Plean nua seolta le milliún cainteoir Breatnaise a bhaint amach faoin mbliain 2050

Baineann formhór na mbeart sa cháipéis le cúrsaí oideachais, 150 naíonra lánBhreatnaise a bhunú as seo go ceann deich mbliana le páistí a ullmhú don chóras oideachais lánBhreatnaise ina measc

Plean nua seolta le milliún cainteoir Breatnaise a bhaint amach faoin mbliain 2050

Tá plean cuimsitheach foilsithe ag rialtas na Breataine Bige maidir le sprioc an rialtais milliún cainteoir Breatnaise a bheith ann faoin mbliain 2050. Sheol Céad-Aire na Breataine Bige Carwyn Jones agus an tAire Breatnaise Alun Davies Cymraeg 2050, cáipéis ina leagtar amach deich mbeart atá curtha rompu ag an rialtas leis an sprioc uaillmhianach sin a bhaint amach.

Baineann formhór na mbeart sa cháipéis le cúrsaí oideachais, 150 naíonra lánBhreatnaise a bhunú as seo go ceann deich mbliana le páistí a ullmhú don chóras oideachais lánBhreatnaise ina measc.

Táthar ag súil freisin go dtiocfaidh ardú ar líon na bpáistí a chuirtear tríd an gcóras oideachais lánBhreatnaise ó 22% i mbliana go 40% de pháistí uile na tíre faoin mbliain 2050, agus tá athchóiriú le déanamh ar mhodh múinte na teanga idir an dá linn sa chaoi is go mbeidh ar a laghad 70% de na páistí sin in ann an Bhreatnais a labhairt go líofa faoin am a fhágfaidh siad an scoil.

Chuige sin, tá beartaithe ag an rialtas líon na múinteoirí bunscoile atá in ann ábhair éagsúla a mhúineadh trí mheán na Breatnaise a mhéadú ó 2,900 go 5,200 faoin mbliain 2050, agus líon na múinteoirí meánscoile a bheidh inniúil ar an teanga féin a mhúineadh a ardú go 1,200 faoin mbliain chéanna.

Sna blianta amach romhainn chomh maith, tá sé beartaithe athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht a thugann tacaíocht don Bhreatnais sa Bhreatain Bheag lena neartú agus leis an teanga a chur chun cinn ar bhealaí nua.

Díreofar go mór ar an teicneolaíocht agus ar an mBreatnais mar mhodh cumarsáide sa ré dhigiteach atá anois againn agus déanfar bearta a fhorbairt a chinnteoidh go mbeidh an teanga feiceálach agus in úsáid ar an idirlíon trí chéile, agus ar na hardáin nua a thiocfaidh chun cinn as seo go ceann 30 bliain.

Agus an plean á sheoladh ag na hAirí Jones agus Davies, dúirt siad beirt gur “seoid de chuid na Breataine Bige” a bhí sa teanga atá mar “dhlúthchuid” d’fhéiniúlacht náisiúnta na tíre.

Tháinig titim ar líon na gcainteoirí Breatnaise sa daonáireamh deiridh a rinneadh— anuas ó 582,000 in 2001 go 562,000 in 2011. Spreag an titim sin rialtas na tíre chun gnímh le dul i ngleic le ceist na teanga.

“Caithfear rudaí a athrú. Caithfimid muid féin a mhúscailt arís, agus cur chuige córasach a chur i bhfeidhm maidir le pleanáil, agus an comhoibriú a fheabhsú lena chinntiú go mairfidh an teanga do na glúine a thiocfaidh inár ndiaidh.

“Tuigimid go maith gurb í an fhreagracht atá orainne mar rialtas treoir agus ceannasaíocht a léiriú san obair seo. Tá an toil agus an tiomantas ag an rialtas an obair sin a dhéanamh, ach tá sé ríthábhachtach freisin go nglacfaimid uilig, mar náisiún, leis an dúshlán,” a dúirt Davies.

Dúirt sé nach féidir leis an rialtas iallach a chur ar thuismitheoirí Breatnais a labhairt lena ngasúir, ná iallach a chur ar na gasúir an Bhreatnais a labhairt lena gcairde, ná ar dhuine ar bith eile sa Bhreatain Bheag, ach mhaígh go bhfuil an dualgas ar an rialtas an timpeallacht a chruthú ina bhféadfadh tuismitheoir, páiste, nó duine ar bith eile an Bhreatnais a labhairt ar a gcompord. Is ar an gcaoi sin, a mhaígh sé, a chuirfear le líon na gcainteoirí Breatnaise sa tír.

In ainneoin teachtaireacht láidir an rialtais, tá amhras ar roinnt eagraíochtaí teanga faoin bplean nua. Dúirt Heini Gruffudd, cathaoirleach na heagraíochta Dyfodol i’r Iaith (Todhchaí na Teanga), go bhfuil spriocanna mar seo leagtha amach ag rialtais eile san am atá caite agus nár baineadh na spriocanna sin amach.

“Caithfidh an rialtas a léiriú go gcinnteoidh sé go dtabharfar an tacaíocht chuí agus an maoiniú cuí do na húdaráis áitiúla, go háirithe in oirthear agus i ndeisceart na tíre, leis na spriocanna uaillmhianacha seo a bhaint amach.

“Tá comhairlí in áiteanna áirithe, Gwynedd agus áiteanna eile in iarthar na tíre, tar éis tús áite a thabhairt don oideachas lánBhreatnaise. Caithfidh an rialtas a chur ina luí ar na húdaráis in gceantair eile gur cheart dóibh déanamh amhlaidh sna 30 bliain ata amach romhainn. Mura ndéanfar é sin, teipfear ar an straitéis,” a dúirt Gruffudd.

Fág freagra ar 'Plean nua seolta le milliún cainteoir Breatnaise a bhaint amach faoin mbliain 2050'

  • Mánus

    An dua ar fad caite ar bhunBhreatnais a mhúineadh dos na Béarlóirí sna scoileanna Breatnaise.