Plúr na n-imreoirí agus na bhfoirne ag féile mhór an rugbaí

Tá neart cluichí móra ar siúl an chéad deireadh seachtaine de Chorn Rugbaí an Domhain

Plúr na n-imreoirí agus na bhfoirne ag féile mhór an rugbaí

Cuirfear tús le Corn Rugbaí an Domhain 2019 sa tSeapáin ar maidin nuair a thabharfaidh an fhoireann bhaile agus an Rúis aghaidh ar a chéile i dTóiceo. Is í seo an chéad uair a imreofar Corn an Domhain san Áise agus  i dtír eile seachas tíortha traidisiúnta an rugbaí.

Is é cluiche na maidine inniu an chéad cheann de 48 cluiche a imreofar sa chomórtas a beidh ar siúl go dtí an 2 Samhain.

Idir seo agus sin, feicfear plúr na n-imreoirí idirnáisiúnta i mbun a gceirde agus iad sa tóir ar Chorn Webb Ellis. Fágfar slán le himreoirí agus le cóitseálaithe iomráiteacha – tá Joe Schmidt (Éire), Warren Gatland (An Bhreatain Bheag) agus Steve Hansen (An Nua-Shéalainn) uile ag éirí as a gcúram i ndiaidh an chomórtais – ach tiocfaidh laochra nua chun cinn chomh maith.

Beidh leithéidí Richie Mo’unga agus Ardie Savea na Nua-Shéalainne, Cheslin Kolbe (An Afraic Theas), Joe Cokanasiga (Sasana) agus beirt na Fraince, Damian Penaud agus Antoine Dupont, ag iarraidh rian a fhágáil ar an gcomórtas as seo go ceann sé seachtaine.

Fear óg eile a bheidh ag iarraidh clú domhanda a bhaint amach ná James Ryan na hÉireann agus cuirfidh Ryan agus a chomhghleacaithe tús lena bhfeachtas Dé Domhnaigh nuair a chasfaidh siad ar Albain i gceann de na cluichí is tábhachtaí i nGrúpa A. Is iad seo an dá fhoireann is láidre sa ghrúpa ach beidh an tSeapáin, atá sa ghrúpa céanna linn, réidh chun buntáiste a bhaint as aon bhotún a dhéanfaidh na hÉireannaigh nó na hAlbanaigh.

Beidh cluichí na hÉireann uile le feiceáil ar RTÉ agus tá gach cluiche sa chomórtas le craoladh beo ar Eir Sport. Tá an tSeapáin ocht n-uaire an chloig chun tosaigh ar an tír seo agus beidh ar dhaoine éirí go breá moch ar maidin do chuid de na cluichí.

Is ag 8.45am atá an chéad chluiche sin ag Éirinn i gcoinne na hAlban. Beidh an dara cluiche acu, i gcoinne na Seapáine seachtain ó amárach, ar siúl níos luaithe fós ag 8.15am. Beidh na cluichí eile ag Éirinn i nGrúpa A, i gcoinne na Rúise ar an 3 Deireadh Fómhair agus i gcoinne Shamó ar an 12 Deireadh Fómhair ar siúl níos déanaí sa lá, 11.15am agus 11.45am.

Chomh maith le cluiche na hÉireann i gcoinne na hAlban, tá roinnt cluichí tábhachtacha eile ar siúl an deireadh seachtaine seo.

Amárach, tabharfaidh an Fhrainc agus an Airgintín aghaidh ar a chéile i gcluiche cinniúnach i nGrúpa C. Meastar go dtiocfaidh Sasana slán as an ngrúpa céanna agus gur idir na Francaigh agus na hAirgintínigh a bheidh an dara háit sna babhtaí ceathrú ceannais.

Tá cluiche idir na boic mhóra ann níos deireanaí Dé Sathairn agus an Nua-Shéalainn agus an Afraic Theas ag dul chun páirce i gcoinne a chéile i nGrúpa B. Beidh foireann na hÉireann ag coinneáil súil ghéar ar an gcoimhlint seo ós rud é go mbeidh na foirne a chríochnaíonn sa chéad dá áit i nGrúpa A agus foirne ar bharr Grúpa B ag imirt i gcoinne a chéile sna babhtaí ceathrú ceannais.

Mar is iondúil le Corn Rugbaí an Domhain, is iad na foirne céanna a mheastar deis a bheith acu an comórtas a bhuachan.

Is iad na Nua-Shéalannaigh máistrí an spóirt fós. Thug siad leo Corn Webb Ellis in 2011 agus arís in 2015 agus is iadsan rogha láidir na coitiantachta ag na geallghlacadóirí i láthair na huaire.

Tá an-seans á tabhairt don Afraic Theas chomh maith. Bhuaigh siad an comórtas do na foirne móra sa leathsféar theas, an Chraobh Rugbaí, i rith an tsamhraidh agus tá moladh faighte ag foireann Rassie Erasmus ó chuid mhaith den lucht anailíse roimh thús an chomórtais.

Níl an oiread measa ar fhoireann Shasana agus a bhí b’fhéidir dhá bhliain ó shin, ach ceaptar fós gurb iad an fhoireann is láidre ón leathsféar thuaidh atá ag glacadh páirt sa chomórtas.

Bhí an-seans á thabhairt d’Éirinn anuraidh tar éis dóibh an ‘Grand Slam’ a bhuachan agus na Nua-Shéalannaigh a chloí in 2018 ach ní raibh ach bliain mheasartha ag foireann Joe Schmidt go dtí seo in 2019.

Tá beagáinín feabhais tagtha ar chúrsaí le cúpla cluiche anuas agus an ceann is fearr faighte againn ar an mBreatain Bheag. Tubaiste cheart a bheadh ann dá gclisfeadh ar Éirinn teacht slán ó Ghrúpa A. Is ina dhiaidh sin a bheidh na boic mhóra ag fanacht linn.

Fág freagra ar 'Plúr na n-imreoirí agus na bhfoirne ag féile mhór an rugbaí'