Réiteach ar chonspóid an achta Ghaeilge? Acht neamhspleách, neamhchasta ó Westminster mar thús…

Cad is féidir a dhéanamh anois chun ceangal na gcúig gcaol ar pholaitíocht an Tuaiscirt a scaoileadh? Acht le líon teoranta forálacha a thabhairt isteach i Westminster ...

Réiteach ar chonspóid an achta Ghaeilge? Acht neamhspleách, neamhchasta ó Westminster mar thús…

Thug Rialtas na Breataine dhá ghealltanas maidir le Gaeilge i gComhaontú Chill Rímhinn – go dtabharfadh sé isteach Acht Gaeilge do Thuaisceart Éireann, agus go n-oibreodh sé i bpáirt leis an bhFeidhmeannas a bhí le toghadh chun forbairt na Gaeilge a fheabhsú agus a chosaint.

Aistríodh na dualgais a bhain leis an dara gealltanas sin go dtí Feidhmeannas Thuaisceart Éireann le reachtaíocht sa bhliain 2006. Theip ar an bhFeidhmeannas gníomhú dá réir, agus luadh an teip sin ar na cúiseanna gur thit an Feidhmeannas as a chéile.

Maidir leis an gcéad ghealltanas, go dtabharfaí Acht Gaeilge isteach, ní raibh aon mhíthuiscint ann faoi ag an am. Ag labhairt dó sa Dáil ar an 6 Nollaig 2006, dhearbhaigh Dermot Ahern TD, Aire Gnóthaí Eachtracha na hÉireann, go raibh “gealltanas ar leith tugtha go leagfaí faoi bhráid na Parlaiminte Acht Teanga do Thuaisceart na hÉireann”.

Theip ar Rialtas na Breataine an gealltanas sin a chomhlíonadh. Ar feadh roinnt blianta níor léirigh Rialtas na hÉireann, comhshínitheor agus comhráthóir an Chomhaontaithe, mórán imní faoin gceist, go poiblí ar aon nós. Tháinig athrú air sin nuair a d’éiligh an Rialtas atá ann faoi láthair, agus go sonrach agus go poiblí an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Simon Coveney TD, go dtabharfaí isteach Acht Gaeilge do Thuaisceart Éireann.

Is ceist í seo a bhaineann, i measc rudaí eile, leis an dlí idirnáisiúnta, agus i gcás na hoibleagáide atá ar Rialtas na Breataine Acht Gaeilge a thabhairt isteach, níor mhiste dul i muinín an fholáirimh a thug Olli Rehn ó chianaibh – pacta sunt servanda! Is gá cloí le comhaontuithe.

Bhí mé i dteagmháil le James Brokenshire, FP, Rúnaí Stáit an Tuaiscirt, in Aibreán na bliana seo caite. D’aontaigh sé gur thug Rialtas na Breataine gealltanas go dtabharfaí Acht Gaeilge isteach. Dúirt sé go ndeachaigh an Rialtas i mbun comhairliúcháin maidir le hAcht Teanga Gaeilge, ach nár achtaíodh reachtaíocht roimh athbhunú na déabhlóide i mí Bealtaine 2007.

Dar leis, faoi shocrú na déabhlóide, aistríodh an fhreagracht maidir le polasaí i leith na Gaeilge go dtí Feidhmeannas agus Tionól Thuaisceart Éireann, agus nár coinníodh faoi Rialtas na Breataine ach ábhar forchoimeádta amháin i dtaca le Gaeilge de – ábhar a bhain le craoltóireacht.

Cad is féidir a dhéanamh anois chun ceangal na gcúig gcaol ar pholaitíocht an Tuaiscirt a scaoileadh? Fiú agus Feidhmeannas agus Tionól ag feidhmiú, bheadh cead ag Rialtas na Breataine Acht a bhainfeadh leis an Tuaisceart a chur faoi bhráid na Parlaiminte i Westminster, agus is éasca é sin a dhéanamh nuair nach bhfuil déabhlóid ag feidhmiú go praiticiúil.

Sa chás áirithe seo amháin, mholfainn go gcomhlíonfadh Rialtas na Breataine a oibleagáid idirnáisiúnta agus Acht Teanga a chur faoi bhráid a Pharlaiminte, agus é a achtú.

Ní gá go mbeadh an tAcht seo róchasta. D’fhéadfadh líon teoranta forálacha a bheith ann, fiú dhá cheann: Go bhfuil stádas oifigiúil ag an nGaeilge i dTuaisceart Éireann, agus go bhfuil an tAcht um Riar an Chirt (Teanga) (Éire), 1737, lena gcoisctear aon teanga ach Béarla sna cúirteanna, á aisghairm. D’fhéadfaí an tríú foráil a chur leis, ag rá nach bhfuil tionchar ag an Acht seo ar stádas an Bhéarla i dTuaisceart Éireann.

Bheadh dualgas reachtúil fós ar an bhFeidhmeannas a thiocfadh isteach straitéis a aontú chun forbairt na Gaeilge a fheabhsú agus a chosaint.

Mar chomhghéilleadh, ní fheictear dom go bhféadfadh an Páirtí Aontachtach Daonlathach cur i gcoinne socrú dá leithéid, mar go mbaineann sé leis an Rialtas ceannasach, agus bheadh Acht Gaeilge “neamhspleách” bainte amach ó thaobh Sinn Féin de, cé go gcaithfí leanúint den phlé chun go n-aontófaí ar an reachtaíocht chuimsitheach a bhí uaidh. Idir an dá linn, d’fhéadfadh na polaiteoirí, in institiúidí athbhunaithe, aghaidh a thabhairt ar dhúshláin thábhachtacha shóisialta eile, ní áirím an Breatimeacht.

Fág freagra ar 'Réiteach ar chonspóid an achta Ghaeilge? Acht neamhspleách, neamhchasta ó Westminster mar thús…'

  • Éamonn Ó Gribín

    Tá ‘Acht na dTeangacha Oifigiúla’ riachtanach, ní ‘Acht Gaeilge’ nó fiú ‘Acht Béarla’ !

    Cad é a tharla don bhuzzfhrasa “paireacht ghradaim/parity of esteem”?

    Níl Béarla ina teanga oifigiúl sa Ríocht Aontaithe ach oiread, agus ba chóir go sainmhíneofaí ‘stádas oifigiúil’ sa Acht.

    i gCanada tá ‘Acht na dTeangacha Oifigiúla’ i bhfeidhm, ón bhliain 1988.

    Deirtear an méid seo a leanas sa ‘Preamble’;
    “WHEREAS the Constitution of Canada provides that English and French are the official languages of Canada and have equality of status and equal rights and privileges as to their use in all institutions of the Parliament and government of Canada;

    The purpose of this Act is to2 The purpose of this Act is to

    (a) ensure respect for English and French as the official languages of Canada and ensure equality of status and equal rights and privileges as to their use in all federal institutions, in particular with respect to their use in parliamentary proceedings, in legislative and other instruments, in the administration of justice, in communicating with or providing services to the public and in carrying out the work of federal institutions;

    (b) support the development of English and French linguistic minority communities and generally advance the equality of status and use of the English and French languages within Canadian society; and

    (c) set out the powers, duties and functions of federal institutions with respect to the official languages of Canada.”

    D’fhóirfeadh focail den chineál céanna in aon reachtaíocht maidir le stádas na Gaeilge in Ultaibh!