Ochtar eile a raibh an coróinvíreas orthu básaithe, 444 cás nua deimhnithe

Tá ráta atáirgthe an Covid-19 tite faoi bhun 1, cloch mhíle thábhachtach san iarracht is déanaí scaipeadh an ghalair a choimeád faoi chois

Ochtar eile a raibh an coróinvíreas orthu básaithe, 444 cás nua deimhnithe

Tá ochtar eile a raibh an Covid-19 orthu básaithe agus tá 444 cás nua den ghalar deimhnithe, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte.

Bhain 158 de na cásanna nua le Baile Átha Cliath, 48 cás a bhí i gCorcaigh, 36 cás a bhí i nGaillimh agus 28 cás a deimhníodh i Luimneach. Bhain an 174 cás eile le 19 contae éagsúil.

20 cás a bhain le Ciarraí, 20 cás a bhain le contae na Mí agus 16 cás a bhain le Dún na nGall. 11 cás a bhí i Maigh Eo agus bhí níos lú ná cúig chás i bPort Láirge.

310 duine a raibh Covid-19 a bhí sna hospidéil tráthnóna agus bhí 41 acu sin in aonad dianchúraim.

Tá ráta atáirgthe an Covid-19 tite faoi bhun 1, cloch mhíle thábhachtach san iarracht is déanaí scaipeadh an ghalair a choimeád faoi chois.

Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly gur idir 0.7 agus 0.9 atá an ráta R. Chomh maith leis sin tá an céatadán de dhaoine a mbíonn toradh deimhneach ar an tástáil a chuirtear orthu don víreas tite arís go dtí 4.6%.

Dúirt an tAire gur léiriú eile a bhí anseo ar an dul chun a bhí déanta maidir le laghdú ar líon na gcásanna den ghalar.

213 ráta coicíse an ghalair in aghaidh gach 100,000 duine agus tá an ráta ag titim i 23 contae as an 26, na contaetha Gaeltachta go léir san áireamh.

Ráta coicíse 323 atá i gcontae na Mí, 286 an ráta i nDún na nGall, 244 atá i gCorcaigh agus 243 atá i nGaillimh.

Tá an ráta coicíse anois ag 195 i Maigh Eo, 194 i bPort Láirge agus 179 i gCiarraí.

Tá líon na ngartheagmhálaithe a bhíonn de ghnáth ag othar Covid-19 tite ó sheisear go dtí thart ar thriúr.

Mhaígh Donnelly gur fhág cinneadh an Rialtais gníomh “láidir” a dhéanamh “go luath” chun dul i ngleic leis an mbrúisc i líon na gcásanna go raibh Éire anois ag déanamh níos fearr ná mórán tír eile san Eoraip.

Mar sin féin, dúirt sé gur údar imní atá i líon na gcásanna atá á ndeimhniú agus go gcaithfí cloí leis an gcomhairle sláinte phoiblí agus leis an iarracht an galar a chur faoi chois.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce tráthnóna go raibh deichniúr eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe le lá anuas. Deimhníodh 679 cás nua den ghalar le linn na tréimhse céanna.

2,670 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 1,930 duine ó dheas den teorainn agus 740 duine ó thuaidh di. 104, 341 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 63,483 cás ó dheas agus 40,858 ó thuaidh.

418 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 50 díobh atá in aonad dianchúraim.

Tá ráig den ghalar deimhnithe i 120 ionad cúraim sa Tuaisceart.

Fág freagra ar 'Ochtar eile a raibh an coróinvíreas orthu básaithe, 444 cás nua deimhnithe'