‘Níl sé de cheart ag Brokenshire an Riail Dhíreach a thabhairt ar ais agus ní ghlacfaimis léi’ – Sinn Féin

Deir Michelle O’Neill nach bhfuil ach an t-aon rogha amháin ag an Rúnaí Stáit James Brokenshire má theipeann ar na cainteanna – toghchán eile

‘Níl sé de cheart ag Brokenshire an Riail Dhíreach a thabhairt ar ais agus ní ghlacfaimis léi’ – Sinn Féin

Tá ráite ag ceannaire Shinn Féin ó thuaidh, Michelle O’Neill, nach bhfuil aon rogha eile ag Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann ach toghchán eile a ghairm. Mhaígh O’Neill nach raibh sé de chead de réir dlí ag James Brokenshire an Riail Dhíreach a thabhairt isteach.

Dúirt an Rúnaí Stáit inné nár theastaigh uaidh féin go bhfillfí ar an Riail Dhíreach ach níor chuir sé a leithéid as an áireamh sa chás go dteipfeadh ar na hiarrachtaí is déanaí feidhmeannas Stormont a athbhunú.

Dúirt Michelle O’Neill áfach nach raibh ach an t-aon rogha amháin ag Brokenshire má theipeann ar na cainteanna.

“De réir cirt níl ach rogha amháin ag Rúnaí Stáit na Breataine, agus is é sin toghchán a ghairm.

“Níl aon bhunús ó thaobh an dlí de le malairt cúrsa. Agus pé acu ar mhaith nó nár mhaith leis na páirtithe toghchán eile a bheith ann, is é fírinne an scéil gurbh ionann ag Rúnaí Stáit na Breataine an Riail Dhíreach a thabhairt ar ais agus feall ar iontaoibh agus sárú follasach ar chomhaontú a rinneadh idir rialtas na hÉireann agus rialtas na Breataine in 2006,” a dúirt ceannaire Shinn Féin ó thuaidh, Michelle O’Neill.

Dúirt O’Neill go raibh sé ráite go soiléir ag Sinn Féin go bhféadfaí teacht ar réiteach maidir leis an ceisteanna atá fós gan fuascailt ach nach bhféadfaí filleadh ar an status quo.

“Níl faic againne i gcoinne am breise a bheith á thabhairt ag Rúnaí Stáit na Breataine do na cainteanna, ach táimid glan in aghaidh aon reachtaíocht a chuirfeadh an Riail Dhíreach i bhfeidhm arís, agus bheimis ag súil go mbeadh Rialtas na hÉireann glan i gcoinne a leithéid chomh maith.”

D’fhógair an Rúnaí Stáit do Thuaisceart Éireann James Brokenshire síneadh ama do na cainteanna maidir leis an ngéarchéim pholaitiúil ó thuaidh.

Dúirt Brokenshire nach raibh aon ghoile ann do thoghchán tobann eile agus thug sé le fios go mbeadh roinnt seachtainí eile ag na páirtithe iarracht eile a dhéanamh teacht ar chomhréiteach maidir le hathbhunú Fheidhmeannas Stormont.

Fág freagra ar '‘Níl sé de cheart ag Brokenshire an Riail Dhíreach a thabhairt ar ais agus ní ghlacfaimis léi’ – Sinn Féin'