Nílimid plúchta go fóill ag scéalta ó dhomhan Star Wars

Tá Ewan McGregor fillte mar Obi-Wan Kenobi sa saothar is déanaí ó áiteanna i bhfad, i bhfad i gcéin

Nílimid plúchta go fóill ag scéalta ó dhomhan Star Wars

“A long time ago in a galaxy far, far away….”

Ana-sheans gurb iad na línte thuas na línte is cáiliúla a cuireadh ar scáileán riamh. Comhartha iad go bhfuil saothar eile fós ag teacht chugainn ó dhomhan aduain Star Wars. An babhta seo is gaiscí Obi-Wan Kenobi (Disney+, Déardaoin) atá idir chamáin. Go deimhin tá ceárta Lucasfilm/Disney ag taoscadh chugainn ar dalladh ó 2015. Cuimhnigh go raibh sé bliana déag idir an chéad triológ agus an dara ceann agus deich mbliana eile arís sarar seoladh an tríú ceann. Tráth dá raibh bhíothas imníoch gur chuir an dara triológ an cnuasach go tóin poill ach tá aiséirí déanta agus seacht scannán mar aon le trí shraith teilifíse tugtha ar an bport le seacht mbliana. Níl aon chuimhneamh ar stop acu agus raidhse scannán is sraitheanna ar na bioráin.

Is íorónta an mhaise é go bhfuil Ewan McGregor agus scéal Obi-Wan Kenobi sa tsraith is déanaí óir go raibh an carachtar/aisteoir sin lárnach sa dara triológ sin ar tugadh íde na muc agus na madraí dó agus a bhain barrthuisle as an gcnuasach. Go deimhin ag tosach na sraithe tugtar chun cuimhne príomheachtraí na tríolóige; aistear Anakin Skywalker chun oilc, ach go háirithe. Faoi mar is eol dúinn b’éigean a chlann siúd, Leia agus Luke a chur i bhfolach. Tá a fhios againn chomh maith gur fágadh Luke faoi chúram a uncail ar an bhfód dúchais in Tatooine. Is anseo atáimid, deich mbliana i ndiaidh eachtraí na dara tríológ. Cuimhnigh gurb í sin an chéad tríológ go cróineolaíoch. Táimid luath go maith i saol Star Wars.

Címid Obi-Wan, nó Ben faoi mar a thugann sé anois air féin, ag tuilleamh a chrústa i monarcha feola. Súil á coimeád ar Luke i bhfad uaidh aige agus é buailte faoi go haonaránach i bpluais. Tá ré na Jedi críochnaithe agus drong sealgairí, na Inquisitors, sa tóir ar an bhfuíoll áir. A chlaíomh solais caite uaidh aige agus fuinneamh an ghaiscígh sleamhnaithe uaidh.

Mheasas féin go rabhthas ródhian ar fad ar an triológ úd agus is maith liom an tAlbanach a fheiscint ar ais i ról Obi-Wan; is é atá deas air dar liom. Foireann bhreá bailithe timpeall air; Rupert Friend agus Joel Edgerton ina measc.  Bhí rath thar na bearta ar The Mandalorian agus The Book of Boba Fett agus más aon chomhartha an chéad ghála táthar le múnla na saothar sin a leanúint. Tá carachtair chaithiseacha againn agus scéalaíocht bhreá mar aon le gaiscíocht is aicsean ar an seandéanamh. É sin ar fad fite fuaite le cantam den ghreann is den áiféis. Tá bithiúnaigh bhagracha againn agus ní fada nó go mbeidh Darth Vader (Hayden Chistensen) os ár gcomhair arís. Ní beag san. Ar an drochuair tá an chuma ar an scéal nach mbeidh Liam Neeson ag filleadh mar Qui-Gon Jinn.

Is léir nach bhfuilimid plúchta go fóill ag scéalta ó dhomhan Star Wars.

Fág freagra ar 'Nílimid plúchta go fóill ag scéalta ó dhomhan Star Wars'