Deir an t-iarSheanadóir Gaeltachta, Pádraig Ó Céidigh, go gceapann sé gur “nósmhaireacht mhaith é ó thaobh cúrsaí daonlathais de” go mbeadh Fianna Fáil sásta breathnú taobh amuigh den pháirtí ó am go chéile.
Deir sé go gceapann sé gur rud “fíor-dheimhneach” é go bhfuil an páirtí ábalta a leithéid a dhéanamh chun go bhfeicfidh siad “cé hé nó hí an duine is fearr le haghaidh post poiblí”.
Bhí an t-iarSheanadóir Gaeltachta agus fiontraí as an Spidéal, ar dhuine de na daoine a labhair le Fianna Fáil faoi sheasamh don uachtaránacht sular shocraigh an páirtí Jim Gavin a roghnú mar iarrthóir.
Sa tuarascáil athbhreithnithe ar fheachtas uachtaránachta Fhianna Fáil, deirtear go ndeachaigh Pádraig Ó Céidigh, fiontraí aitheanta as an Spidéal i gConamara, i dteagmháil le hardrúnaí an pháirtí, Seán Dorgan, chun a chuid suime sa ról a chur in iúl i mí na Samhna 2024.
Labhair Dorgan agus Ó Céidigh lena chéile arís idir Aibreán agus Bealtaine na bliana seo agus dúradh leis an iarSheanadóir i mí Lúnasa go raibh ceannaireacht an pháirtí “ag díriú ar iarrthóir eile”.
Ag labhairt dó le Tuairisc inné, dúirt Ó Céidigh, a bhí ina Sheanadóir neamhspleách idir 2016 agus 2020, gurbh é Micheál Martin “a mhol” a ainm do Enda Kenny, a bhí ina Thaoiseach ag an am, agus gur sin an dóigh ar bhain sé an Seanad amach ach nár rith sé leis aon uair ballraíocht a thógáil amach sa pháirtí.
Dúirt sé nach bhfuil sé ina bhall d’Fhianna Fáil nó d’Fhine Gael agus nach raibh sé mar bhall “d’aon pháirtí polaitiúil riamh”.
Deir sé, dá mba rud é go mbeadh sé tofa mar Uachtarán na hÉireann, go dtabharfadh sé “céad faoin gcéad iarracht dó” agus go ndéanfadh sé “an jab is fearr” go bhféadfadh sé a dhéanamh.
“Ní hin le rá go mbeinn go dona nó go mbeinn iontach ach caithfidh tú a dhul isteach ann, oibriú ann agus forbairt a dhéanamh de réir mar atá tú ag dul ar aghaidh,” a dúirt sé.
Thug sé le fios go raibh sé “an-sásta” nach raibh sé páirteach sa bhfeachtas don uachtaránacht, go raibh sé an-sásta lena shaol agus nach raibh “caitheamh ina dhiaidh” aige “beag ná mór”.
Agus é ag tagairt d’fheachtas Chatherine Connolly, dúirt sé nach raibh sé “ag breathnú air ó lá go chéile nó ag breathnú go mion air”.
“Bhí feachtas maith aici de réir mar a thuigim agus tugaim chuile thacaíocht di agus tá súil agam go n-éireoidh léi mar Uachtarán.”
Ag caint faoin tuarascáil athbhreithnithe ar fheachtas uachtaránachta Fhianna Fáil, dúirt sé go bhfuil “an tuarascáil réasúnta go maith,” agus go nglacann sé leis na moltaí éagsúla ann ach “go mba chóir go mbeadh ionchur ag comhairleoirí contae ann”.
Fág freagra ar '‘Nós maith breathnú taobh amuigh den pháirtí d’iarrthóirí ó am go chéile’ – Ó Céidigh'