Oíche mhór as baile ag teastáil ó fhoireann na hÉireann san Aithin

Cé nach bhfuil i gcluiche na hoíche anocht in aghaidh na Gréige ach an dara cluiche ag Éirinn sna babhtaí cáilithe do EURO 2024, ceann cinniúnach é

Oíche mhór as baile ag teastáil ó fhoireann na hÉireann san Aithin

An Ghréig v Éire – 7.45in (Beo ar RTÉ)

Théis séasúr gnóthach fada, thuigfeá d’aon duine a cheap go raibh deireadh le séasúr na bhfear nuair a thug Manchester City leo Corn na gCuradh an deireadh seachtaine seo caite, ach tá cúpla cluiche thar a bheith tábhachtach fós le himirt ag foireann na hÉireann.

Sula dtabharfaidh siad aghaidh ar Ghiobráltar i mBaile Átha Cliath ar an Luan, casfaidh foireann Stephen Kenny ar an nGréig san Aithin anocht. Cé nach bhfuil anseo ach an dara cluiche ag Éirinn sna babhtaí cáilithe do EURO 2024, ceann cinniúnach é ceann na hoíche anocht más leis an bhfoireann áit a fháil sa chomórtas sin sa Ghearmáin an samhradh seo chugainn.

Ós rud é go raibh Éire i bpota a trí agus an Ghréig i bpota a ceathair nuair a rinneadh an tarraingt do Ghrúpa B, an léamh simplí atá ar an gcluiche ná gur cheart go mbeadh an bua ag Éirinn ach, ar nós gach gné de scéal fhoireann sacair na hÉireann, níl sé chomh simplí sin.

Níl Éire ach trí áit níos airde ná an Ghréig i rangú domhanda FIFA – 49ú háit v an 52ú háit – agus, ag dul blianta fada siar, is annamh gur éirigh le foirne na hÉireann an ceann is fearr a fháil as baile ar fhoirne atá chomh maith leo.

Bheadh aithne ag go leor ar bhainisteoir na Gréige, Gus Poyet, a d’imir i bPríomhroinn Shasana le Chelsea agus Tottenham Hotspur agus a chaith tréimhsí i gceannas ar leithéidí Sunderland.

Ceapadh Poyet ina bhainisteoir ar an nGréig mí Feabhra 2022 agus d’éirigh leis a chéad cheithre chluiche a bhuachan agus bhain a fhoireann ardú céime amach ó Shraith C i Sraith na Náisiún. Bhuaigh an Ghréig faoi dhó ar Thuaisceart Éireann, faoi dhó ar an Chosaiv agus uair amháin ar an Chipir agus cé nach iadsan piardaí móra an tsacair, tabharfaidh na torthaí muinín a don fhoireann, go háirithe agus iad ag imirt sa bhaile.

Tá sé de nós ag an nGréig seilbh a choinneáil ar an liathróid agus cruthaíonn na lánchúlaithe, fear Liverpool Konstantinos Tsimikas agus George Baldock Sheffield United, cuid mhaith de na deiseanna a bhíonn ag an bhfoireann. Bíonn Anastasios Bakasetas breá sásta tabhairt faoi iarrachtaí ar chúil ó i bhfad amach agus tar éis d’Éirinn roinnt cúl a ghéilleadh ón gcineál sin iarrachtaí, b’fhearr brú a chur air chomh luath agus a fhaigheann sé an liathróid.

Déanfaidh Stephen Kenny cúpla athrú ón bhfoireann a raibh mí-ádh ceart uirthi nuair a chaill siad in aghaidh na Fraince mí an Mhárta. Tá captaen na foirne Séamus Coleman gortaithe, rud a fhágann go bhfuil gach seans ann go mbogfaidh Matt Doherty trasna go dtí an cliathán eile agus beidh sé idir James McClean agus Callum O’Dowda a áit ar an gcliathán clé a thógáil.

B’fhéidir go bhfeicfí athrú i lár páirce chomh maith. Tosóidh Josh Cullen cinnte agus cé gur oibrigh Jayson Molumby agus Jason Knight go crua in aghaidh na Fraince, b’fhéidir go gcaillfeadh duine acu amach má bhíonn Kenny ag iarraidh deis a thabhairt do Will Smallbone, a bheadh níos fearr chun deiseanna a chruthú d’Evan Ferguson, seans.

Beidh go leor ag brath ar Ferguson más le hÉirinn an cluiche seo a bhuachan ach tá an tosach óg ag dul ó neart go neart le Brighton sa Phríomhroinn. Tá Chieodze Ogbene, a thosaigh in aghaidh na Fraince, gortaithe chomh maith agus is idir Michael Obafemi, Troy Parrott, Adam Idah agus Mikey Johnston a bheidh sé an spota sin a thógáil.

Thug Kenny a chuid imreoirí le chéile an tseachtain seo agus thaispeáin sé físeán dóibh de na cúil chinniúnacha atá scóráilte as baile ag foirne na hÉireann le breis is 30 bliain anuas. Léirigh giorracht an fhíseáin, gan le feiceáil acu ach sé chúl, an dúshlán atá rompu anocht.

Fág freagra ar 'Oíche mhór as baile ag teastáil ó fhoireann na hÉireann san Aithin'