‘Nuair a bhíonn tú ag fáil réidh do chluiche leathcheannais na hÉireann, bíonn sé sách éasca traenáil sa bpuiteach’ – Maghnus Breathnach

Labhair cúl báire an Spidéil le Tuairisc.ie faoi obair ullmhúcháin a chumainn agus iad ag fáil réidh do chluiche leathcheannais na hÉireann

‘Nuair a bhíonn tú ag fáil réidh do chluiche leathcheannais na hÉireann, bíonn sé sách éasca traenáil sa bpuiteach’ – Maghnus Breathnach

Maghnus Breathnach ag imirt don Spidéal i gcluiche ceannais Chraobh Idirmheánach na Gaillimhe. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Ní hí an Nollaig an t-am is éasca den bhliain le traenáil chrua a dhéanamh. Nuair a bhí muid uile ag placadh agus ag ól cois tine, bhí peileadóirí an Spidéil amuigh sa bhfuacht agus sa dorchadas ag ullmhú.

Tar éis dóibh Craobh Idirmheánach Chonnacht a bhuachan mí na Samhna, tá na Gaillimhigh anois ag réiteach do chluiche leathcheannais na hÉireann, a imreofar Dé Domhnaigh i gcoinne sheaimpíní Aontroma agus Uladh, Naomh Éanna.

Agus é ag imirt d’fhoireann shinsir na Gaillimhe le roinnt blianta anuas, tá taithí ag cúl báire an Spidéil, Maghnus Breathnach, ar an traenáil i lár an gheimhridh, ach deir sé go bhfuil sé níos éasca ag gach duine luí isteach ar an obair nuair atá sprioc chomh taibhsiúil sin rompu agus atá roimh an Spidéal faoi láthair.

“Nuair a bhíonn cluiche leathcheannais na hÉireann amach romhat, bíonn sé sách éasca dul amach ag traenáil,” arsa an Breathnach agus é ag gáire.

“I ndáiríre, bhí chuile dhuine de na leaids amuigh ag obair go crua, ag snámh, sa gym, amuigh ar an bpáirc leo féin. Sin a bhí uainn chun go mbeadh muid in ann an cluiche seo a bhuachan. Tá a fhios againn go bhfuil cluiche deacair romhainn in aghaidh Naomh Éanna.”

Fiú agus fear a bheadh ag traenáil le foireann an chontae, bheadh neart sa mbaile ag iarraidh é a mhealladh amach aimsir na Nollag, ach deir an Breathnach go ndearna sé rudaí níos éasca dó go raibh an chuid is mó dá chairde ag tiaráil leis sa bpuiteach.

“Ní raibh mórán cainte ann faoin ól, i ndáiríre. Bhí sé feicthe againn anuraidh gur mó sásamh a bhaineann muid as bua nuair a chuireann muid an obair isteach agus ansin bíonn muid uile in ann dul amach lena chéile.”

Keith Ó Donnchu (Micheál Breathnach) agus Maghnus Breathnach (An Spidéal) Pictiúr: INPHO/Tommy Grealy

Is cinnte go bhfuair an Spidéal neart taithí ar chluichí a bhuachan anuraidh agus bliain stairiúil acu in 2018. Chuaigh siad chomh fada le cluiche ceannais Chomórtas Peile na Gaeltachta i nGaillimh agus bhain siad an t-ardú céime amach i Roinn 2 na sraithe ach, níos tábhachtaí, thug siad leo craobhacha idirmheánacha na Gaillimhe agus Chonnacht den chéad uair riamh.

Ní gan dua a d’éirigh leo na gaiscí sin a dhéanamh ach an oiread.

Sna cluichí móra uile a d’imir siad i mbliana, ní raibh oiread na fríde idir an Spidéal agus a gcéilí comhraic ach tháinig siad slán gach uair. Faoi dhó, in athimirt chluiche ceannais an chontae agus i gcluiche leathcheannais Chonnacht, bhí siad chun deiridh agus an t-am caite, ach níor bhuail aon scéin iad agus d’éirigh leo na scóranna cinniúnacha a fháil chun na cluichí a bhuachan in am breise.

