Níl aon phlean ag UTV Ireland cláir Ghaeilge a chraoladh

Bheadh an stáisiún sásta ‘Irish language ideas’ a phlé le léiritheoirí amach anseo, dá mbeadh an chosúlacht ann go meallfadh a smaointe lucht féachana mór

19/8/2014. UTV Television Season Launch
Pat Kenny ag caint ag seoaldh UTV Irleand: Pictiúr: Photocall Ireland

Níl sé i gceist ag UTV Ireland cláir Ghaeilge a chraoladh ar an stáisiún úr a seoladh Lá Caille.

Dheimhnigh an stáisiún an méid sin le hUachtarán Chonradh na Gaeilge, Cóilín Ó Cearbhaill, i litir a fuair sé inné.

maxresdefault-1
Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge a fuair litir inné ó UTV Ireland.

Thug Mary Curtis, ceannaire an stáisiúin, le fios gurb í tuairim a stáisiúin gur leor an freastal a dhéanann TG4 ar phobal na Gaeilge, gur oibrigh UTV i gcomhar le TG4 ar chláir cheana agus go bhfuil siad ag súil le níos mó comhléiriúchán a dhéanamh leo amach anseo.

Maíodh sa litir go bhfeicfear léiriú ar chultúr na hÉireann i gcláir an stáisiúin aithnítear ann go bhfuil duaglas ar an stáisiúin freastal ar phobal na hÉireann tríd an éagsúlacht teanga, creidimh, agus cultúir sa tír a léiriú.

Tugadh le fios freisin go mbeadh UTV Ireland sásta ‘Irish language ideas’ a phlé le léiritheoirí agus comhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha amach anseo, dá mbeadh an chosúlacht ann go meallfadh a moltaí lucht mór féachana.

“As a commercial public service broadcaster, it is important that we attract large audiences for our advertisers,” a mhínigh Mary Curtis.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, gur chuir freagra an stáisiúin ar litir Uachtarán an Chonartha, díoma ar an eagraíocht.

“Tá díomá orainn go bhfuil UTV Ireland ag cur an duaglais ar fad i leith na Gaeilge ar TG4 agus ar na comhlachtaí neamhspleácha. Nuair atá stáisiún nua ag tosnú, bíonn an deis acu dea-shampla a chruthú do stáisiúin eile.

“Tá Conradh na Gaeilge ar fáil i gcónaí chun na cúrsaí seo a phlé le UTV Ireland agus aon chúnamh atá de dhíth orthu a thabhairt dóibh chun cláracha Gaeilge ar ardchaighdeán a chur ar fáil,” a dúirt sé le Tuairisc.ie.

 

Fág freagra ar 'Níl aon phlean ag UTV Ireland cláir Ghaeilge a chraoladh'

  • James Pelow

    Cheap mé go raibh sé de dhualgas ar gach craoltóir, idir phoiblí agus phríobháideach, an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhealach éigin de réir an dlí?

  • Concubhar Ó Liatháin

    Glacaim leis gur leagadh coinniollacha ar UTV Ireland nuair a bhronn an tÚdarás Um Chraolacháin na hÉireann an cheadúnas ar an staisiún agus gur féidir go bhfuil coinnioll maidir leis an Ghaeilge ina measc sin. Mura bhfuil, bheadh sé aisteach go mbeadh na coinniollacha ar chainéal theilifise níos boige i leith na Gaeilge ná mar atá siad ar staisiúin raidió áitiúla. Má tá coinnioll teanga ann agus mura bhfuil sé á chomhlíonadh, is féidir gearán a dhéanamh leis an mBAI. Mura bhfuil coinnioll teanga ann, is féidir brú a chur an mBAI a mhíniú cén fath nach bhfuil. Ar ndóigh, b’fhéidir go bhfuaireamar an freagra ar an gceist sin mar thoradh ar an mbreith a thug an BAI i leith ghearán Mhuireann Uí Mhoráin….

  • Breathnóir

    Ba bhreá an rud é dá mbeadh cláir Ghaeilge ag UTV Ireland. Ach níor chraol UTV sa tuaisceart oiread is bomaite amháin sa teanga riamh, go bhfios dom, murab ionann is an BBC a dhéanann iarracht freastal ar lucht na Gaeilge. Ach cad é faoi TV3? Ní shílim go ndéanann siadsan rud ar bith i nGaeilge ach an oiread, an ndéanann. Dualgas ar bith orthu sin ach an oiread?

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Arís tá sé fágtha ag pobal na Gaeilge bheith ag síor-cheistiú agus ag síor-gearán chun ceartas teanga a fháil ina dtír féin….maith iad an BBC.