Níl mise ná mo ríomhaire gaibhte i gcleachtadh ar an ‘Séasúr Roinnte’ go fóill

Agus mé faoi réir le súil a chaitheamh chun cinn ar imeachtaí spóirt na bliana atá amach romhainn, tá an ríomhaire céanna gaibhte chun ceannairce

Níl mise ná mo ríomhaire gaibhte i gcleachtadh ar an ‘Séasúr Roinnte’ go fóill

Leis na déaga de bhlianta, tá an ríomhaire ag a bhfuil mé i mo shuí anois ar an searbhónta is fearr atá agam. Cuireann sé suas le mo chuid aineolais. Is minic leis iarracht a dhéanamh mé a cheartú agus botún cló déanta. Níl stopadh air ach ag moladh focail a bheadh oiriúnach – fiú ag tabhairt faoin ord inar cheart dóibh a bheith.

Inniu, agus mé faoi réir le súil a chaitheamh chun cinn ar imeachtaí spóirt na bliana atá amach romhainn, tá an ríomhaire céanna gaibhte chun ceannairce.

Ní hé go bhfuil sé iompú i m’aghaidh amach agus amach. Níl aon locht aige a inseacht daoibh gur in imeacht sé seachtaine i míonna Feabhra agus Mhárta seo chugainn a bheas Craobh Rugbaí na Sé Náisiún ar bun, go mbeidh an Tour de France thart faoin 23 Iúil, nó gur ar chúrsa Maco Simone in aice na Róimhe a thiocfaidh Corn Ryder chun críche ar an gcéad lá de Dheireadh Fómhair seo chugainn.

Ní bhuaileann an bhundúnacht é go dtosaíonn mé ag cur féilire Chumann Lúthchleas Gael in bhur láthair. Cúig huaire atá iarracht déanta agam a thabhairt le fios gur faoi cheann trí seachtaine a imreofar Cluichí Ceannais Sinsearach na gClubanna i bpeil agus in iomáint. A luaithe agus a bhíonn sé scríofa agam imíonn sé den scáileán agus cuireann mo shearbhónta Lá le Pádraig isteach ina áit.

Staic uilig a rinne sé nuair a thug mé faoi a inseacht daoibh go mbeadh an chéad bhabhta de Shraith Peile Allianz imeartha faoin am a dtiocfaidh Lá Fhéile Bríde. Murach beagán taithí a bheith bailithe aige ón mbliain seo caite, tá seans gur deatach a thiocfadh as leis an eolas go n-imreofar babhtaí ceathrú ceannais i gCraobhacha Peile Chonnacht agus na Mumhan Domhnach Cásca.

Ach sin é an ‘Séasúr Roinnte’ agaibh, gan mise ná mo ríomhaire gaibhte ina chleachtadh go fóill.

Na himeachtaí spóirt is mó atá luaite leis an tréimhse sin le fada a thabharfaidh an chéad ráithe de 2023 leis.

Craobh Rugbaí na Sé Náisiún a thosós ar an gcéad deireadh seachtaine de mhí Feabhra – beidh sé thart faoi Fhéile Pádraig. San Aviva in aghaidh na Fraince agus Shasana (18ú Márta) agus ag dul chun bóthair sna cluichí eile a bheas Éirinn.

Ar an 12 Feabhra, imreofar an Superbowl i Glendale Arizona.

An mbainfear an ghaoth faoi dheireadh as seolta na nÉireannach i Cheltenham? Sin an cheist a bheas ar bharr a dteanga acu siúd ar suim leo an rásaíocht capall agus mí an Mhárta iompaithe amach ar an bhféilire. 18 buaiteoir ann anuraidh agus craobh na marcach ag Rachael Blackmore.

Níos minicí ná a chéile is ar an gCorn Óir is mó a bhíonn caint sna seachtainí sula dtagann an Fhéile, ach baineann go leor den chomhrá atá ag teacht anall thar toinn faoi láthair leis an Champion Hurdle.

