Tá obair na gcoláistí samhraidh Gaeilge chun an teanga a mhúineadh agus a chur chun cinn i measc an aosa óig molta i dtuarascáil nua ón Roinn Oideachais.
Tá na príomhthorthaí ón gcigireacht a rinneadh ar chúrsaí na gcoláistí Gaeilge le trí bliana anuas foilsithe ag an Roinn agus dea-scéal atá ann don earnáil, den chuid is mó.
Dúradh go bhfuil na coláistí Gaeilge “ag comhlíonadh a ndualgais go héifeachtach maidir le dearcadh dearfach i leith na Gaeilge a chothú i measc na scoláirí”.
Dúradh chomh maith go bhfuil “timpeallacht shábháilte agus thacúil” cruthaithe ag na coláistí agus go mbíonn na scoláirí spreagtha chun an Ghaeilge a labhairt.
Tugadh suntas sa tuarascáil, áfach, do leagan amach na gcúrsaí ag go leor coláistí a bhfuil cúrsaí coicíse a chur ar fáil ó aimsir na paindéime Covid-19 in áit cúrsaí trí seachtaine mar a bhíodh.
Dúradh sa tuarascáil go dtugann na cúrsaí trí seachtaine “níos mó ama do scoláirí iad féin a thumadh sa teanga agus níos mó deiseanna dóibh chun an teanga a shealbhú agus a úsáid”.
Tá an tuarascáil bunaithe ar chigireachtaí a rinneadh ar 272 ceacht aonair a bhí ar siúl ar 67 cúrsa Gaeilge idir 2022 agus 2024. D’fhreastail cigirí ar choláistí Gaeilge ar fud na Gaeltachta.
I measc na bpríomhláidreachtaí a d’aithin na cigirí ó thaobh an teagaisc de, dúradh gur léirigh “formhór na múinteoirí sna Coláistí Gaeilge caighdeán ard cumarsáide agus líofachta sa Ghaeilge, scileanna éifeachtacha oideolaíocha agus bainistíochta ranga, agus gaol dearfach agus measúil le scoláirí”.
Dúradh gur bhain ábhar na gceachtanna le saol laethúil na scoláirí, ar an iomlán, agus gur chabhraigh sin leo an teanga a fhoghlaim agus a úsáid.
Mar sin féin, dúradh go raibh cásanna áirithe ann go raibh gá ann “an teagasc agus an fhoghlaim a dhifreálú do na scoláirí, go háirithe iad siúd le cumas inniúlachta níos ísle acu sa Ghaeilge”. Dúradh go raibh gá “riachtanais shainiúla teanga a aithint”.
Maidir le bainistiú na gcoláistí, dúradh go raibh “an phleanáil agus an bhainistíocht ar na cúrsaí i mbeagnach gach coláiste Gaeilge éifeachtach”, go raibh gníomhaíochtaí cultúrtha eagraithe go maith agus go raibh córais chumarsáide éifeachtacha i bhfeidhm chun tacú le scoláirí.
I gcás líon beag coláistí, moladh córais mheasúnaithe “níos foirmeálta” a chur i bhfeidhm chun cumas agus dul chun cinn scoláirí sa Ghaeilge a mheas.
Dúradh sa tuarascáil gur léirigh na daltaí meon dearfach faoin “dea-atmaisféar cairdiúil” sna coláistí agus gur spreagadh iad chun an Ghaeilge a úsáid “go neamhspleách eatarthu féin”.
Luaitear sa tuarascáil gur mhéadaigh líon na scoláirí a d’fhreastail ar chúrsaí i gcoláiste samhraidh Gaeltachta ó 18,332 in 2022 go dtí 22,753 in 2024, méadú 24%.
“Is céim thábhachtach saoil í freastal ar an nGaeltacht do go leor scoláirí, agus is iontach an rud é go bhfuil an oiread sin coláistí ag tairiscint cúrsaí Gaeilge do scoláirí ar fud na tíre,” a dúirt an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee.
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo siúd a chuireann an méid sin oibre isteach in eagrú na gcúrsaí seo chun cur ar chumas an oiread sin scoláirí a bheith go hiomlán tumtha sa Ghaeilge.”
Dúirt Aire na Gaeltachta Dara Calleary gur “ábhar misnigh é a fheiceáil go bhfuil scoláirí bródúil as an nGaeilge a úsáid ina gcomhráite laethúla, rud a léiríonn spreagadh agus tiomantas láidir don teanga.”
Fág freagra ar 'Obair na gcoláistí samhraidh Gaeilge molta i dtuarascáil nua, suntas tugtha do chúrsaí níos giorra'