Parlaimint na hEorpa ag dul níos faide ar dheis

Tá toghchán náisiúnta fógartha ag uachtarán na Fraince Emmanuel Macron mar fhreagra ar bhua Rassemblement Marine Le Pen

Parlaimint na hEorpa ag dul níos faide ar dheis

Beidh Parlaimint na hEorpa níos faide ar dheis i ndiaidh na dtoghchán Eorpach ar tháinig deireadh leo inné.

Meastar mar sin féin go n-éireoidh leis na trí mhórdhream pro-Eorpach atá sa Pharlaimint faoi láthair –  Sóisialaigh & Daonlathaithe (S&D) agus Athnuachan Eorpach – tromlach a chur i dtoll a chéile sa Pharlaimint nua.

Ach léiriú ar an dul chun cinn atá déanta ag pobalachas na heite fíordheise sna toghcháin Eorpacha go bhfuil toghchán náisiúnta fógartha ag uachtarán na Fraince Emmanuel Macron mar fhreagra ar bhua Rassemblement Marine Le Pen.

Sa Fhrainc bhí bua mór ag páirtí Le Pen, atá an-fhada amach ar an eite dheis, agus timpeall 32% den vóta acu, nach mór dhá oiread is a bhí ag Renaissance Macron.

Iarracht atá i bhfógra toghcháin Macron cosc a chur le rabharta Rassemblement sa pholaitíocht náisiúnta agus d’fhéadfadh gur toghchán cinniúnach a bheidh ann, ní hamháin don Fhrainc féin ach don Eoraip go léir.

Rinne páirtithe ar dheis ón lár agus páirtithe atá an-fhada amach ar an eite dheis go maith i mballstáit go leor sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa a bhí ar siúl ón Déardaoin seo caite.

San Iodáil bhí páirtí Giorgia Meloni, páirtí eile atá fada amach ar an eite dheis, sa chéad áit agus nach mór 30% á thuar dóibh.

Sa Ghearmáin tháinig an páirtí de chuid na heite fíordheise Alternative für Deutschland sa dara háit agus iad chun cinn ar dhaonlathaithe sóisialta an tSeansailéara Olaf Scholz.

Roimh na toghcháin, bhí ar Maximilian Krah, príomhiarrthóir Alternative für Deutschland, éirí as an bhfeachtasaíocht nuair a dúirt sé nár ghá gur choirpigh ab ea baill Waffen-SS na Naitsithe.

Meastar go mbeidh an bua ag an eite fhíordheis san Ungáir agus san Ostair agus go n-éireoidh le páirtí pobalach Geert Wilders san Ísiltír tuilleadh suíochán a fháil.

Meastar go gcaillfidh Athnuachan Eorpach, an grúpa sa pharlaimint a bhfuil Fianna Fáil ann, breis is 20 suíochán sa Pharlaimint nua agus gurb amhlaidh an scéal a bheidh ag an ngrúpa glas.

D’fhéadfadh níos mó ná 160 suíochán a bheith ag páirtithe de chuid na heite deise crua agus na heite fíordheise sa Pharlaimint nua, ach bíonn aighneas eatarthu faoi cheisteanna éagsúla agus ní dócha go n-éireoidh leo teacht le chéile.

Is cosúil go mbeidh Páirtí an Phobail Eorpaigh (EPP), grúpa Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula Von der Leyen, fós ar an ngrúpa is mó sa Pharlaimint. Meastar go mbeidh os cionn 180 feisire ag an EPP, a bhfuil Fine Gael mar chuid de.

Le roinnt laethanta anuas, chaith pobal an 27 stát vóta le 720 Feisire Eorpach a thoghadh chun ionadaíocht a dhéanamh orthu i bParlaimint na hEorpa.

An chéad chúram a bheidh ag an bParlaimint nua ná glacadh nó diúltú don phríomhiarrthóir do phost Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh.

Beidh Ursula von der Leyen, a bhfuil an dara téarma mar uachtarán uaithi, ar a dícheall sna laethanta amach romhainn ag iarraidh margadh a dhéanamh le grúpaí eile an láir chun móramh 361 feisire nó níos mó a fháil.

 

Fág freagra ar 'Parlaimint na hEorpa ag dul níos faide ar dheis'