Plé sa Dáil faoi mhaoiniú Roinn na Gaeltachta do OÉ, Gaillimh i bhfianaise na conspóide faoi riachtanas Gaeilge

Deir Aire Stáit na Gaeltachta nach ‘ceist’ dá Roinn 'cumas Gaeilge' Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Plé sa Dáil faoi mhaoiniú Roinn na Gaeltachta do OÉ, Gaillimh i bhfianaise na conspóide faoi riachtanas Gaeilge

Fiafraíodh d’Aire Stáit na Gaeltachta sa Dáil inné ar dhóigh leis go mbeadh sé “sásúil” nach mbeadh ar chumas Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh plé le Roinn na Gaeltachta i nGaeilge, agus an Roinn sin ag soláthar maoiniú gach bliain don Ollscoil.

Ba é an t-iarAire Gaeltachta Éamon Ó Cuív a tharraing aird ar cheist mhaoiniú na Roinne don Ollscoil i bhfianaise an chinnidh chonspóidigh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge do phost an Uachtaráin san ollscoil.

“Breathnaíonn sé go bhfuil thart ar €1.5 milliún á thabhairt, idir an tÚdarás [Údarás na Gaeltachta] agus an Roinn. As vóta na Roinne ar fad a thagann sé sa deireadh d’Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Ag éirí as sin, ba mhaith liom ceist a chur ar an Aire Stáit.

“An gceapann sé go mbeadh sé sásúil nach mbeadh uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, in ann gnó a dhéanamh leis an Acadamh agus leis an Roinn trí mheán na Gaeilge? An bhfuil i gceist ag an Aire Stáit aon rud a dhéanamh faoi sin?” a d’fhiafraigh an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív d’Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt an tAire Stáit nár “cheist” dá Roinn “cumas Gaeilge” Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

“Ó thaobh an eolais atá agam, phléigh coiste stiúrtha na hollscoile an cheist seo le déanaí. Tá sé ráite go dteastaíonn a lán scileanna chun post an uachtaráin a dhéanamh agus, mar gheall ar easpa iomaíochta sa chomórtas deireanach, rinneadh cinneadh an polasaí sin a athrú,” a dúirt an tAire Kyne.

D’iarr an Teachta Dála Ó Cuív ar an Aire tacú leis an mBille atá curtha aige féin faoi bhráid Thithe an Oireachtais agus a bhfuil sé mar aidhm aige a chinntiú go mbeidh Gaeilge ag uachtaráin na hOllscoile amach anseo.

“Ón bhliain 1929 i leith, bhí Gaeilge ag Uachtarán Coláiste na hOllscoile, Gaillimh, mar a bhí sé ag an am, nó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, mar atá sé i láthair na huaire. Tháinig forás agus forbairt ar an ollscoil i gcaitheamh an ama sin. Ní dóigh liom go ndéarfadh éinne go ndearna an t-uachtarán atá ann faoi láthair drochjab sa phost a bhí le déanamh aige.

“Iarraim ar an Aire Stáit agus ar an Rialtas tacaíocht a thabhairt do mo Bhille nuair a thiocfaidh sé faoi bhráid na Dála. An gcinnteoidh siad go mbeidh ar a laghad institiúid tríú leibhéal amháin sa tír ina bhfuil rath ar an dá theanga? Is iad seo an dream is oilte agus is mó oideachas sa tír. An mbeidh an Rialtas ag tacú leis an Dáil le cinntiú go mbeidh Gaeilge ag ar a laghad uachtarán d’aon cheann amháin de na coláistí ar fud na tíre, sé sin Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a bhfuil cúram faoi leith uirthi i leith na Gaeilge?” a dúirt Ó Cuív.

Dúirt an tAire Kyne gur faoin Aire Oideachais Richard Bruton cinneadh a dhéanamh faoin scéal.

Tá ráite cheana ag an Aire Bruton nach bhfuil “faic” aige i gcoinne chinneadh na hOllscoile deireadh a chur le riachtanas na Gaeilge do phost an Uachtaráin.

“Beag beann ar an gcinneadh a dhéantar, beidh an polasaí maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn lárnach san ollscoil amach anseo. Mar is eol don Teachta, tá institiúidí ag an ollscoil i gCarna, ar an gCeathrú Rua agus i nGaoth Dobhair atá lárnach ó thaobh na Gaeilge. Beidh na haonaid láidre seo ag brú ar aghaidh leis an nGaeilge. Ó thaobh uachtaránacht Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, is príomhcheist í sin don Aire, an Teachta Bruton, agus freisin do bhord stiúrtha na hollscoile,a dúirt an tAire Stáit.

Níor ghlac an Teachta Dála Ó Cuív leis an méid sin.

“Is ceist í d’Aire Stáit na Gaeltachta freisin,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Plé sa Dáil faoi mhaoiniú Roinn na Gaeltachta do OÉ, Gaillimh i bhfianaise na conspóide faoi riachtanas Gaeilge'