Ón Spidéal go Páras, turas 1,300 ciliméadar déanta ag fear Gaeltachta ar sheanrothar sléibhe

Naoi lá a chaith Brian Ó Finneadha, as Baile Liam, an Spidéal  ag gabháil den turas rothaíochta in ómós dá athair go príomhchathair na Fraince

Ón Spidéal go Páras, turas 1,300 ciliméadar déanta ag fear Gaeltachta ar sheanrothar sléibhe

Tá turas 1,300 ciliméadar ar sheanrothar sléibhe curtha i gcrích ag fear óg as an Spidéal an tseachtain seo.

Naoi lá a chaith Brian Ó Finneadha, as Baile Liam sa Spidéal, ag gabháil don turas rothaíochta óna bhaile Gaeltachta go dtí Páras na Fraince.

In ómós dá athair, Brian, a bhásaigh go tobann de bharr taom croí ag deireadh na bliana seo caite, a bheartaigh an rothaí óg an turas a dhéanamh agus airgead á bhailiú aige don charthanacht ‘Croí’.

Ag a 7am Dé Sathairn an 8 Lúnasa, a thug Ó Finneadha faoin turas ó Ghaillimh go Baile Átha Cliath, áit a bhfuair sé an bád go Caergybi (Holyhead) na Breataine Bige agus uaidh sin go Shrewsbury.

Dúirt Ó Finneadha le Tuairisc.ie gur i Sasana a sháraigh sé “an chuid ba dheacra” den turas. Fuair sé “drochscaladh ón ngrian” ar a bhealach go Birmingham agus chuir “na stoirmeacha toirní agus an bháisteach throm” moill ar a thuras go Crawley, ó dheas de Londain.

Ó Dover, fuair sé an bád go Calais na Fraince agus ar aghaidh leis go cathair Amiens, sular shroich sé a cheann scríbe, An Túr Eiffel i bPáras oíche Dé Luain ag a 7pm.

Dúirt Ó Finneadha gur chaith sé “trí mhí chrua” i mbun traenála le hullmhú don dúshlán rothaíochta.

“Bhí mé ag déanamh rudaí aisteacha. Théinn ar an rothar ón mbaile go Cruach Phádraig  i Maigh Eo, dhreapfainn go dtí barr na cruaiche agus d’fhillinn abhaile ar an rothar arís an lá céanna. Bhí sé tough ach b’fhiú é.”

Thug Ó Finneadha faoin turas ina aonar ar sheanrothar sléibhe, a bhfuil “seanchleachtadh” aige air, agus ceol Christy Moore “mar chomhluadar” aige ar a bhealach.

Bhí deacracht amháin aige leis an rothar in Caergybi ach thug fear a bhí ag obair in óstán ansin lámh chúnta dó leis an rothar a dheisiú.

Dúirt Ó Finneadha go raibh sé “an-sásta” gur éirigh leis an turas a chríochnú i ndiaidh dó an turas a chur siar de bharr na paindéime.

Cé nach molann Ó Finneadha do dhaoine a bheith ag taisteal “go minic” in aimsir seo an choróinvíris, dúirt sé nach raibh sé “ródhona” toisc “daoine a bheith cúramach” agus “mascanna aghaidhe á gcaitheamh ag cách”.

Tar éis bás tobann a athar a smaoinigh sé ar dtús tabhairt faoin aistear carthanachta seo.

“Bhí mé ag caint faoin turas seo a dhéanamh agus gan m’athair ach imithe cúpla lá, mar sin bhí orm é a dhéanamh,” a dúirt Brian Ó Finneadha.

Tá breis agus €6,000 bailithe ag Ó Finneadha ar son na carthanachta Croí go dtí seo.  Is féidir síntiús a thabhairt dó anseo.

Fág freagra ar 'Ón Spidéal go Páras, turas 1,300 ciliméadar déanta ag fear Gaeltachta ar sheanrothar sléibhe'