‘Ócáid fhíorthábhachtach i stair an domhain’ a deir Trump agus gealltanas ‘diongbháilte’ tugtha ag Kim Jong-un faoi dhí-armáil

I gcomhráiteas a eisíodh inniu i ndiaidh a gcruinniú mullaigh, gheall Donald Trump go dtabharfaí barántais don Chóiré Thuaidh ó thaobh na slándála de agus thug Kim a bheannacht do ‘dhí-armáil núicléach iomlán leithinis na Cóiré’

‘Ócáid fhíorthábhachtach i stair an domhain’ a deir Trump agus gealltanas ‘diongbháilte’ tugtha ag Kim Jong-un faoi dhí-armáil

Tá ráite ag Uachtarán Mheiriceá gur “ócáid fhíorthábhachtach i stair an domhain” ab ea a chruinniú mullaigh le ceannaire na Cóiré Thuaidh Kim Jong-un.

I gcomhráiteas a eisíodh inniu, gheall Trump go dtabharfaí barántais don Chóiré Thuaidh ó thaobh na slándála de agus thug Kim a bheannacht do “dhí-armáil núicléach iomlán leithinis na Cóiré”.

Mhaígh Trump go raibh geallúint “dhiongbháilte” tugtha ag Kim don dí-armáil núicléach agus go bhféadfaí a leithéid a bhaint amach “go tapa”. Dúirt Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá gur baineadh amach níos mó ag an gcruinniú ná mar a bhí súil aige leis. Dúirt sé chomh maith áfach go dtógfadh an dí-armáil núicléach cuid mhaith ama ó thaobh na heolaíochta de agus go raibh go leor arm le fáil réidh leis ag an gCóiré Thuaidh.

“Ach tá mé ag iarraidh é a thabhairt chun críche, is beag ab fhiú é mura n-éiríonn linn an liathróid a chur thar an líne chúil,” a dúirt Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Bhí ardmholadh ag Trump do Kim i ndiaidh an chruinnithe agus dúirt sé go raibh tús curtha ag ceannaire na Cóiré Thuaidh le “ré nua rachmais dá mhuintir”. Bhí muinín aige as Kim, a dúirt sé. Mhaígh sé gur réitigh an bheirt acu go maith agus go raibh an-chumas  idirbheartaíochta ag ceannaire na Cóiré Thuaidh.

Dúirt an tUachtarán go raibh a dtiomantas don dí-armáil léirithe ag Kim cheana féin trí láithreán inneall diúracáin a scrios agus mhol sé an Chóiré Thuaidh as páirt a ghlacadh i gcluichí Oilimpeacha an Gheimhridh sa Chóiré Theas.

Níor luaigh Trump aon am leis an dí-armáil, ach mhaígh sé go gceapfaí breathnóirí idirnáisiúnta chun na críche sin. Tuairiscítear nach bhfuil glactha fós ag an gCóiré Thuaidh leis an moladh sin go fóill.

Idir an dá linn, dúirt Trump gur aontaíodh go gcuirfí deireadh le cluichí cogaidh Mheiriceá agus na Cóiré Theas, agus nach raibh sna cluichí sin ach údar achrainn a bhí costasach agus míchuí.

Dúirt Trump go dtabharfaí cuireadh chun an Tí Bháin do Kim in am trátha agus go rachadh sé féin chun na Cóiré Thuaidh am éigin. Shéan sé gur chuir sé deachtóir na Cóiré Thuaidh ar comhchéim leis féin agus mhaígh sé nach n-úsáidfeadh Kim físeán den chruinniú ar mhaithe le bolscaireacht a dhéanamh.

“Ní mar sin a fhéachaim air. Níl uaimse ach pé rud is gá a dhéanamh chun go mbeadh an domhan níos sábháilte,” a dúirt Trump.

Dúirt sé go ndearna sé féin agus Kim plé cuimsitheach ar dhroch-cháil na Cóiré Thuaidh maidir le cearta an duine agus go rachadh an cruinniú go mór chun leas an 100,000 duine atá i ngéibheann i gcampaí sa tír sin.

Dúirt Uachtarán na Cóiré Theas Moon Jae-in gur ócáid stairiúil a bhí sa chruinniú mullaigh, an chéad chruinniú riamh idir uachtarán de chuid Mheiriceá agus ceannaire de chuid na Cóiré Thuaidh.

“Ag tógáil ar chomhaontú an lae inniu, tabharfaimid faoi chosán nua. Fágfaimid inár ndiaidh laethanta dorcha an chogaidh agus na coimhlinte agus cuirfimid tús le caibidil nua na síochána agus an chomhair,” arsa Moon Jae-in.

Fág freagra ar '‘Ócáid fhíorthábhachtach i stair an domhain’ a deir Trump agus gealltanas ‘diongbháilte’ tugtha ag Kim Jong-un faoi dhí-armáil'