‘Obituary’ báite sa Bhás agus sa Ghreann Dorcha

Sraith adhfhuafar aorach é ‘Obituary’ a dhéanann iarracht fhónta soláthar drámaíochta RTÉ a fheabhsú

‘Obituary’ báite sa Bhás agus sa Ghreann Dorcha

Is dúshlán leanúnach do RTÉ é saothair dhrámaíochta le dealramh a thabhairt ar an bport. Do gach sraith amhail Love/HateKin tá lán an mhála de shaothair nach fiú an deich triuf iad. Seo chugainn Obituary (Dé Céadaoin, RTÉ1), saothar adhfhuafar, aorach a dhéanann iarracht fhónta aischur drámaíochta RTÉ a fheabhsú. Cé nach bhfuil an tsraith sé chlár seo gan a laigeachtaí, is iontach an t-athrú é ó thaobh ábhair agus seánraí de. Is moladh ann féin é sin.

Ag tosach an chéad ghála deir Elvira Clancy (Siobhán Cullen) linn go raibh sí báite sa bhás ó rugadh í. Cailleadh a máthair dá droim agus sé a hathair drabhlásach (Michael Smiley) a thóg í. Í ina héan corr ar feadh a saoil. Mhair an dúil mhíchuibheasach sa bhás isteach sna déaga agus sna fichidí.

Ar amharaí an tsaoil faigheann sí post páirtaimseartha mar iriseoir leis an bpáipéar áitiúil. An cúram a dháiltear uirthi ná tuairiscí báis a scríobh agus táille €200 á íoc ar gach tuairisc acu. Nuair a deir Elvira linn nach gcailltear ach duine in aghaidh na coicíse nó mar sin tuigimid cá rachaidh an scéal uafáis aisteach seo. Ar dtús tosnaíonn sí ag scríobh tuairiscí do dhaoine atá i mbéal a mbáis le barr feabhais a chur ar a cuid scríbhneoireachta. Ansan tosnaíonn sí ag cur daoine de dhroim seoil. An rud ar fad áiféiseach, gruama ach le gearradh ann agus é greannmhar ar uairibh.

Fan na slí tugtar fogha fíochmhar faoi shaol an bhaile bhig. “Bog-standard backwater” a bhaisteann sí ar Kilraven (Béal Átha Seanaidh agus Bun Dobhráin mar ionaid scannánaíochta).

Dream cúngaigeanta, marbhánta atá bailithe den saol iad muintir an bhaile.  Tá uisce fé thalamh, nó “weird shit” ag tarlú agus beidh tochailt iriseora (Ronan Raftery) ag dul comhthreomhar le scéal Elvira. Ceann de bhunanna na sraithe ná go mbíonn slaiseanna diamhaire á gcaitheamh ag Elvira i rith an ama ina monalóg inmheánach.

Sí Mallory (Danielle Galligan) an t-aon chara sa saol aici agus i radharc léargasach amháin pléann siad an tionchar a bhí ag an mbaile beag orthu, baile nár fhág siad riamh. An laigeacht is mó atá leis an saothar ná nach bhfuil sé chomh greannmhar is ba cheart dó a bheith, nó a d’fhéadfadh sé a bheith.  Sí Cullen an láidreacht is mó atá ag an saothar seo. Tugann sí taispeántas den scoth uaithi agus í le feiscint i ngach radharc.

A gruaig dhubh, a cuntanós mílítheach agus a hiompar sóisialta liobarnach ag meabhrú Wednesday ó The Addams Family dúinn. Bean shuaite, dhorcha í ach tá gean againn uirthi ag an am céanna. Déanann an chuid eile den chliar a gcúram go paiteanta, Smiley agus Galligan go háirithe.

Ní haon sárshaothar é seo ach is fiú go mór do shúil a chaitheamh air.

Fág freagra ar '‘Obituary’ báite sa Bhás agus sa Ghreann Dorcha'