Peileadóirí Ghaoth Dobhair ag dul ó neart go neart ach a rás rite ag An Ghaeltacht agus An Rinn

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar na cluichí móra peile a bhí ar siúl sa Ghaeltacht ag an deireadh seachtaine

Peileadóirí Ghaoth Dobhair ag dul ó neart go neart ach a rás rite ag An Ghaeltacht agus An Rinn

Éamon McGee (Gaoth Dobhair). Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tá peileadóirí Ghaoth Dobhair ag dul ó neart go neart i gCraobh Shinsir Peile Dhún na nGall agus áit bainte amach acu sna babhtaí ceathrú ceannais tar éis dóibh Naomh Conaill a shárú Dé Domhnaigh.

Sé phointe a bhí idir na foirne ar deireadh, 0-12 in aghaidh 0-6, ach beidh aiféala ar fhir na nGleanntach gur chuir siad cúig iarracht déag amú. Bhí cóir na gaoithe ag Naomh Conaill sa chéad leath i Machaire Gathlán, ach ní raibh siad ach aon phointe amháin chun cinn ag leath ama, 0-5 in aghaidh 0-4. Ghlac Gaoth Dobhair ceannas ar an gcoimhlint sa dara leath.

Cé gurbh iad Naomh Conaill a d’aimsigh an chéad phointe tar éis an tsosa, níor scóráil siad arís as sin go deireadh. Chuaigh Gaoth Dobhair chun cinn a bhuíochas de scóranna ó Odhrán Mac Niallais agus Cian Mulligan, Éamonn Collum agus Niall Friel.

Beidh ar Naomh Conaill an ceann is fearr a fháil ar Naomh Adhamhnáin sa chluiche deireanach i nGrúpa B más leo áit a bhaint amach sna babhtaí ceathrú ceannais. Bhuaigh Naomh Adhamhnáin go héasca ar An gClochán Liath, 1-11 in aghaidh 0-4, Dé Sathairn.

Bhain Cill Charthaigh agus Naomh Micheál áit amach sna babhtaí ceathrú ceannais chomh maith. Bhuaigh Cill Charthaigh ar Bhaile na nGallóglach, 2-15 in aghaidh 2-6, agus fuair Naomh Micheál an ceann is fearr ar na Ceithre Máistrí, agus bua 0-13 in aghaidh 0-4 ag fir an Chraoslaigh.

I nGrúpa A, d’aimsigh Michael Murphy 2-6 do Ghleann tSúilí a fuair an ceann is fearr ar Bhun Dobhráin Dé Domhnaigh. Beidh ar Murphy agus a chomhghleacaithe an beart a dhéanamh ar An Bheart má tá siad chun áit a bhaint amach sna babhtaí ceathrú ceannais. Beidh áit ag Ard an Rátha áit sa chéad bhabhta eile chomh maith fad is nach gcailleann siad in aghaidh Bhun Dobhráin an tseachtain seo chugainn.

Dara Ó Sé (An Ghaeltacht). Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Ciarraí

Tá rás na Gaeltachta i gCraobh Shinsir Chiarraí rite tar éis Chrócaigh Chill Airne an ceann is fearr a fháil orthu Dé Domhnaigh. Bua mór a bhí ag na Crócaigh, 3-28 in aghaidh 2-15 i Staid an Ghearaltaigh. Má bhí dúshlán mór roimh an nGaeltacht ba ag snámh in aghaidh easa ar fad a bhí siad nuair a taispeánadh cárta dearg do Mharc Ó Sé agus gan ach deich nóiméad imeartha.

Bhí An Ghaeltacht chun cinn ag an bpointe sin, 1-2 in aghaidh 0-3, agus cúl faighte ag Rob Ó Sé dóibh. Bhí forlámhas iomlán ag na Crócaigh ar an imirt ina dhiaidh sin, bíodh is nach raibh fáil acu ar Colm Cooper. Agus iad d’uireasa an tseanlaoich bhí Tony Brosnan agus Kieran O’Leary ar fheabhas d’fhoireann Chill Airne agus fuair siad cúl an duine roimh leath ama. 2-12 in aghaidh 1-6 an scór a bhí ann ag an mbriseadh. 

D’aimsigh Tomás Ó Sé cúl don Ghaeltacht ag tús an dara leath chun an farasbarr a laghdú ach bhí freagra ag na Crócaigh ar aon cheist a cuireadh orthu agus fuair Kieran O’Leary cúl eile dóibh, cúl a chuir an dlaoi mhullaigh ar chlár na scór.

