Níor chaith Roinn na Gaeltachta aon phingin ar chomóradh grúpa seicteach sa Tuaisceart – Chambers

Deir Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers gur bhronn a roinn airgead ar Ghníomhaireacht na hUltaise d’fhéile ag a ndearnadh comóradh ar na B-Speisialtaigh ach gurb iad lucht na féile féin a d’íoc as an gcuid sin di

Níor chaith Roinn na Gaeltachta aon phingin ar chomóradh grúpa seicteach sa Tuaisceart – Chambers

Tá séanta ag Aire Stáit na Gaeltachta gur chaith a Roinn airgead ar bith ar chomóradh a rinneadh ar na B-Speisialtaigh.

Deir Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers gur bhronn a roinn airgead ar Ghníomhaireacht na hUltaise d’fhéile ag a ndearnadh comóradh ar na na B-Speisialtaigh ach gurb iad lucht na féile féin a d’íoc as an gcuid sin di.

Dúirt an tAire Stáit nach ndeachaigh aon phingin de mhaoiniú Roinn na Gaeltachta i dtreo an chuid den ócáid inar ghléas daoine i gcultacha na mB-Speisialtach agus ina ndearnadh athléiriú ar dhruileanna an fhórsa sin.

Fórsa cúltaca de chuid na bpóilíní a bhí sna B-Speisialtaigh nó Constáblacht Speisialta Uladh, mar a tugadh orthu go hoifigiúil. Ba Phrotastúnaigh iad formhór mór na mball agus bhain conspóid leo as na hionsaithe a rinne an grúpa ar Chaitlicigh le linn Chogadh na Saoirse agus arís sna 1960idí.

Agus é ag freagairt ceist Dála ón Teachta de chuid Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, thug an tAire Stáit Chambers le fios gur chuir Gníomhaireacht na hUltaise £2,359 ar fáil chun roinnt ócáidí ag ceiliúradh na hUltaise a eagrú ach gurbh iad lucht na féile féin a d’íoc as an gcomóradh ar na B-Speisialtaigh.

“Bhí ócáidí éagsúla ar an gclár a rinne iarracht daoine, idir óg agus aosta, a mhealladh i dtreo ghnéithe áirithe de theanga, de chultúr agus d’oidhreacht na hUltaise. Mar a dúirt mé cheana leis an Teachta, níor lorg agus níor bhronn Gníomhaireacht na hUltaise maoiniú ar an ‘living history component’ atá luaite.”

Dúirt Chambers gur caitheadh an t-airgead a tugadh do Ghníomhaireacht na hUltaise ar amhránaí, ar chaint a tugadh ar shaothar Sam Henry, ar cheardlann ealaíon agus ceardaíochta, ar cheol traidisiúnta Ultaise, ar fhilíocht agus damhsa, ar ardán do bhanna ceoil agus ar chóras fuaime a fháil ar cíos.

“Cuireadh in iúl dom gurb iad eagraithe na féile a mhaoinigh an chuid áirithe den ócáid atá luaite ag an Teachta agus ní Gníomhaireacht na hUltaise.”

Dúirt an tAire Stáit go raibh súil aige go raibh an Teachta Aengus Ó Snodaigh chun na ceisteanna céanna a chur ar an Roinn Pobal ó thuaidh, mar a bhfuil Deirdre Hargey Shinn Féin ina hAire. Faigheann Gníomhaireacht na hUltaise formhór a maoinithe ón Roinn Pobal.

Dúirt Ó Snodaigh go raibh an scéal pléite aige lena chomhghleacaí, cé nach raibh sí freagrach dó mar nach comhalta de Thionól Stormont é féin. Thug Ó Snodaigh le fios freisin go raibh an scéal pléite leis an gcomhairle áitiúil a thug maoiniú don fhéile.

Bhí an gníomhaí Eamonn McCann ina measc siúd a cháin an comóradh a bhí le déanamh ar na B-Speisialtaigh.

Agus é ag labhairt leis an Irish Times an mhí seo caite, dúirt McCann nach raibh aon nasc idir traidisiún na hUltaise agus stair na mB-Speisialtach agus nach raibh an t-athléiriú “ceart ná cóir”.

Bhí McCann páirteach sa mhórshiúl ar son cearta sibhialta i mBun Tolaide i nDoire i 1969 nuair a rinne na B-Speisialtaigh ionsaí ar dhaoine.

Fág freagra ar 'Níor chaith Roinn na Gaeltachta aon phingin ar chomóradh grúpa seicteach sa Tuaisceart – Chambers'