Obair mhór roimh Áth Cliath, údar imní do Chorcaigh, deis díoltais ag na Sáirséalaigh agus Kiely ina laoch

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar na scéalta móra ó chluichí peile, iomána agus camógaíochta an deireadh seachtaine

Obair mhór roimh Áth Cliath, údar imní do Chorcaigh, deis díoltais ag na Sáirséalaigh agus Kiely ina laoch

Seán Bugler. Pictiúr: INPHO/Evan Treacy

Obair mhór roimh Áth Cliath ar bóthar

Goillfidh sé ar fhoireann Átha Cliath gur éirigh le Maigh Eo an ceann is fearr orthu i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn. Tá naimhdeas idir na foirne céanna agus tabharfaidh sé sásamh ar leith do James Horan gur éirigh leo i mBaile Átha Cliath, fiú má choinnigh an aimsir go leor daoine sa bhaile.

Drochscéal a bhí ann d’Áth Cliath freisin mar nach bhfuil ach trí chluiche acu i bPáirc an Chrócaigh sa tsraith i mbliana. Go hiondúil is mór an buntáiste dóibh a bheith ag imirt i gceannáras CLG ach tá an dá chluiche a bhí acu ann go dtí seo caillte acu, in aghaidh Ard Mhacha agus Mhaigh Eo. As baile a chaithfidh siad cluichí a bhuachan anois más leo fanacht i Roinn 1.

Imreoidh Áth Cliath in aghaidh Chill Dara sa Droichead Nua sa chéad bhabhta eile an tseachtain seo chugainn. Ag tús na mílaoise an uair dheireanach a bhuaigh Cill Dara ar fhir na príomhchathrach sa tsraith ná sa chraobh ach ní bhfaighidh siad deis níos fearr go ceann tamaill arís.

Fiú má éiríonn le hÁth Cliath an deireadh seachtaine seo chugainn, beidh siad ar an mbóthar arís coicís ina dhiaidh sin nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar churaidh na hÉireann, Tír Eoghain, ar an Ómaigh.

Beidh foireann Dessie Farrell ar ais i bPáirc an Chrócaigh in aghaidh Dhún na nGall i mBabhta 6 ach is as baile a bheidh siad ag imirt ansin in aghaidh Mhuineacháin. B’fhéidir go mbeadh an bua ag teastáil an lá sin freisin ó Mhuineachán chun fanacht i Roinn 1 agus níl dream níos fearr ann le toradh a fháil i gcluiche tábhachtach sraithe.

Seans go mbeidh trí bhua ag teastáil chun fanacht sa Roinn. Tá obair mhór le déanamh ag Áth Cliath.

 

Brian Hurley le Christopher McKaigue agus Benny Heron. Pictiúr: INPHO/Lorcan Doherty

Údar imní ag peileadóirí Chorcaí

Thart ar dheich nóiméad isteach sa dara leath sa chluiche idir Corcaigh agus Doire i Roinn 2, bhí deis iontach ag tosach Chorcaí Stephen Sherlock an bhearna idir na foirne a laghdú go dtí aon phointe amháin. Shábháil cúl báire Dhoire, Odhrán Lynch iarracht ó Sherlock, áfach, agus chuaigh Doire ar an bhfrithionsaí ar an bpointe boise. D’éirigh le Benny Heron an liathróid a chur isteach in eangach Chorcaí agus Doire a chur seacht bpointe chun cinn.

Fágann an toradh nach bhfuil ach aon phointe amháin ag Corcaigh tar éis trí bhabhta agus fanacht slán i Roinn 2 an sprioc a bheidh anois acu. Ach ní gá go mbuailfeadh aon scaoll na Corcaígh fós mar tá foirne eile ag streachailt ag bun na roinne. Níl ach pointe ag an Dún agus contae na Mí agus tá Uíbh Fhailí ag bun an tábla gan pointe ar bith, cé go bhfuil cluiche sa bhreis fós le himirt acu. Mar sin féin ní ag éirí níos éasca a bheidh cúrsaí do Chorcaigh agus Gaillimh ag dul ó dheas don chéad bhabhta eile. 

Má dhíbrítear Corcaigh ón roinn i mbliana, bheidís níos measa as ná Áth Cliath dá rachaidís sin síos. Mar gheall ar na hathruithe atá le teacht i bhfeidhm sa chraobh i mbliana, bheadh ar Chorcaigh an ceann is fearr a fháil ar Chiarraí i mbabhtaí leathcheannais Chraobh na Mumhan nó bheadh foireann Kieran Ricken ag imirt i gCorn Tailteann.

