Tá Pádraic Joyce le ceapadh ina bhainisteoir ar fhoireann shinsir peile na Gaillimhe.
Is idir Joyce agus an Ciarraíoch Liam Kearns a bhí sé chun an post a fháil agus d’fhógair bord an chontae tráthnóna gurb é Joyce atá roghnaithe acu.
Caithfear an ceapachán a dhaingniú ag cruinnithe de choistí bainistíochta agus contae an tseachtain seo chugainn.
D’éirigh Kevin Walsh as an gcúram ag tús na míosa seo caite tar éis dó cúig bliana a chaitheamh mar bhainisteoir ar an bhfoireann.
Tuairiscítear gurb iad John Divilly, John Concannon agus fear as an gCeathrú Rua, Micheál Chóilín Ó Domhnaill, a bheidh ina roghnóirí ag Joyce.
Bhí Ó Domhnaill mar chuid d’fhoireann na Ceathrún Rua a bhuaigh craobh shinsir na Gaillimhe i 1996 agus tá sé ag plé le foirne peile sa chontae le roinnt blianta anuas. Chaith sé seal i gceannas ar fhoireann na Ceathrún Rua agus ar cheann an Spidéil.
Bhí Divilly agus Concannon ina roghnóirí ag Joyce ar fhoireann faoi 20 na Gaillimhe i mbliana. D’imir an triúr lena chéile ar fhoireann Choláiste Iarfhlatha a bhuaigh Corn Uí Ógáin agus ar fhoireann mhionúir na Gaillimhe a bhuaigh craobh na hÉireann i 1994.
Ba í an bhliain a chaith Joyce i gceannas ar fhoireann faoi 20 na Gaillimhe i mbliana an t-aon taithí bainistíochta atá aige. Bhuaigh a fhoireann craobh Chonnacht sula bhfuair Áth Cliath an ceann is fearr orthu i gcluiche leathcheannais na hÉireann.
Tá Joyce ar dhuine de na himreoirí is fearr riamh a d’imir do Ghaillimh agus bhuaigh sé boinn uile-Éireann i 1998 agus in 2001. Cúig bliana déag san iomlán a chaith fear Chill Fhir Iarainn ag imirt d’fhoireann shinsir na Gaillimhe.
Beidh peileadóirí na Gaillimhe ag imirt i Roinn 1 na sraithe arís an bhliain seo chugainn agus cuirfidh siad tús lena bhfeachtas craoibhe i Nua-Eabhrac nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar an bhfoireann bhaile ar an 3 Bealtaine.
Fág freagra ar 'Pádraic Joyce le ceapadh ina bhainisteoir ar Ghaillimh agus fear as an gCeathrú Rua ina roghnóir aige'