Pedro Sánchez le fanacht ina phríomh-aire ar an Spáinn

Pardún do scarúnaithe na Catalóine agus iarratas ar stádas oifigiúil san AE don Chatalóinis, Gailísis agus Bascais mar chuid den mhargadh

Pedro Sánchez le fanacht ina phríomh-aire ar an Spáinn

Príomh-Aire na Spáinne, Pedro Sánchez. Pic: Parlaimint na hEorpa/Flickr

Tá dóthain tacaíochta faighte ag Pedro Sánchez le fanacht ina phríomh-aire ar an Spáinn agus margadh déanta aige a raibh iarratas ar stádas oifigiúil san AE don Chatalóinis, Gailísis agus Bascais mar chuid de.

D’fhógair an Páirtí Sóisialach agus Junts, an páirtí scarúnaithe ón gCatalóin, go raibh sé ina mhargadh eatarthu.

Toradh is ea an margadh comhrialtais ar cheithre mhí de dhian-mhargántaíocht sa Spáinn, atá gan aon rialtas buan ó theip ar pháirtithe na heite clé agus páirtithe na heite deise móramh a fháil in olltoghchán an tsamhraidh.

Mar chúiteamh ar thacaíocht Junts’ do bhunú a chomhrialtais, ghéill Páirtí Sóisialach Sánchez go molfaí dlí nua a thabharfadh pardún don uile dhuine a raibh baint acu le reifreann neamhspleáchais na Catalóine in 2017, reifreann ar theip air.

D’fhéadfadh go mbronnfaí pardún faoin dlí nua ar 1,500 duine a ciontaíodh nó atá ar a dtriail faoin mbaint a bhí acu leis an reifreann nó le gníomhartha eile.

Dúirt Coimisinéir Dlí an Aontais Eorpaigh Didier Reynders gur údar imní a bhí sa bhille a bhí á mholadh agus lorg sé sonraí faoina raibh ann.

Mar chuid den mhargántaíocht iarthoghcháin, tugadh stádas parlaiminte sa Spáinn don Chatalóinis, don Ghailísis agus don Bhascais agus i mí Mheán Fómhair bhí deis ag feisirí na trí theanga sin a úsáid sa pharlaimint den chéad uair riamh.

Fáilte an doichill, áfach, a cuireadh sa Bhruiséil mí Mheán Fómhair roimh iarratas na Spáinne go mbronnfaí stádas oifigiúil san AE ar na trí theanga.

Pléadh iarratas na Spáinne den chéad uair ag cruinniú de Chomhairle Gnóthaí Ginearálta an AE an mhí sin.

Cé nár bhain aon bhallstát leas as an gcead a bheadh acu an t-iarratas a chrosadh, cuireadh béim mhór ag an gcruinniú ar an dua, an costas agus na deacrachtaí dlí a bhainfeadh le trí theanga eile a chuir le liosta 24 teanga oifigiúil an AE.

Chomh maith leis sin, tá ballstáit áirithe de chuid an AE ag cur cos i bhfeac mar gheall ar an iarratas toisc iad a bheith buartha go spreagfaí a thuilleadh iarratas dá leithéid.

Agus tacaíocht na scarúnaithe ag teastáil ó Sánchez dá chomhrialtas, meastar go leanfar ar aghaidh ag cur brú air cás na dteangacha a chur chun cinn san AE.

An Ghaeilge an teanga dheireanach a cuireadh le liosta teangacha oifigiúla an AE, stádas a bronnadh uirthi in 2007.

Chun go mbeadh an stádas céanna ag teangacha comhoifigiúla na Spáinne, chaithfeadh Comhairle an Aontais Eorpaigh cinneadh a dhéanamh d’aon ghuth a rialacháin a leasú.

Meastar go mbeidh vóta parlaiminte ann an tseachtain seo chugainn faoi atoghadh Sánchez, atá ina phríomh-aire ó 2018. Bunóidh sé comhrialtas sóisialach ansin.

Fág freagra ar 'Pedro Sánchez le fanacht ina phríomh-aire ar an Spáinn'