Pas Briotanach scríbhneoir as Árainn díolta ar ceant

Díoladh ar ceant inné pas Briotanach Liam Uí Fhlaithearta, an scríbhneoir clúiteach as Gort na gCapall in Inis Mór

Pas Briotanach scríbhneoir as Árainn díolta ar ceant

Díoladh tráthnóna inné ag ceant a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath pas Briotanach Liam Uí Fhlaithearta, an scríbhneoir clúiteach as Gort na gCapall in Inis Mór.

€600 a íocadh ar ‘British Passport’ an Fhlaitheartaigh, ar eisíodh é ‘in lieu of Irish Free State Passport D 110907’ar an 27 Meán Fómhair 1927.

Aithnítear Ó Flaitheartha ar an bpas mar “ghéillsineach” de chuid na Breataine ó dhúchas agus mar úrscéalaí ó thaobh gairme.

Liostáiltear chomh maith ar an bpas a bhean Margaret (Barrington roimh phósadh di) agus a n-iníon Margaret, a rugadh an bhliain roimhe sin, 1926.

De réir an eolais a chuir an ceantálaí Fonsie Mealy ar fáil, tá go leor nótaí sa cháipéis chomh maith ón Rúis, ón nGearmáin agus ó Mheiriceá. Luaitear i gceann de na nótaí sin clóscríbhinn ‘Remington Portable’an scríbhneora iomráitigh. Tá go leor nótaí breactha ar  leathanaigh chúil na cáipéise chomh maith, ag áireamh ainmneacha agus seoltaí daoine ‘in several continents’.

‘A most interesting document, recording the adventures of a well-travelled man,’an bhreith a thug an ceantálaí féin ar an bpas.

Tá Liam Ó Flaitheartha (1896-1984) ar dhuine de mhórscríbhneoirí na hÉireann sa Bhéarla agus sa Ghaeilge,  agus de réir an nóta beathaisnéise faoi ar ainm.ie ‘ba é an cainteoir dúchais Gaeilge é is mó a ndeachaigh a chuid leabhar Béarla i gcion ar mhuintir an domhain’.

Liostáil Liam Ó Flaithearta in arm na Breataine, faoin ainm Bill Ganly, i 1915 agus gortaíodh go dona i gcath Langemarck sa Bheilg i Meán Fómhair 1917. Dúirt sé féin gur ar son na heachtraíochta a chuaigh sé ann.

I measc na mórshaothar le Ó Flaithearta tá na húrscéalta The Informer agus Famine agus an cnuasach gearrscéalta Dúil.

Fág freagra ar 'Pas Briotanach scríbhneoir as Árainn díolta ar ceant'