Ochtar ó chumainn Ghaeltachta ainmnithe ar shárfhoirne peile na Gaillimhe

Tá imreoirí ó chumainn an Spidéil agus Mhaigh Cuilinn ainmnithe ar fhoireann na sinsear agus seisear ó Chumann Mícheál Breathnach roghnaithe ar an tsárfhoireann idirmheánach

Ochtar ó chumainn Ghaeltachta ainmnithe ar shárfhoirne peile na Gaillimhe

Seán Denvir, Dessie Ó Conghaile, Liam Ó Ceallaigh, Dinny Ó hÉallaithe, Tommy Ó Conghaile, Rónán Mac Donnacha, Rónán Ó Beoláin agus Fiach Ó Béarra

Tá ochtar ó chumainn Ghaeltachta ainmnithe ar shárfhoirne sinsir agus idirmheánach peile na Gaillimhe 2019.

Ar maidin a ainmníodh na foirne agus tá imreoirí ó chumainn an Spidéil, Mhaigh Cuilinn agus Mícheál Breathnach roghnaithe i mbliana.

Is iad Liam Ó Ceallaigh as an Spidéal agus fear Mhaigh Cuilinn Dessie Ó Conghaile an bheirt atá ainmnithe ar an bhfoireann shinsir.

Bhí Ó Ceallaigh ina chosantóir ar fhoireann an Spidéil a chuaigh chomh fada le cluiche ceathrú ceannais na craoibhe i mbliana tar éis dóibh ardú céime a bhaint amach anuraidh. Bhí Ó Conghaile ina shárthosach ar fhoireann Mhaigh Cuilinn a shroich an babhta leathcheannais.

Is iad Cora Finne a thug leo Craobh Shinsir Peile na Gaillimhe den seachtú bliain as a chéile in 2019 agus tá seisear ón gcumann ainmnithe ar fhoireann na bliana. Cúigear atá ainmnithe ó Réalta Thuama, a chaill sa bhabhta ceannais, agus duine amháin an ceann ó Bhóthar na Trá/Cnoc na Cathrach agus An Creagán/Maigh Locha.

Tá seisear ó Chumann Mícheál Breathnach ainmnithe ar shárfhoireann na craoibhe idirmheánaí. Chuaigh cumann Chois Fharraige chomh fada le babhta ceannais na craoibhe ach fuair Uachtar Ard an ceann is fearr orthu i gcoimhlint dhrámatúil.

Bhí athimirt agus ciceanna éirice ag teastáil chun ina foirne sin a scaradh óna chéile ach, faoi dheireadh thiar, ba iad Uachtar Ard a bhí buacach.

Tá aitheantas tugtha do chúl báire Mhícheál Breathnach, Rónán Ó Beoláin; na cosantóirí Fiach Ó Béarra agus Dinny Ó hÉallaithe; Tommy Ó Conghaile i lár páirce; agus na tosaithe Seán Denvir agus Rónán Mac Donnacha.

Bhí Tommy Ó Conghaile agus Rónán Mac Donnacha ainmnithe ar shárfhoireann 2018 chomh maith.

Seisear ó Uachtar Ard atá roghnaithe ar fhoireann 2019 chomh maith le himreoir amháin an ceann as Seamróga Chortúin, An Dún Mór Mhic Éil agus Órán Mór/Meáraí.

Sárfhoireann Chraobh Shinsir Peile na Gaillimhe 2019

  1. Johnny Trayers (Réalta Thuama)
  2. Liam Silke (Cora Finne)
  3. Kieran Fitzgerald (Cora Finne)
  4. Brian O’Donnell (Réalta Thuama)
  5. Liam Ó Ceallaigh (An Spidéal)
  6. John Daly (An Creagán/Maigh Locha)
  7. Gary O’Donnell (Réalta Thuama)
  8. Kieran Molloy (Cora Finne)
  9. Ronan Steede (Cora Finne)
  10. Gary Sice (Cora Finne)
  11. Jamie Murphy (Réalta Thuama)
  12. Ben O’Connell (Réalta Thuama)
  13. Rob Finnerty (Bóthar na Trá/Cnoc na Cathrach)
  14. Martin Farragher (Cora Finne)
  15. Dessie Ó Conghaile (Maigh Cuilinn)

Sárfhoireann Chraobh Idirmheánach Peile na Gaillimhe 2019

  1. Rónán Ó Beoláin (Mícheál Breathnach)
  2. Eddie O’Sullivan (Uachtar Ard)
  3. Paul Varley (Seamróga Chortúin)
  4. Fiach Ó Béarra (Mícheál Breathnach)
  5. Dinny Ó hÉallaithe (Mícheál Breathnach)
  6. Ronan Molloy (Uachtar Ard)
  7. Ryan Monaghan (Uachtar Ard)
  8. Enda Tierney (Uachtar Ard)
  9. Tommy Ó Conghaile (Mícheál Breathnach)
  10. Seán Denvir (Mícheál Breathnach)
  11. Matthew Tierney (Uachtar Ard)
  12. Eric Lee (Uachtar Ard)
  13. Matthew Reddington (An Dún Mór Mhic Éil)
  14. Rónán Mac Donnacha (Mícheál Breathnach)
  15. Mark Ronaldson (Órán Mór/Meáraí)

Fág freagra ar 'Ochtar ó chumainn Ghaeltachta ainmnithe ar shárfhoirne peile na Gaillimhe'

  • Ruadhairc Ó M.

    Tinn tuirseach den aineolas a bhíonn le feiceál i dtreo fíor shádás Ghaeltachta Mhaigh Cuilinn. Is ceantar Galltachta é. Sin é. Níl an Ghaeilge mar theanga pobail ann. Ní labhrann siad Gaeilge lena chéile agus iad amuigh ar an bpáirc. Níor ghlac scoiltrachaí an cheantair le stádas scolaíochta Ghaeltachta. Seafóid.