Plaisteach i mboilg 73% den iasc domhainmhara – taighde nua

Maíonn eolaithe gur an-údar imní iad torthaí taighde nua a léiríonn go bhfuil an t-iasc atá amuigh ar an domhain i bhfad ón gcósta i mbaol ón bplaisteach chomh maith leis an iasc a mhaireann le cladach

Plaisteach i mboilg 73% den iasc domhainmhara – taighde nua

Tá taighde nua a rinneadh in Ollscoil na hÉireanna, Gaillimh foilsithe san iris Frontiers in Marine Science a léiríonn an dochar a dhéanann an plaisteach atá san fharraige d’iasc.

Taighdeoirí ar an Celtic Explorer, long taighde Fhoras na Mara i nGaillimh, a rinne an taighde is déanaí seo agus iad ar thuras trasna an Atlantaigh.

Agus iad ar ais ar tír, rinne na heolaithe scrúdú ar a raibh i mboilg an 233 breac a bhí tugtha isteach acu, iasc a bhí idir 3.5 cm agus 59 ceintiméadar i méid.

Léiríonn torthaí an scrúdaithe sin go raibh cáithníní bídeacha plaisteacha slogtha ag 73% den iasc domhainmhara agus sin é an ráta is airde a fuarthas in aon taighde a rinneadh ar iasc fós. Maíonn na heolaithe go bhféadfadh sé gurbh amhlaidh go raibh an chuid den aigéan as ar tháinig an 233 breac seo níos truaillithe le plaisteach ná áiteanna eile de bharr sruthanna nó taoide a bheith á gcruinniú ansin. Dá mb’amhlaidh an cás féin, maíonn na heolaithe gur an-údar imní iad na torthaí mar go léiríonn siad go bhfuil an t-iasc atá amuigh ar an domhain i bhfad ón gcósta i mbaol ón bplaisteach chomh maith leis an iasc a mhaireann le cladach.

Tagann na píosaí bídeacha plaisteacha sin ó tháirgí plaisteacha níos mó a dumpáladh sa bhfarraige agus a chreimtear ansin – éadach, táirgí cúram pearsanta agus táirgí plaisteacha eile.

Ar snámh ar bharr uisce a bhíonn formhór na micreachoirníní seo sa bhfarraige ach is cosúil go snámhann iasc domhainmhara go barr uisce san oíche le béile planctón a ithe agus gur ansin a chasann na micreaphlaistigh seo leo.

Bhí breac beag amháin, lóchrannach, nach raibh ach 4.5 ceintiméadar ar fhaid ach a raibh 13 de na píosaí beaga plaistigh ina bholg.

Dúirt an Dr Tom Doyle, comhúdar an taighde in Institiúid Ryan OÉ, Gaillimh:

“Ar ndóigh údar imní é go bhféadfadh na micreaphlaistigh, agus aon tocsainí a bhaineann leo, dochar a dhéanamh d’aon iasc a shlogfadh iad, nó aon iasc a d’íosfadh an t-iasc sin, ach léiríonn an taighde nua seo againne nach bhfuil iasc a mhaireann na mílte ciliméadar óm talamh agus 600 méadar faoi uisce slán ón truailliú sin.

“Go deimhin, is mór an t-údar imní é go bhfuil na gnáthchúraimí a dhéanaimid gach lá, ag níochán ár gcuid éadaí sintéiseacha sa mheaisín níocháin, gan ach sampla amháin a lua, ag scaoileadh na mbilliúin micreaphlaisteach isteach sa gcóras dramhuisce agus go bhféadfaidís críochnú suas i mboilg na n-iasc domhainmhara seo.”

Tá nimh ina lán de na plaistigh de bharr na mbreiseáin a chuirtear leo agus iad á dtáirgeadh. D’fhéadfadh an nimh sin a ghabháil isteach sa slabhra bia mar go n-itheann iasc nó éan éigin eile an breac.

D’eagraigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe seachtain saor ó phlaisteach idir an 5-11 Feabhra agus bhí an Dr Peter Heffernan, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Mara ina ambasadóir di. Ag an am dúirt Peter Heffernan go raibh an 200 oibrí i bhForas na Mara páirteach leis san fheachtas chun laghdú a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as plaisteach, agus táirgí plaisteacha a athúsáid nó ábhar eile a chur ina n-áit. “D’fhéadfaí buidéil ghloine, cupáin in-athúsáide caife, boscaí stórála gloine don chuisneoir agus pinn agus pinn luaidhe in-athúsáide a cheannach,” a dúirt an Dr. Heffernan ag an am.

Tacaíonn Foras na Mara le geallúint na hÉireann reachtaíocht a thabhairt isteach roimh dheireadh na bliana seo a chuirfidh cosc ar tháirgí áirithe a mbeidh micreachoirníní iontu a dhíol.

 

Fág freagra ar 'Plaisteach i mboilg 73% den iasc domhainmhara – taighde nua'

  • Learraí

    Is beag a dhéanfar faoi i ndáiríre mar is fiú na billiúin euro tionscal an phlaistigh san Aontas Eorpach. Táirgtear milliún buidéal plaistigh in aghaidh gach nóiméid ar fud an domhain, gach lá. Ñíl athchúrsáil i ndán ach do 6% díobh sin. Siúl leat áit ar bith in Èirinn nó thar lear agus feicfidh tú táirgí plaistigh caite ar fud an bhaill. Dealraíonn sé go bhfuil daoine dall ar an mbrúscar gáifeach seo. Is salach gránna an radharc é dar liomsa ach glactar mar chuid ‘aiceanta’ den tírdhreach anois é is léir. Daoine ag tiomáint thar bráid, caitheann siad cannaí, buidéil etc amach ar thaobh an bhóthair. D’fhonn an carr a choimeád glan. Ha Ha. Is breá liom iasc a ithe ach tabharfaidh mé suas anois é. Nach dubhach an saol é.