Nimh sa bhfeoil i dtír an tangó: géarchéim pholaitiúil san Airgintín

Tá polaitíocht na hAirgintíne ina cíor thuathail agus tacaíonn níos lú daoine ná riamh leis an Uachtarán Cristina Fernández de Kirchner. Tá binb thar na bearta sa dioscúrsa poiblí, dar le John Walsh a thug tamall in Buenos Aires le déanaí

Cristinakirchnermensaje2010

An póstaer i bhfuinneog an tsiopa leabhar ar Avenida de Mayo in Buenos Aires ab fhearr a leag an mhéar ar ghéarchéim pholaitiúil na hAirgintíne faoi láthair: Este no es un libro: es una bomba (‘ní leabhar é seo, is buama é’). Fógraíocht gháifeach á déanamh ar bheathaisnéis Cristina Fernández de Kirchner, La Dueña (‘An tUínéir’) leis na hiriseoirí Miguel agus Nicolás Wiñazki. Jorge Lanata, duine de na hiriseoirí is mó cáil san Airgintín, a tharraing an chomparáid idir an leabhar agus buama. Is ríchruinn an cur síos é meafar an bhuama ar pholaitíocht na hAirgintíne ó tháinig ann do mhuintir Kirchner ar an stáitse náisiúnta agus is mór agus is minic iad na pléascánna ó shin.

Sa bhliain 2003 a toghadh Néstor Kirchner ina uachtarán ar an Airgintín. Tháinig a bhean Cristina i gcomharbacht air i 2007. Cailleadh Néstor i 2010 agus atoghadh Cristina i 2011. Ó shin i leith, séideadh an-chuid buamaí polaitiúla a bhfuil an bonn bainte acu dá húdarás mar Uachtarán agus a bhfuil stangadh bainte acu as pobal na hAirgintíne.

Baineann an bomba is déanaí agus is tromchúisí fós le cás Alberto Nisman, an t-ionchúisitheoir poiblí a raibh imscrúdú ar bun aige faoi ionsaí marfach a deineadh ar shionagóg agus lárionad Giúdach in Buenos Aires in 1994. Maraíodh 85 duine agus gortaíodh na céadta san ionsaí buamála ba mhó riamh san Airgintín.

I 2006, chuir Nisman (ar Ghiúdach é féin) i leith rialtas na hIaráine go foirmeálta gurbh iadsan a d’ordaigh an bhuamáil agus gurbh é Hizbollah a leag na buamaí féin. In Eanáir na bliana seo, dúirt Nisman go raibh fianaise aige go raibh comhcheilg ar bun ag rialtas Cristina Kirchner an bhaint a bhí ag an Iaráin leis an mbuamáil a cheilt. D’ullmhaigh sé barántais chun Kirchner agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Héctor Timerman, a ghabháil. Ach lá sula raibh Nisman chun an fhianaise sin a chur i láthair na parlaiminte, scaoileadh agus maraíodh ina árasán é. Ráinig dom a bheith in Buenos Aires an lá céanna, ag fanacht in óstán in aice na parlaiminte. Chuir an marú an lasair sa bharrach ar fad agus spreag sé an chonspóid pholaitiúil ba mhó le blianta san Airgintín, tír a bhfuil seantaithí aici ar ghuagacht pholaitiúil agus eacnamaíochta.

OLYMPUS DIGITAL CAMERA

Ar dtús, ní dúirt Kirchner faic mar gheall ar an marú ach ansin thug sí le tuiscint gur chuir Nisman lámh ina bhás féin. Bhí amhras ar go leor go bhféadfadh an rialtas a bheith lándeimhnitheach faoi shiocair báis Nisman chomh mear sin ina dhiaidh.

Thug na mílte sráideanna Buenos Aires orthu féin agus póstaeir Yo Soy Nisman (‘Is Mise Nisman’) á gcrochadh acu, iad ag éileamh go n-éireodh an tUachtarán as agus caimiléireacht á cur i leith an rialtais acu. Deineadh bagairtí báis ar Damien Pachter, an t-iriseoir ba thúisce a scaip scéal an bháis ar Twitter. Ar nós scata deoraithe polaitiúla Airgintíneacha eile, níor mhór dó dul ar a theitheadh go hUrugua. Cúpla lá ina dhiaidh sin, tuairiscíodh go raibh tearmann polaitiúil á lorg in Iosrael aige (bhí comhshaoránacht Iosraelach-Airgintíneach ag Pachter).

