Ochtar fostaithe in Údarás na Gaeltachta ag tuilleadh os cionn €100k sa bhliain

Deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Peadar Tóibín go bhfuil sé ‘buartha’ faoi chúrsaí  tuarastail in Údarás na Gaeltachta, tráth a bhfuil ‘géarchéim airgeadais’ ag lucht pleanála teanga

Ochtar fostaithe in Údarás na Gaeltachta ag tuilleadh os cionn €100k sa bhliain

Tá ochtar fostaithe de chuid Údarás na Gaeltachta ag saothrú os cionn €100,000 an duine in aghaidh na bliana, de réir figiúirí nua atá curtha ar fáil ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta mar fhreagra ar cheist Dála.

De réir na bhfigiúirí ceathrar fostaithe san Údarás a bhí ag saothrú os cionn €100,000 in 2016.

Tá níos mó daoine ag saothrú os cionn €100,000 sa bhliain san eagraíocht fiontraíochta Ghaeltachta, ina bhfuil 87 duine ar fad fostaithe, ná mar atá in aon eagraíocht eile a thagann faoi scáth na Roinne ná sa Roinn féin.

De réir na bhfigiúirí a cuireadh ar fáil don Teachta Dála Catherine Murphy mar fhreagra ar cheist Dála, tá duine amháin a shaothraíonn níos mó ná €100,000 in aghaidh na bliana fostaithe ag Foras na Gaeilge, an Chomhairle Oidhreachta, Músaem Náisiúnta na hÉireann, Bord Scannán na hÉireann, agus Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Níl aon duine fostaithe ag an gComhairle Ealaíon ag saothrú níos mó ná €100,000. Níor cuireadh Oifig an Choimisinéara Teanga san áireamh sna figiúirí a cuireadh ar fáil, ach duine amháin san oifig sin a shaothraíonn breis is céad míle.

Tá cúigear a shaothraíonn an tuarastal sin fostaithe sa Roinn Cultúir Oidhreachta agus Gaeltachta féin, ach níl aon duine atá ag obair don Roinn ina hoifig Gaeltachta sna Forbacha ag saothrú os cionn €100,000.

Anuraidh, bhí seisear sa Roinn iomlán ag saothrú os cionn €100,000 agus ceathrar san Údarás a thuill an t-airgead sin.

Tá 87 duine fostaithe ag Údarás na Gaeltachta. Duine amháin san eagraíocht a shaothraíonn idir €80,000-€100,000 i gcomparáid le triúr atá ar an scála pá sin i bhForas na Gaeilge agus 16 duine sa Roinn Cultúir Oidhreachta agus Gaeltachta.

De réir figiúirí a fuair an Teachta Dála de chuid Shinn Féin Peadar Tóibín ón Roinn Forbartha Réigiúnaí, Gnóthaí Tuaithe, Ealaíon agus Gaeltachta nuaraidh, bhí 31 duine den 79 duine a bhí ar fhoireann an Údaráis an uair sin ag saothrú níos mó ná €65,000 sa bhliain.

Dúirt an Teachta Dála le Tuairisc.ie aréir go bhfuil sé “buartha” faoi na figiúirí is déanaí.

“Is ceart go mbeadh an t-airgead cuí á íoc le daoine a oibríonn go dian agus a bhfuil ardcháilíochtaí acu. Ach caithfidh freisin cothromas a bheith ann idir tuarastail daoine thart ar na heagraíochtaí go léir atá faoi scáth na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Is léir go bhfuil na tuarastail in Údarás na Gaeltachta go hiomlán as an ngnáth.

“Tá sé seo ag titim amach nuair atá géarchéim airgeadais ann maidir le pleananna teanga, cúntóirí scoile agus na comharchumainn sa Ghaeltacht. Ní mór dúinn i bhfad níos mó airgid a chur isteach i bpobal na Gaeltachta,” a dúirt Tóibín.

Tá laghdú os cionn 73% tagtha ar bhuiséad caipitil Údarás na Gaeltachta ó 2008, tráth a raibh 107 duine fostaithe ag an eagraíocht i gcomparáid leis an 87 duine atá ag obair faoi láthair ann.

Tá naonúr breise fostaithe ag Údarás na Gaeltachta le bliain anuas.

Struchtúr agus scálaí agus coinníollacha pá na seirbhíse poiblí atá i bhfeidhm in Údarás na Gaeltachta.

Nuair a bhí ceist na dtuarastal in Údarás na Gaeltachta i mbéal an phobail anuraidh, dúradh go raibh na spriocanna fostaíochta atá leagtha síos don Údarás ag Roinn na Gaeltachta á mbaint amach agus go bhfuil “an fhoireann ag obair go dícheallach agus go coinsiasach chuige seo”.

Fág freagra ar 'Ochtar fostaithe in Údarás na Gaeltachta ag tuilleadh os cionn €100k sa bhliain'

  • Seáiní

    Ehhhh…. €100,000/8ar = €12500 euro in aghaidh an duine
    Tuarastal bliantiúil aire = €87,258…………….

  • nora

    Scannal!