Seo rás atá buaite le dá bhliain ag Blackmore agus an láir Honeysuckle, a bhfuil leagan na hÉireann den rás buaite uair lena chois sin aici. Go deimhin nó go dtáinig iomaíocht i dTeach na Sí ag tús na míosa seo caite, níor buadh ar chapall Henry de Bromhead in aon cheann de na 16 rás inar rith sí ó bhuaigh sí a céad rás ar an traic céanna ceithre bliana ó shin.

Ach fiú sular tháinig an teip sin, níl i gceist i gceist i Sasana le fada ach capall de chuid Nicky Henderson a bhfuil Constitution Hill mar ainm air.

Sa rás deireanach a rith sí bhí 12 fad capaill idir Constitution Hill agus an ceann ba ghaire dó sa Fighting Fifth i Newcastle i ndeireadh mhí na Samhna seo caite.

Faoin am a bhfuil seo á léamh agat, beidh socrú déanta ag na traenálaithe atá i gceist an rithfidh a gcuid capall beag ná mór sula dtiocfaidh an 14 Márta.

Tarlaíodh sin nó ná tarlaíodh, b’fhéidir gur comhartha faoina bhfuil le theacht an chuid eile den tseachtain a bheas ina dtitfidh amach i Prestbury Park idir 3.30 agus na cúpla nóiméad ina dhiaidh sin ar an gcéad lá de Cheltenham 2023.

Is iad Comórtas Gailf na Máistrí (6-9ú) agus an Aintree Grand National (15ú) imeachtaí móra spóirt an Aibreáin. Beidh Craobhacha Chumann Lúthchleas Gael faoi bhláth sa mBealtaine agus i Meitheamh – cluichí ceannais na gCúigí sa bpeil agus san iománaíocht thart an Domhnach i ndiaidh na Cincíse.

Idir an Déardaoin 20 Iúil agus an Domhnach 20 Lúnasa a bheas Craobh Sacair an Domhain do na mná ar bun san Astráil agus sa Nua-Shéalainn – Éirinn san iomaíocht den chéad uair riamh.

In aghaidh na hAstráile is túisce a imreoidh Éire – lá na hoscailte i Sydney (9am, am na hÉireann). Ina dhiaidh sin imreoidh siad féin agus Ceanada a chéile i Perth ar an gCéadaoin 26 Iúil (meán lae in Éirinn ) agus in aghaidh na Nigéire i Brisbane ar an lá deireanach d’Iúil (10am in Éirinn).

Go n-éirí leo.

Ní leis an imirt a bhaineann sé, ach chuir mé suim go bhfuil logainmneacha i dteanga na mBundúchasaca agus na Maorach (mar aon leis an mBéarla) á n-úsáid ag FIFA ar sceideal oifigiúil na himeartha atá fógartha acu do Chorn an Domhain na mBan.

Tãmaki Makauru atá ar Auckland (‘an áit ar a raibh tóir na ndaoine’ is ciall dó). Gadigal atá ar Sydney, baiste i ndiaidh na treibhe ba thúisce a chónaigh ann. Boorloo ar Perth (bogach mór báite i gcaint na mBundúchasach).

Reáchtálfar Craobhacha Lúthchleasaíochta an Domhain in Budapest idir an 19-27 Lúnasa agus an tseachtain dár gcionn beidh Craobhacha Rámhaíochta an Domhain ar siúl i mBéalgrád.

Faoin tráth sin beidh mí Mheán Fómhair linn go láidir agus tabharfaidh deireadh na míosa sin Corn Ryder chugainn as Club Gailf Marco Simone in aice na Róimhe.

Ach beidh an mhí ar fad nach mór agus cuid mhaith den mhí dár gcionn faoi Chorn Rugbaí an Domhain a bheas ar siúl sa bhFrainc idir an 8 Meán Fómhair agus an 28 Deireadh Fómhair.

An Rómáin (9 Meán Fómhair, Bordeaux); Tonga (16 Meán Fómhair, Nantes); An Afraic Theas (23 Meán Fómhair, Stade de France) agus Albain (7 Deireadh Fómhair, Stade de France) atá in aon ghrúpa le hÉirinn.

Mo bheannacht dóibh ar fad agus Athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise ag an gcuid eile agaibh.

Fág freagra ar 'Níl mise ná mo ríomhaire gaibhte i gcleachtadh ar an ‘Séasúr Roinnte’ go fóill'