Níl sé seo ceart go leor, a shíl mé, agus mé ag screadaíl ar mo mham

CUIMHNE AGUS DEARMAD: An mhí seo: tá bréag á hinsint ag éinne a thugann cúram do ghaol a bhfuil galar Alzheimer air nó uirthi, agus a mhaífeadh nár chaill sé an bloc leis an duine sin riamh

Níl sé seo ceart go leor, a shíl mé, agus mé ag screadaíl ar mo mham

Níl sé seo ceart go leor, a shíl mé, ach bhí mé troigh os cionn urlár an tseomra suite faoin am sin.

Níl sé ceart go leor a bheith ag béiceach ar do mháthair agus a bheith ag léimt suas agus anuas mar a dhéanfadh carachtar cartúin ar hata.

Ach bhí mo mháthair tar éis dearmad a dhéanamh, arís eile, ar an siúladán rothaí – beag beann ar an bpian ina cromáin féin agus d’ainneoin mise a bheith á mheabhrú di go síoraí seasta úsáid a bhaint as an diabhal rud.

Níl sé seo ceart go leor, a shíl mé, agus an araid rothaí á iompú ar a taobh agam le teann feirge.

Níl sé ceart go leor ordú do do mháthair, a bhfuil galar Alzheimer uirthi agus nach dtuigeann an difear idir na ceithre araid rothaí a thug an chomhairle cathrach di chun an dramhaíl tí a scaradh, an prácás a bhí sí tar éis a dhéanamh a ghlanadh suas í féin.

Ach bhí mise tar éis craicne prátaí agus dríodar caife a bhaint as an araid rothaí don pháipéar agus don chairtchlár faoi thrí cheana féin an tseachtain sin agus ní fios cá mhéad málaí plaisteacha agus ábhar pacáistíochta eile a bhí mé tar éis a bhaint as araid rothaí na dramhaíola orgánaí, d’ainneoin na lipéidí móra buí a bhí greamaithe agam de na haraidí ar fad.

Níl sé seo ceart go leor, a shíl mé, agus mé ag screadaíl ar mo mháthair sa chistineach, mo chorrmhéar á díriú agam uirthi go bagrach, tar éis dom leathuair an chloig a chaitheamh, ní den chéad uair, ag cuardach an tí ar thóir a cárta bainc.

Níl sé ceart go leor an bloc a chailleadh le do mháthair agus a rá léi go bhfuil saol a cuid mac á mhilleadh aici.

Ach b’fhéidir gur mhaith liom colún a scríobh do Tuairisc.ie ionas go mbeidh greim i mo bhéal seachas a bheith ag déanamh póilíneachta ar úsáid áiseanna siúil! B’fhéidir gur mhaith liom m’úrscéal a chríochnú ionas go mbeadh sásamh éigin agam as mo chuid oibre seachas a bheith ag glanadh suas i ndiaidh duine nach bhfeiceann an difear idir araid uaine, araid ghorm, araid oráiste agus araid liath! B’fhéidir gur mhaith liom saol grá a bheith agam seachas a bheith i mo leathchónaí i dteach mo mháthar ag aois 45 agus an lá a chaitheamh ar thóir cártaí bainc agus míle rud eile a chuirtear amú!

Níl sé ceart go leor an bloc a chailleadh le gaol gairid a mbeifeá ag tabhairt aire dó nó di, go háirithe más seanduine nó páiste atá i gceist nach bhfuil in ann é nó í féin a chosaint, ach fuair mé amach go bhfuil a leithéid níos coitianta ná mar a shílfeá.

‘Thugainn íde na muc agus na madraí do mo mháthair féin nuair a bhí galar Alzheimer uirthi,’ a dúirt comharsa béal dorais liom nuair a tháinig an t-ábhar aníos, feirmeoir tiúilipí a bhfuil meas mór air sa phobal áitiúil agus nach samhlófá drochíde shíceolaíoch do sheanóirí leis. ‘Ní maith leat é a dhéanamh ach ní bhíonn neart agat ort féin.’

‘Tá náire orm é a admháil agus tá a fhios agam go bhfuil sé in aghaidh an dlí ach thug mé bosóg san aghaidh do mo mhac ceithre bliana d’aois tamall de mhíonna ó shin,’ a dúirt seanchara de mo chuid ar síciatraí í nuair a phléigh mé an cheist léi. ‘Bhí seisean tar éis sonc a thabhairt san aghaidh domsa ar dtús agus bhí mé tar éis é a bhualadh ar ais sula bhfuair mé greim orm féin. Tarlaíonn a leithéid i bhfaiteadh na súl. Ar ámharaí an tsaoil déanfaidh páiste an-óg nó duine a mbeadh galar Alzheimer air nó uirthi dearmad ar eachtra eisceachtúil mar sin in am trátha ach ní dhéanfaidh an duine fásta a chaill an smacht air nó uirthi féin.’

Buíochas mór le neacha osnádúrtha mo rogha féin níor thrasnaigh mise an líne idir foréigean briathartha agus foréigean fisiciúil riamh.

An réiteach a fuair mise ar na deacrachtaí atá agam mo chuid feirge a láimhseáil, más réiteach é, ná labhairt faoin bhfadhb go hoscailte, le cairde, le gaolta, le comharsana, sa cholún seo do Tuairisc.ie –  agus a fháil amach nach bhfuil mé liom féin. Go deimhin, ghabhfainn chomh fada lena rá go bhfuil bréag á hinsint ag éinne a thugann cúram do ghaol a bhfuil Alzheimer air nó uirthi, agus a mhaífeadh nár chaill sé nó sí an bloc leis an duine sin riamh.

Níl sé ceart go leor drochíde shíceolaíoch a thabhairt do dhuine eile, go háirithe má bhíonn galar Alzheimer, uathachas nó míchumas nó míbhuntáiste éigin eile ag baint don duine sin. Ní féidir é a chosaint. Ach uaireanta ní féidir é a sheachaint, dá mhéid an iarracht a dhéanfá. Agus is fearr fadhb a aithint ná í a cheilt.

Fág freagra ar 'Níl sé seo ceart go leor, a shíl mé, agus mé ag screadaíl ar mo mham'

  • Fearn

    Je bent niet alleen, jonge! Sterkte!

    Níl tú i d’aonar, a mhic! Misneach!