Nuls points don chomórtas Eoraifíse ach lánmharcanna do Jimmy Hasty

Ní haon bhréag a rinne an té a cheap teideal an chláir ‘One-Armed Wonder – the extraordinary story of Jimmy Hasty’

Nuls points don chomórtas Eoraifíse ach lánmharcanna do Jimmy Hasty

An t-uafás sin ar a dtugtar an ‘Comórtas Amhránaíochta Eoraifíse’ a dhíbir amach as seomra na teilifíse mé oíche Dé Máirt seo caite – níorbh é an chéad gheábh sin déanta aige. I ndeireadh báire, is amhlaidh go mba buíoch a bhí mé dó ar chúiseanna a mhíneoidh mé ar ball.

Sa gcomórtas céanna is ‘Nuls points’ an breithiúnas a bhíonn ag cuid mhaith de na moltóirí idirnáisiúnta ar iarrachtaí gur bheag de mheas a bhíonn acu orthu. Bhí ráiteas i bhfad níos fearr ná sin ag seanchara de mo chuid atá anois ar Shlí na Fírinne. “B’fhearr liom a bheith ag éisteacht leis an asal ag bromannaí,” a deireadh sé faoi amhrán nó amhránaí nach mbíodh thar mholadh beirte, dar leis!

Sin mise agus an Eoraifís.

Níor mhiste liom, ach ó b’annamh liom súil a chaitheamh ar chluiche sacair ar an mbosca, bhí ceann maith go leor i Sraith na Seaimpíní idir Real Madrid agus Manchester City ar siúl ar RTÉ 2 ag an am céanna.

Air sin a thug mé aird, an chéad uair riamh agam a leithéid a dhéanamh ar an ríomhaire glúine.

De dhearmad d’fhág mé ar siúl é agus mé ag déanamh braon tae dom féin nuair a chríochnaigh an imirt. Ar m’fhilleadh agus na fógraí thart, thug bean an leanúnachais le fios go mba leis an sacar a bhainfeadh an chéad chlár eile freisin – One-Armed Wonder – the extraordinary story of Jimmy Hasty.

Ní haon bhréag a rinne an té a cheap an teideal. Laoch ann féin ab ea imreoir na leathláimhe a raibh cuimhne mhaith agam air ó laethanta m’óige. Thug clár ina thaobh léargas maith a chumas agus freisin ar ré órga Shraith Sacair na hÉireann agus ar an tragóid a bhain lena bhás.

Idir 1962 agus 1969 bhíodh idir 30,000 agus 40,000 duine i láthair ag cluichí ceannais Chorn an FAI agus oiread de leathanaigh spóirt na nuachtán faoi shacar na hÉireann agus a bhíodh faoi chluichí CLG.

Bhuaigh Ruagairí na Seamróige an Corn seacht n-uaire idir 1962 agus 1969, ach cé is moite de 1964, chinn ar na Ruagairí a gceannas sa gCorn a chur in iúl ar tháblaí an tsraithchomórtais.

Le linn an achair sin, thug Droim Conrach an tsraith leo faoi dhó (1961 agus 1965) agus Shelbourne (1962), ach ina dhiaidh sin thosaigh greim na príomhchathrach ar chluiche an tsacair ag dul i léig le buanna Dhún Dealgan (1963 agus 1965) agus Phort Láirge Aontaithe (1966, 1968 agus 1969).

Bliain i ndiaidh bliana, d’imríodh dornán de na clubanna Éireannacha i gcomórtais na hEorpa – Corn na hEorpa, Comórtas Bhuaiteoirí na gCorn agus Corn Fairs na gCathracha. Ba mhinic cáil orthu siúd a bhíodh ina gcoinne – CSKA Sofia, Real Zaragosa, Athlético Madrid, Sporting Lisbon, Rapid Vienna, Bayern Munich agus FC Zürich.

D’imir Dún Dealgan in aghaidh Zürich i 1964. Cé gur chailleadar an chéad imirt eatarthu 0-3 ar Pháirc Chnocán an Dálaigh, bhuaigh siad 2-1 sa dara cluiche san Eilvéis. Riamh roimhe ná ó shin níor bhuaigh aon fhoireann de chuid na tíre seo as-baile i gCorn na Seaimpíní. Ba é Jimmy Hasty a scóráil ceann de na cúil dóibh. B’in an 35ú cúl scóráilte aige an séasúr sin.

I gceantar na nduganna i gCathair Bhéal Feirste a saolaíodh Hasty sa mbliain 1936. An Luan tar éis dó an scoil a fhágáil in aois a 14 bliain, thosaigh sé ag obair i muileann línéadaigh gar dá bhaile. Ní raibh déanta aige ach cúpla uair an chloig nuair a chuaigh muinchille a léine i bhfostú i meaisín. Bhí sé chomh leonta sin nach raibh de rogha ann ach an lámh chlé a bhaint de, óna ghualainn anuas.

Níor fhág sin go mb’éigean dó cúl a thabhairt don sacar, an cluiche ab ansa leis agus ceann ina raibh gealladh faoi.

Go deimhin bhíodar ann a mheas nárbh aon mháchail air ar tharla dó, ach a mhalairt. Dá bharr agus é ag scóráil na gcúl ba nós leis lánúsáid a bhaint as an stumpa a bhí fanta le cosantóir a choinneáil ar an talamh fad agus a bhí sé féin ag léim.

Bhí Jimmy Hasty 23 bliain d’aois nuair a thosaigh sé ag imirt le Iúr Chinn Trá i Roinn 2 de Shraith an Tuaiscirt. Scóráil sé 38 cúl dóibh nuair a bhuaigh siad an tsraith sin agus nuair a thuill siad ardú céime.

Chuala duine de stiúrthóirí Dhún Dealgan, Jim Malone, faoina chumas agus ag tús shéasúr 1960, thug cuairt ar an Iúr go bhfeicfeadh sé Hasty ag imirt. Ar fhilleadh abhaile dó mhol sé dá chomhghleacaithe gur cheart é a cheannacht, ach bhí amhras orthusan mar gheall ar an leathlámh.

Bhí Malone chomh cinnte dá bharúil gur dhúirt sé go n-íocfadh sé an costas as a phóca féin.

Pébrí cén táille a bhí i gceist, ba shladmhargadh a bhí ann. As sin go ceann sé bliana, scóráil Jimmy 103 cúl do Dhún Dealgan, ina measc 59 i 98 cluiche sraithe.

Ba i mBéal Feiste a chuir sé faoi ar feadh a shaoil – fiú le linn dó a bheith ag imirt i Sraith na hÉireann. Faoin am ar éirigh sé as sin bhí sé pósta agus beirt mhac aige. Ag obair i siopa geallghlacadóireachta ina cheantar dúchais a bhí sé agus ar an 11 Deireadh Fómhair 1974 dúnmharaíodh é agus é ag déanamh ar an obair de shiúl a chos. Gníomh díoltais a bhí ann, a dúirt na paraimíleataigh Dhílseacha, The Ulster Protestant Action Group.

Fág freagra ar 'Nuls points don chomórtas Eoraifíse ach lánmharcanna do Jimmy Hasty'

  • Seán

    Fathach fir a bhí ann, ag foghlaim agus ag déanamh fiosrúcháin air. Tá sé curtha faoi chré na cille i Reilig Bhaile an Mhuilinn, Béal Feirste. Saol thar a bheith suimiúil spreagúil a bhí aige.

    Is trua nach dtiocfadh le muintir na sé chontae amharc ar an chlár iontach, fiú muintir Jimmy Hasty iad féin!!! Cosc eile ó RTÉ…..ár gcraoltóir náisiúnta.