Cainteoirí líofa Gaeilge i measc na ndaoine a léirigh suim seasamh d’Fhianna Fáil i dtoghchán na huachtaránachta

Bhí an t-iarSheanadóir, Pádraig Ó Céidigh, an Feisire Eorpach, Cynthia Ní Mhurchú agus an t-iar-aire oideachais Mary Hanafin i measc na ndaoine a léirigh suim seasamh d’Fhianna Fáil i dtoghchán na huachtaránachta

Cainteoirí líofa Gaeilge i measc na ndaoine a léirigh suim seasamh d’Fhianna Fáil i dtoghchán na huachtaránachta

Bhí an t-iarSheanadóir Gaeltachta agus fiontraí Pádraig Ó Céidigh, ar dhuine de na daoine a labhair le Fianna Fáil faoi sheasamh don uachtarántacht sular shocraigh an páirtí Jim Gavin a roghnú mar iarrthóir. 

Pléadh tuarascáil athbhreithnithe ar fheachtas uachtaránachta Fhianna Fáil ag cruinniú parlaiminte de chuid an pháirtí i dTeach Laighean aréir.

De réir na tuarascála bhí triúr cainteoirí líofa Gaeilge, an t-iarSheanadóir, Pádraig Ó Céidigh an Feisire Eorpach, Cynthia Ní Mhurchú agus an t-iar-aire oideachais, Mary Hanafin i measc na ndaoine a léirigh suim seasamh d’Fhianna Fáil i dtoghchán na huachtaránachta sular roghnaíodh Jim Gavin mar iarrthóir an pháirtí.

Sa tuarascáil athbhreithnithe, deirtear go ndeachaigh Pádraig Ó Céidigh, fiontraí aitheanta as an Spidéal i gConamara, i dteagmháil le hardrúnaí an pháirtí, Seán Dorgan, chun a chuid suime sa ról a chur in iúl i mí na Samhna 2024.

Dúradh leis ag an am nach raibh cinneadh ar bith déanta faoi cé a bheadh Fianna Fáil ag cur chun tosaigh mar iarrthóir don uachtaránacht.

Deirtear sa tuarascáil gur labhair Dorgan agus Ó Céidigh lena chéile arís idir Aibreán agus Bealtaine na bliana seo agus gur dúradh leis an iarSheanadóir i mí Lúnasa go raibh ceannaireacht an pháirtí “ag díriú ar iarrthóir eile”.

Bhí an Feisire Eorpach, Cynthia Ní Mhurchú, ar dhuine de na Gaeilgeoirí eile a léirigh suim sa ról agus tugadh le fios sa tuarascáil go ndeachaigh sí i dteagmháil le Micheál Martin i mí Lúnasa 2025 chun a suim a chur in iúl.

Dúirt an Taoiseach aréir, agus é ag caint faoi Ní Mhurchú, go mbeadh sé “dúshlánach” a bheith roghnaithe mar iarrthóir do ról úr agus gan mórán ama caite aici ina ról mar Fheisire Eorpach.

Léirigh an t-iar-aire oideachais Mary Hanafin suim sa ról chomh maith. Tá ráite ag Hanafin cúpla uair nach raibh sí sásta leis an phróiseas a bhain le hiarrthóir a roghnú.

Dúradh gur scríobh sí chuig an bpáirtí cúpla uair, nár tháinig duine ar bith ar ais chuici agus nár choinnigh duine ar bith ar an eolas í faoi cad go díreach a bhí ag tarlú maidir leis an phróiseas roghnúcháin.

“Suim áirid” ag bhí ag an iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív a ainm a chur chun tosaigh do thoghchán na huachtaránachta ach níor luadh a ainm sa tuarascáil.

Dúirt sé roimhe seo gur fágadh an próiseas roghnúcháin “ródheireanach” agus go mba cheart go mbeadh “próiseas oscailte” ann mar a bhíodh ag Fianna Fáil roimhe seo.

Ba é Jim Gavin agus agus an Feisire Eorpach Billy Kelleher, a tháinig sa dara háit sa toghchán inmheánach a reáchtáil Fianna Fáil le hiarrthóir uachtaránachta a roghnú, an t-aon bheirt a lorg ainmniúchán an pháirtí sa deireadh.

Tugadh le fios sa tuarascáil athbhreithnithe gur chosain an feachtas Uachtaránachta idir €350,000 agus €400,000 ar Fhianna Fáil.

Léiríodh míshástacht ag an chruinniú de pháirtí parlaiminte Fhianna Fáil aréir leis an phróiseas roghnúcháin agus dúradh gur thug Martin neamhaird ar a pháirtí chun a chinntiú nach mbeadh deis ag iarrthóir ar bith eile ach amháin Jim Gavin.

D’éirigh Jim Gavin as an bhfeachtas i dtús mhí Dheireadh Fómhair mar gheall ar chonspóid faoi shuim airgid €3,300 nár íoc sé le hiarthionónta dá chuid.

Dúradh sa tuarascáil gur cuireadh ceist ar Jim Gavin faoi dhó sular roghnaíodh é mar iarrthóir cé acu an raibh fírinne ar bith sa scéal faoin airgead nár íocadh.

Dúirt Gavin nach raibh cuimhne ar bith aige faoi rud ar bith a bhain le hairgead a íoc ar ais leis an iarthionónta.

Chosain Micheál Martin é féin go láidir ag an chruinniú parlaiminte de chuid an pháirtí. Dúirt an Teachta Dála Gaeltachta as Dún na nGall, Pat ‘the Cope’ Ó Gallchóir nach raibh an chonspóid “thart go fóill”.

Fág freagra ar 'Cainteoirí líofa Gaeilge i measc na ndaoine a léirigh suim seasamh d’Fhianna Fáil i dtoghchán na huachtaránachta'