Cóitseálaithe teanga, moil seirbhísí Gaeilge, seirbhís lárnach aistriúcháin, forbairtí AI, feachtais feasachta náisiúnta agus gradaim d’fhoghlaimeoirí – sin cuid den bhreis is 100 beartas atá luaite i bplean gnímh nua an rialtais chun feabhas a chur ar sheirbhísí Gaeilge.
Inniu a d’fhoilsigh an Rialtas an Plean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2026-2028, ina ndéantar cur síos ar conas a bhainfear amach a bpríomhspriocanna i dtaobh seirbhísí stáit a chur ar fáil i nGaeilge don phobal.
Deir an Rialtas gur “céim thábhachtach chun cinn i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach” atá sa phlean.
Leagtar amach sa phlean, ar ghlac an Rialtas leis inniu, beartais éagsúla maidir leis an sprioc reachtúil gur cainteoirí líofa Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh chuig an tseirbhís phoiblí faoi 2030.
De réir an phlean nua, beidh ar chomhlachtaí poiblí eolas a thabhairt gach bliain ina dtuarascálacha bliantúla faoi líon na nGaeilgeoirí a d’earcaigh siad an bhliain sin.
Tá beartais sa phlean gníomhaíochta dhá bhliain chomh maith i dtaca leis an sprioc go mbeadh gach seirbhís phoiblí ar fáil i nGaeilge do mhuintir na Gaeltachta agus go mbeadh gach oifig phoiblí sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge.
Níl sé ráite sa Phlean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2026-2028 cén uair go mbeidh na seirbhísí sin ar fáil sa Ghaeltacht.
De réir na reachtaíochta teanga, bhí Aire na Gaeltachta le dátaí a leagan síos ag tús 2025 maidir le cén uair a thabharfaí feidhm do na dualgais teanga ar chomhlachtaí poiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht, ach níor cloíodh leis an sprioc sin.
Is é atá sa Phlean Gníomhaíochta do 2026-2028 a seoladh inniu ná liosta na mbeartas a dhéanfar as seo go ceann dhá bhliain chun an Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030 a chur i bhfeidhm. ‘
Déanfar athbhreithniú ar conas mar atá ag éirí leis an bplean gníomhaíochta i dtús 2028 agus tabharfar plean isteach do na blianta 2028-2030 ina dhiaidh sin.
‘2026 ar aghaidh’ an sprioc is coitianta atá luaite le beartais an phlean gníomhaíochta.
Mórsprioc eile atá sa phlean ná go mbeidh aon seirbhís phoiblí a chuireann comhlacht poiblí ar fáil trí Ghaeilge “ar comhchéim ar a laghad” leis an tseirbhís chéanna i mBéarla. Trí chóras nua na gcaighdeán teanga, atá le teacht in áit chóras na scéimeanna teanga, a bhainfear é sin amach, a deirtear.
Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, a leasaíodh ag deireadh 2021, rinneadh aisghairm ar an reachtaíocht a thug feidhm do na scéimeanna teanga agus bhí córas nua bunaithe ar chaighdeáin le teacht i bhfeidhm ina n-áit roimh dheireadh 2024 ar a dhéanaí. Táthar fós ag fanacht ar fhoilsiú na ndreáchtchaighdeáin teanga.
Gealltar sa phlean gníomhaíochta nua go ndéanfar staidéir féidearthachta maidir le bunú mol seirbhísí ina gcuirfear seirbhísí lárnacha ar fáil trí Ghaeilge do phobal na Gaeltachta agus do lucht labhartha na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht.
Déanfar staidéir féidearthachta eile
faoi aonaid seirbhísí poiblí a bhíonn ag feidhmiú trí Ghaeilge a lonnú go buan sa Ghaeltacht. Staidéar féidearthachta a shocróidh chomh maith an mbunófar Seirbhís Chomhroinnte Aistriúcháin nua don earnáil phoiblí.
Ar na gealltanais is soiléire sa phlean gníomhaíochta deirtear go réiteofar na deacrachtaí a bhaineann le húsáid seoltaí i nGaeilge i gcóras Eircode.