Bhí beagán dóchais ag lucht peile Chorcaí ag tús na bliana le teacht Ricken agus feachtas i Roinn 2 rompu. Beidh súil acu nach dóchas gan údar a bhí ann.

Niamh McGrath. Pictiúr: INPHO/Tom Maher

An tAbhallort-An Bealach agus na Sáirséalaigh ar ais le chéile

Seans nár tugadh an deis chomh tobann sin riamh d’aon fhoireann díoltas a bhaint amach ar dhream a bhuaigh orthu i gcluiche ceannais na hÉireann is atá tugtha do Sháirséalaigh na Gaillimhe sa Chraobh Shinsir Camógaíochta.

Ar an 18 Nollaig 2021 a d’imir na Sáirséalaigh agus An tAbhallort-An Bealach as Loch Garman i gcluiche ceannais na craoibhe 2020, a bhí curtha siar de bharr na paindéime. Bhuaigh mná Loch Garman an lá sin ach imreoidh na foirne in aghaidh a chéile arís i gcluiche ceannais 2021, atá socraithe don 6 Márta, 79 lá tar éis an chéad chluiche ceannais.

Bhí an tAbhallort-An Bealach i bhfad rómhaith do churaidh na Mumhan, An Scairbh-Tuagh Ó gConaíle as contae an Chláir, ag an deireadh seachtaine agus an cluiche buaite acu ar scór 3-11 in aghaidh 0-2.

Ba ghéire an choimhlint sa chluiche eile agus bhí am breise ag teastáil chun na Sáirséalaigh agus Sleacht Néill Dhoire a scaradh óna chéile. Bhí an poc éirice a scóráil Siobhán McGrath san am breise sin cinniúnach agus an cluiche buaite le haon phointe amháin, 2-4 in aghaidh 0-9, ag na Gaillimhigh.

Seo é an cúigiú cluiche ceannais ag na Sáirséalaigh le sé bliana anuas ach gan aon cheann buaite acu agus is maith an spreagadh a bheidh ansin. 

 

Mikey Kiely le Jack Fitzpatrick. Pictiúr: INPHO/Tommy Grealy

Mikey Kiely ina laoch ag Ollscoil Luimnigh arís

Bhí an chuma ar an scéal Déardaoin seo caite gur briseadh croí eile a bhí i ndán d’fhoireann Ollscoil Luimnigh ar pháirc IT Cheatharlach. Díreach lá tar éis do pheileadóirí na hollscoile cluiche ceannais Chorn Mhic Shigiúir a chailliúint ansin, bhí iománaithe Ollscoil Luimnigh cúpla pointe chun deiridh ar an bhfoireann baile agus an t-am nach mór caite in am breise. Ba é Mikey Kiely slánaitheoir na mac léinn, áfach, nuair a chuir sé poc saor iontach go cúl na heangaí chun áit a bhaint amach sa chluiche ceannais.

OÉ Gaillimh a bhí rompu sa chluiche sin, mar a bhí sa chluiche ceannais peile, agus bhí an chuma ar chúrsaí arís go bhfaigheadh foireann na Gaillimhe an ceann is fearr orthu. Bhí OÉ Gaillimh ceithre phointe chun tosaigh agus an cluiche beagnach thart ach d’athraigh rudaí nuair a cuireadh, mar a tharla sé, Luimníoch ar fhoireann na Gaillimhe den pháirc. 

Níor bhreathnaigh sé go raibh mórán as bealach déanta ag Cian Lynch ach taispeánadh cárta dearg d’Iománaí na Bliana 2021 agus scóráil Ollscoil Luimnigh ceithre phointe as a chéile chun na foirne a thabhairt cothrom. Díreach nuair a cheapfá go mbeadh am breise ag teastáil, cé eile a dhéanfadh an gaisce mór ach Mikey Kiely? Fuair Kiely cúl d’OIlscoil Luimnigh agus bhí Corn Mhic Ghiobúin ar a bhealach go Luimneach.  

Fág freagra ar 'Obair mhór roimh Áth Cliath, údar imní do Chorcaigh, deis díoltais ag na Sáirséalaigh agus Kiely ina laoch'