Ochtar eile básaithe, 10 gcás nua deimhnithe

2,184 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,658 duine ó dheas den teorainn agus 526 ó thuaidh di

Ochtar eile básaithe, 10 gcás nua deimhnithe

Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil ochtar eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus go bhfuil 10 gcás nua den ghalar deimhnithe.

2,184 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,658 duine ó dheas den teorainn agus 526 ó thuaidh di.

B’ionann an 10 gcás is déanaí a fógraíodh agus an líon is lú cásanna a fógraíodh aon lá ón 11 Márta.

37 othar le Covid-19 a bhí sna haonaid dianchúraim inniu.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos luaithe inniu go raibh beirt eile a bhí buailte ag an ngalar básaithe agus go rabhthas tagtha ar cheithre cás nua.

29,798 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,066 cás ó dheas den teorainn agus 4,732 cás ó thuaidh.

D’fhógair an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) go raibh baint le hionad cúraim ag 1,049 den 1,658 duine a bhásaigh de bharr an ghalair go n-uige seo ó dheas, nó 63.3%. Bhain 917 de na cásanna sin, nó 55.3% acu, le tithe altranais.

Fágann sin gur bhain beirt as gach triúr a bhásaigh ó thús na ráige le teach altranais nó le hionad cúraim eile. 

Faoi mheán oíche Dé Luain, 348,416 tástáil don ghalar a bhí déanta ó dheas.

Rinneadh 22,621 tástáil le seachtain anuas agus fuarthas go raibh an galar ar 389 duine, nó 1.7% de na daoine a tástáladh, i gcomparáid le 2.5% coicís ó shin. 

De réir an eolais is déanaí ón Roinn Sláinte, a bhain leis an 25,056 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé Domhnaigh, an 31 Bealtaine:

  • Fir a bhí i gceist le 43% de na cásanna agus mná iad 57%
  • An aois airmheáin a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 3,286 duine, 13%
  • As na daoine sin, cuireadh 408 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 7,986 cás
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 12,090 cás, nó 48%, bhí Corcaigh sa dara háit, le 1,517 cás, nó 6%, agus Cill Dara a bhí sa tríú háit le 1,419 cás, nó 6%
  • 482 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (1.9%), 308 a bhí i gcontae Chiarraí (1.2%), 477 cás bhí i nDún na nGall (1.9%), 153 cás a bhí i bPort Láirge (0.6%), 800 cás a bhí i gcontae na Mí (3.2%) agus 570 cás (2.3%) a bhí deimhnithe i Maigh Eo
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 39% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 58% agus taisteal thar lear ba chúis le 2%

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, nach raibh aon fhianaise feicthe go fóill a thabharfadh le fios nach bhféadfaí tús a chur leis an dara céim de scaoileadh na srianta dianghlasála an tseachtain seo chugainn.

Tá rabhadh á thabhairt ag dochtúirí sinsearacha gur chóir srianta an chuibhrithe a scaoileadh go mall réidh mar nach raibh na leapacha ospidéil againn le freastal ar bhrúisc eile sa gcás go dtiocfadh borradh eile faoin ngalar.

Dúirt an Dr Laura Durcan, leas-uachtarán Chumann Chomhairleoirí Ospidéil na hÉireann (IHCA), go raibh sé riachtanach “an t-adhastar a choinneáil teann”  mar go raibh an t-infreastruchtúr cúram sláinte sa tír seo fós “go hainnis”.

“Tá a fhios againn go mbeidh brúisc eile den ghalar seo againn. Tá sé ráite ag an Lárionad Eorpach um Galair a Rialú nach féidir sin a sheachaint agus teastaíonn uainn gur brúisc bheag a bheidh againn seachas brúisc mhór,” a dúirt an Dr Durcan.

Dúirt Durcan go raibh dochtúirí comhairleacha “scanraithe” mar gheall ar an “acmhainn fhánach atá againn sna haonaid dianchúraim” agus na “haonaid éigeandála uafásacha nach bhfuil oiriúnach dá bhfeidhm”.

“Níl aon imní orm faoin gcéad mhí eile, tá imní orm faoi Dheireadh Fómhair agus tá imní orm faoi mhí Eanáir,” a dúirt leas-uachtarán Chumann Chomhairleoirí Ospidéil na hÉireann (IHCA),

Idir an dá linn, thug Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte rabhadh san aighneacht a chuir siad faoi bhráid Choiste Coróinviris an Oireachtais go bhféadfadh “borradh beag go maith féin” tionchar suntasach a bheith aige ar an soláthar leapacha cúram criticiúil agus ar an gcóras ospidéil go ginearálta.

Sa bhFrainc, d’oscail caiféanna agus bialanna arís inniu agus iad dúnta le 10 seachtaine bharr na haicíde. I gcathair agus i mbruachbhailte Pháras, ní bheidh cead ag custaiméirí ach an bia a thabhairt leo nó seadú ag boird lasmuigh faoin aer. 

I dTóiceo na Seapáine, deimhníodh  34 cás nua den choróinvíreas, an líon is airde ó thús an Bealtaine. Dá bharr, chuir an rialtas fainic ar an bpobal fanacht sa mbaile mura raibh gnó práinneach le déanamh acu agus dúirt siad le gach duine cloí leis an scoitheadh sóisialta. Cuireadh deireadh leis an staid éigeandála i dTóiceo ar an 25 Bealtaine.

Fág freagra ar 'Ochtar eile básaithe, 10 gcás nua deimhnithe'