Gealltar sa phlean freisin go gcuirfear tacaíocht, oiliúint agus acmhainní ar fáil d’Oifigigh na dTeangacha Oifigiúla, na hoifigigh atá le ceapadh i gcomhlachtaí poiblí chun plé lena ndualgais teanga.
Deirtear go dtacófar le comhlachtaí poiblí cur chuige gníomhach i leith seirbhísí Gaeilge a fhorbairt, is é sin go ndéanfaí seirbhísí Gaeilge a thairiscint do dhaoine sula mbíonn orthu iad a lorg.
Tá scata beartas a bhaineann le cúrsaí teicneolaíochta luaite sa phlean, ina measc go ndéanfar an Ghaeilge “a leabú” i bhforbairtí san intleacht shaorga.
Ó thaobh na hearcaíochta de, luaitear “réimse de bhearta éagsúla” a úsáidfidh comhlachtaí poiblí chun “daoine atá inniúil sa Ghaeilge a earcú go réamhghníomhach agus go háitiúil, go háirithe sna Gaeltachtaí”.
Déanfar staidéar féidearthachta maidir le tréimhsí cónaithe sa Ghaeltacht a bheith mar chuid de chúrsaí oiliúna Gaeilge.
Déanfar gach comórtas earcaíochta a fhógairt go dátheangach nó i nGaeilge amháin agus i gcás aon phost a bhfuil riachtanas Gaeilge luaite leis, déanfar na cáipéisí go léir a bhaineann leis a chur ar fáil go dátheangach nó i nGaeilge amháin.
Deirtear go ndéanfaidh comhlachtaí poiblí cúrsaí oiliúna Gaeilge a thairiscint “go réamhghníomhach” dá gcuid fostaithe agus go bhfaighfear réidh “le haon bhacainní a chuirfeadh as do dhaoine freastal ar na cúrsaí sin”.
Eagrófar, a deirtear, searmanas bliantúil gradam d’fhostaithe san earnáil phoiblí a chuirfidh lena n-inniúlacht sa teanga.
Luaitear cúpla ról nua ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge i gcomhlachtaí poiblí. Deirtear go leagfar síos sna caighdeáin teanga go mbeidh ball foirne amháin ar a laghad ag obair mar “chóitseálaí Gaeilge” a thacóidh le daoine a mbíonn baint ag a gcuid oibre leis an nGaeilge agus le fostaithe a bheidh ag foghlaim na teanga.
Ceapfar chomh maith, ar bhonn deonach, ‘Seaimpíní Teanga’ chun úsáid agus foghlaim na Gaeilge san ionad oibre a chur chun cinn i measc na foirne.
Gealltar go n-eagrófar feachtais náisiúnta agus áitiúla “ar mhórscála” a tharraingeoidh aird ar dheiseanna fostaíochta Gaeilge san earnáil phoiblí. Seolfar an chéad fheachtas díobh i bhfómhar na bliana seo.
Tá sé i gceist chomh maith “córas aitheantais” a fhorbairt do bhaill foirne a bhfuil Gaeilge agus bealaí éagsúla luaite a chuirfeadh in iúl go bhfuil Gaeilge ag duine – “siombailí, lipéid. suaitheantais, bróidnéireacht, sínithe ríomhphoist srl…”
Chuir Aire na Gaeltachta, Dara Calleary, fáilte roimh fhoilsiú an phhlean gníomhaíochta.
“Is mór an onóir dom é, mar an chéad Aire sinsearach le cúram don Ghaeilge agus don Ghaeltacht le roinnt blianta anuas, an Plean Gníomhaíochta seo a fhoilsiú inniu.
“Ag am nach raibh leibhéal báúlachta agus dearfachta i leith na teanga riamh chomh hard, leagann an plean uaillmhianach seo amach céimeanna soiléire agus intomhaiste tras-Rialtais a bheidh le glacadh sna blianta amach romhainn chun seirbhís phoiblí dhátheangach, agus go deimhin sochaí dhátheangach, iomlán a bhaint amach, i gcomhréir le gealltanais Chlár an Rialtais.”
Fág freagra ar 'Plean gníomhaíochta chun cur le seirbhísí i nGaeilge ón stát foilsithe ag an Rialtas'