‘Nobody speaks it so it wouldn’t make any sense’ – raic ar líne faoi fhreagra comhlachta maidir le seirbhís Gaeilge

Tá go leor daoine curtha amach faoin ‘drochmheas’ a léirigh comhlacht cuntasaíochta, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, ar an nGaeilge

‘Nobody speaks it so it wouldn’t make any sense’ – raic ar líne faoi fhreagra comhlachta maidir le seirbhís Gaeilge

Tá sé ina raic ar líne mar gheall ar an “drochmheas” ar an Ghaeilge a deirtear a léirigh comhlacht bogearraí cuntasaíochta atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. 

An comhlacht Bullet, a chuireann seirbhísí agus bogearraí cuntasaíochta ar fáil do ghnóthaí beaga, a chuir an tvuít chonspóideach amach ar a gcuntas nuair a cuireadh ceist orthu an raibh bogearraí dá gcuid ar fáil i nGaeilge.

An scríbhneoir, aisteoir agus foilsitheoir Eoghan Mac Giolla Bhríde a d’fhiosraigh an scéal.

Agus an cheist á freagairt, dúirt urlabhraí Bullet nach ndéanfadh sé ciall ar bith don chomhlacht bogearraí a chur ar fáil i nGaeilge toisc gan an teanga a bheith á labhairt ag aon duine.

Thuill freagra Mhic Giolla Bhríde ar ráiteas Bullet a mhaígh nach ann do chainteoirí Gaeilge breis agus míle croí agus léirigh go leor daoine a dtuairimí faoin scéal.

Fág freagra ar '‘Nobody speaks it so it wouldn’t make any sense’ – raic ar líne faoi fhreagra comhlachta maidir le seirbhís Gaeilge'

  • Breathnóir1

    Ach b´fhéidir nach raibh siad ag iarraidh poiblíocht a dhéanamh dóibh féin?
    Is cosúil gur éirigh leo sa mhéid sin, má bhí…

  • Straitéis 20 bhliain mo thóin

    Dá mbeadh 23% de bhunscoileanna na tíre ina nGaelscoileanna (mar atá á iarraidh ag 23% de thuistí an deiscirt) ní bheadh treabhanna Bullets na tíre in ann a rá “no one speaks it”. Is leis an Eaglais Chaitliceach agus FG FF a ba chóir an raic a thógaint.