ar an Eoraip agus deanann i gconai. Tugadh an t-iascach ar laimh do na Spainnearaigh srl agus fiafraifh d’aon iascaire feadh chosta thiar na hEireann ce leis a thaobhaionn baid an Chabhlaigh seo againne amuigh ar an bhformna. Nach bhfuil scannan deanta ‘Atlantic’ ina chruthunas sin uile. Alt an-mhaith e sin ag Seoasamh agus corplar na firinne seirbhe aige. Nar shearbhai Dia e…na sinn fein!

  • Tomas

    Táim ar an iargúl amuigh anseo sa Tíolainn agus an teachtaireacht seo á seoladh agam chuig Tuairisc.ie. Córas leathanbhanda sách mall ach feidhmiúil san áit ina bhfuilim. Tugtar tír neamhfhorbartha nó tír atá ‘i mbéal forbartha’ uirthi seo ach tá teacht ag chaon deoraí beo ar an idirlín… cuma cá bhfuil sé. Tá gealadh faoin eacnamaíocht dá bharr agus cuid bhunúsach de ghnótha beaga is móra faoin tuath is ea é. 67 milliún daonra na tíre seo. Níl an 4 mhilliún féin in Éirinn ach ní féidir leathanbhanda a sholáthar dóibh. Bhfuil riar a cháis féin ag Paidí in ainneoin a mbíonn de bhuaileam sciath is de ghlamaíl aige? Nó an ‘centre of paralysis’ de shíor í, mar a mhaígh an Seoigheach?

  • leitheoir

    sin siombal de phobal na hEireann i lar an bhothair sa phictiur an ea?