Tharraing Kirchner scéal an fhéinmharaithe siar nuair ba léir an díobháil a dhein sé di. I gcraoladh drámatúil teilifíse uair an chloig ó chathaoir rothaí in áras an Uachtaráin (bhris Kirchner a rúitín roimh Nollaig), mhilleánaigh sí ‘gníomhairí bradacha i ngníomhaireacht faisnéise na tíre’. Bhí iarracht déanta acu daonlathas na hAirgintíne a chur ó mhaith, a dúirt sí, agus dhéanfaí an ghníomhaireacht faisnéise a dhíscaoileadh láithreach.

Ach b’fhál ar an ngort tar éis na foghla é slat draíochta Kirchner agus níor ceansaíodh goimh an lucht agóide. Ar 18 Feabhra, mí tar éis do Nisman bás a fháil, mháirseáil suas le 400,000 duine trí shráideanna Buenos Aires le linn díle báistí. D’oscail Kirchner stáisiún núicléach i dtuaisceart na tíre an lá céanna agus smid ní dúirt sí mar gheall ar an agóid. Ba bheag aird a thug an teilifís phoiblí ar na léirsitheoirí ach an oiread: shocraíodar clár do pháistí a chraoladh ag an am céanna. 

Ceapadh breitheamh feidreálach agus ionchúisitheoir poiblí eile chun bás Nisman a imscrúdú ach chuir iarbhean chéile Nisman, Sandra Arroyo Salgado – ar breitheamh í féin – fiosrúchán fóiréinseach dá cuid féin ar bun, léiriú gléineach ar mhí-iontaoibh an teaghlaigh sa bhfiosrúchán oifigiúil. An tseachtain seo caite d’fhoilsigh sí tuarascáil 100 leathanach ina ndúradh gur dúnmharú ab ea an bás agus ní féinmharú. Tharraing caint phoiblí Arroyo Salgado aird an phobail, go háirithe ag sochraid Nisman nuair a labhair sí amach go mothálach i gcoinne an rialtais, a beirt iníonacha croíbhriste cliathánach léi.

Ba í an bhinb sa dioscúrsa poiblí ba mhó a chuaigh i bhfeidhm orm agus mé san Airgintín. Chonacthas dom gur sháraigh an ghangaid a léiríodh go poiblí an chuid is measa de pholaitíocht na hÉireann le blianta beaga anuas. Tá dlúthbhaint ag na meáin chumarsáide leis an mbinb sin: úsáideann Jorge Lanata, an fear a bhaist buama ar leabhar Kirchner, a chlár easurramach teilifíse chun cogadh neamhthrócaireach a throid i gcoinne an Uachtaráin (chuirfeadh Lanata cuma an naoimh ar Vincent Browne). Tá an-amhras ar Kirchner roimh iriseoirí, diúltaíonn sí agallaimh a dhéanamh leo agus dhein sí go leor iarrachtaí srian a chur le saoirse an phreasa. Coisceadh clár teilifíse Lanata sna stáit sin ina raibh gobharnóirí de chuid pháirtí Kirchner i gcumhacht.

B’fhéidir go raibh an ceart ag Kirchner nuair a mhaígh sí go mistéireach gur ‘gníomhairí bradacha’ atá ciontach as bás Nisman agus d’fhéadfadh sé gur thar tír isteach a thángadar. Ní bheadh aon tairbhe ann dá rialtas féin a bheith ceangailte ar aon tslí dhíreach leis an marú agus níl aon amhras ann ach gur bhuail an cás seo buille mharaithe na muice uirthi go polaitiúil. Samhlaíonn Kirchner í féin a bheith ar an eite chlé (cé go bhfuil sócmhainní ar fiú na milliúin dollar iad luaite léi) agus tá na Stáit Aontaithe cáinte aici go minic. Ní geal le Washington an rabharta sóisialach laisteas díobh ach bhí naimhde ag Nisman i bhfad is i ngearr. Tá an t-atmaisféar polaitiúil san Airgintín chomh truaillithe sin anois gur deacair a fheiscint go n-aimseofar an fhírinne choíche.

La mujer más amada y mas odiada de la Argentina (‘an bhean ba mhó san Airgintín a raibh grá di agus a raibh fuath di’) a scríobhadh faoi Eva Perón cheana, feartlaoi pholaitiúil a bhfuil an-fhaobhar uirthi. Samhlaíonn Kirchner go mbaineann sí leis an traidisiún céanna polaitiúil le Evita ach bíodh is go maireann a lucht leanúna i gcónaí, tá lucht an fhuatha ag dul i méid. B’fhéidir gur mó an fuath ná an grá a luafar léi nuair a bheidh stair na tréimhse seo á scríobh.

Fág freagra ar 'Nimh sa bhfeoil i dtír an tangó: géarchéim pholaitiúil san Airgintín'