Fágann díbirt fhir na Gaeltachta ón gcraobh go mbeidh orthu an ceann is fearr a fháil ar Sheamróga Neidín i gcluiche dícháilithe chun ísliú céime go dtí an grád idirmheánach a sheachaint.

Tá Daingean Uí Chúis fós san iomaíocht do Chraobh Shinsir Chiarraí tar éis dóibh Naomh Ciarán a chloí Dé Sathairn. Bearna trí phointe a bhí idir na foirne ag deireadh na himeartha, 1-14 in aghaidh 1-11. Bhí sárchluiche imeartha ag fear lár páirce an Daingin, Barry O’Sullivan, a d’aimsigh 1-3.

Ba mhaith mar a choinnigh Naomh Breandán Paul Geaney faoi chois agus ní bhfuair naoscaire an Daingin scór ar bith le linn an chluiche. Agus Geaney coinnithe ciúin, rinne imreoirí eile a gcuid ó thaobh na scórála, áfach. Fuair na leathchúlaithe Tom O’Sullivan agus Aidan O’Connor cúig phointe eatarthu. Tabharfaidh an Daingean aghaidh anois ar Aibhistín de Staic sna babhtaí ceathrú ceannais.

Dónal Breathnach (An Rinn).

Port Láirge

Is sa ghrád Idirmheánach a bheidh iománaithe na Rinne ag imirt an bhliain seo chugainn tar éis dóibh cluiche dícháilithe a chailleadh i gcoinne An Bhaile Dhuibh oíche Dé hAoine seo caite, 1-20 in aghaidh 2-13

Bhí na foirne cothrom go maith ag tús an chluiche ach chuaigh an Baile Dubh chun cinn tar éis naoi nóiméad nuair a fuair Shane Kearney cúl dóibh. Fuair An Rinn féin cúl cúig nóiméad ina dhiaidh sin nuair ba san eangach a chríochnaigh an sliotar ó phoc saor Donie Bhreathnach. Ní raibh idir na foirne ach aon phointe amháin ag leath ama, 1-10 in aghaidh 1-9 agus an Baile Dubh chun tosaigh ar éigean ar fhir na Gaeltachta.

D’aimsigh Fearghal Ó Cuirrín cúl don Rinn ocht nóiméad isteach sa dara leath, scór a d’fhág cúilín amháin chun cinn iad, 2-9 in aghaidh 1-11, ach bhí na scóranna ag teacht níos éasca ag an mBaile Dubh faoi tráth sin agus bhí siad trí phointe chun tosaigh ag dul isteach in am cúitimh. Bhí deis ag Fearghal Ó Cuirrín an Rinn a chur ar ar comhscór ach shábháil Conor Sheehan a iarracht ar chúl agus bhí deis na Rinne imithe.

Foireann Naomh Abán ag Comórtas Peile na Gaeltachta in 2016. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Corcaigh

Tá áit bainte amach ag peileadóirí Naomh Abán i gcluiche leathcheannais Phríomh-Chraobh Idirmheánach Chorcaí tar éis dóibh cumann Uinsinn Naofa a shárú. Dhá phointe d’fharasbarr a bhí ag Naomh Abán, 2-6 in aghaidh 0-10, i gcluiche crua.

Chuir fir Bhaile Bhuirne tús maith leis an gcoimhlint agus iad 1-1 in aghaidh 0-0 chun cinn tar éis cúig nóiméad. Niall Ó Ceallaigh a fuair an cúl dóibh. Tháinig a gcéilithe comhraic ar ais ina dhiaidh sin áfach agus ní raibh ach aon phointe amháin ag scaradh na bhfoirne ag leath ama, 1-3 in aghaidh 0-5.

Ba thearc na scóranna lá fliuch agus bhí na foirne ar comhscór, 1-5 in aghaidh 0-8, nuair a fuair Diarmuid Ó Ceallaigh cúl na cinniúna d’fir na Gaeltachta ó chic éirice agus gan ach deich nóiméad fágtha.

Imreoidh Naomh Abán i gcoinne Mhainistir Fhear Maí sa chluiche leathcheannais.

Fág freagra ar 'Peileadóirí Ghaoth Dobhair ag dul ó neart go neart ach a rás rite ag An Ghaeltacht agus An Rinn'