Seo cumann ar chinn orthu dul níos faide ná babhta ceathrú ceannais na craoibhe seacht mbliana as a chéile roimhe seo. Is iontach an t-athrú é. Deirtear go dtagann ciall le haois ach ceann de na rudaí is suntasaí faoi fhoireann an Spidéil ná gurb iad cuid de na fir is óige ar an bpáirc acu atá á spreagadh in am an ghátair.

“Tá taithí faighte againn anois agus tuigeann muid, má éiríonn linn fanacht sa gcluiche go dtí an cúpla nóiméad deireanach, go mbeidh seansanna againn scóranna a fháil,” a mhíníonn Breathnach.

Níl sé féin ach 27 bliain d’aois, ach tá an Breathnach ar dhuine de na himreoirí is sinsearaí atá ar an bhfoireann agus cé go ndéanann sé iarracht comhairle a cur ar na leaideanna óga a bhíonn timpeall air, is annamh go mbíonn sin ag teastáil.

“Tá go leor taithí ag na leaids s’againne, fiú má tá siad fós óg. Liam Ó Ceallaigh, Antaine Ó Laoi, Finnian Ó Laoi, Pádraig Eoin Ó Curraoin agus a leithéidí. Tá siad sin uile tar éis a bheith ag imirt le Gaillimh le cúpla bliain anuas. Bíonn duine nó dhó againn i gcónaí chun seasamh suas agus cúpla rud a rá.”

Gné eile d’imirt an Spidéil a rachadh i bhfeidhm ar dhuine ná ról an chúl báire féin agus é le feiceáil go minic ar ruathair suas an pháirc. Iad siúd a bhfuil dearcadh seanfhaiseanta acu, chuirfeadh a leithéid soir iad ach ní fhéadfá a rá nárbh fiú na ruathair. Agus an Spidéal pointe chun deiridh in athimirt chluiche ceannais na Gaillimhe, chuaigh Breathnach ar ruathar agus an t-am caite. D’éirigh leis cic saor a fháil agus bhuail sé an liathróid idir na postaí chun am breise a chinntiú.

“Chaith mé na blianta ag imirt i lár páirce don Spidéal agus is dóigh go bhfuil go leor taithí agam a bheith ag imirt amach ón gcúl,” a deir sé. “Ní tada nua agamsa dul amach faoin bpáirc agus tá a fhios ag na leaids s’againne súil a choinneáil ar an gcúl nuair atá mise ag dul amach ar ruathar. B’fhéidir go gcuireann sé ruainne beag ‘panic’ ar na foirne eile ach tá a fhios againn féin céard atá muid a dhéanamh!”

Breathnach sa chúl do Ghaillimh in aghaidh Mhaigh Eo an deireadh seachtaine seo caite. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Beidh Breathnach ag iarraidh faitíos a chur ar fhoirne idirchontae i mbliana agus é ar ais ar phainéal sinsir Kevin Walsh. Sheas sé siar ón bpainéal anuraidh agus dhírigh sé ar an Spidéal agus, cé go raibh sé sin deacair, tá Breathnach anois den tuairim gur ghlac sé an cinneadh ceart.

“Sheas mé siar mar nach raibh mé sásta leis an gcaoi a raibh mé féin ag imirt do Ghaillimh. Níor cheap mé go raibh mé ag tabhairt mo dhóthain don phainéal,” a deir sé. “Ach tar éis dom an bhliain a thógáil saor, go leor cluichí a imirt agus a bheith ag imirt do mo chumann féin, tá mé tagtha ar aghaidh arís. Tá muinín agam arís agus tá sé soiléir go bhfuil mé ag baint an-sásamh as mo chuid peile.”

Bhí Breathnach sa chúl don chluiche idir Gaillimh agus Maigh Eo sa tsraith FBD Dé Domhnaigh seo caite agus shábháil sé péire de chiceanna éirice chun áit sa chluiche ceannais a bhaint amach do Ghaillimh.

Dar ndóigh, ní bheidh Breathnach ag imirt in aghaidh Ros Comáin sa chluiche sin, amuigh ar an bpáirc san Uaimh a bheidh sé agus áit i gcluiche ceannais eile ar intinn aige.

Fág freagra ar '‘Nuair a bhíonn tú ag fáil réidh do chluiche leathcheannais na hÉireann, bíonn sé sách éasca traenáil sa bpuiteach’ – Maghnus Breathnach'