Níl aon éalú fós againn ó ‘thriail na n-arm’, Dealy Plaza na hÉireann

Ba í triail na n-arm an éigeandáil ba thromchúisí a bhí le sárú ag an stát seo againne ó Chogadh na gCarad i 1922

Níl aon éalú fós againn ó ‘thriail na n-arm’, Dealy Plaza na hÉireann

Michael Heney, The Arms Crisis of 1970: The Plot That Never Was (London: Head of Zeus; 2020. pp. 431. £16.99)

Níl aon éalú fós againn ó ‘thriail na n-arm’ sa Bridewell i mBaile Átha Cliath i 1970, Dealy Plaza na hÉireann, b’fhéidir.

Ba é seo an éigeandáil ba thromchúisí a bhí le sárú ag an stát seo againne tar éis Chogadh na gCarad i 1922. I mí na Bealtaine 1970, thug an Taoiseach Jack Lynch bata agus bóthar do bheirt airí dá chuid, Charles Haughey agus Neil Blaney nuair a tháinig sé chun solais go raibh an bheirt acu ag ceannach gunnaí ar an Mór-Roinn ar son Shealadaigh an IRA.

Níl amhras ar bith ar Michael Heney, údar The Arms Crisis of 1970: The Plot That Never Was, go raibh Lynch ag insint bréige i 1970 nuair a dúirt sé sa Dáil nach raibh aon eolas aige mar gheall ar aon ghunnaí go dtí mí Aibreáin 1970.

Dar le Heney, bhí plean rúnda ag Lynch ó 1969 ar aghaidh chun gunnaí a thabhairt do Chaitlicigh Thuaisceart Éireann, ach rinne sé volte face iomlán nuair a thug duine éigin sna Gardaí na sonraí faoin bplean do Liam Cosgrave, ceannaire Fhine Gael.

Bhain Lynch leas as triail pholaitiúil Stalineach chun an plean sin a choimeád faoi rún agus chun a chuid namhad sa pholaitíocht, go háirithe Haughey, a choimeád faoi chois.

Tá argóint Heney bunaithe ar thrí cinn de cháipéisí.

Déanann sé tagairt d’ordú a tugadh d’Arm na hÉireann i mí Feabhra 1970 dul i mbun ullmhúcháin chun an teorainn a thrasnú agus gunnaí a thabhairt do Chaitlicigh Thuaisceart Éireann.

Dar le Heney, bhí a fhios ag an Aire Cosanta, Jim Gibbons, go raibh saighdiúir darbh ainm an Captaen James Kelly ag taisteal ar fud na hEorpa ag ceannach gunnaí le hairgead Rialtas na hÉireann do “choistí cosanta” príobháideacha i mBéal Feirste agus i nDoire.

Níor chuir Gibbons stop le turas Kelly, agus más ea, bhí cead an aire aige chun leanúint ar aghaidh lena chúram.

Mar sin ní cóir dúinn labhairt mar gheall ar “chomhcheilg” i gcoinne Lynch. Bhí cead faighte ag an gCaptaen Kelly ó Gibbons.

Deir Heney freisin go raibh a fhios ag Lynch céard a bhí ar siúl ag Kelly ó mhí Dheireadh Fómhair 1969, seacht mí níos luaithe ná mar a thug  sé le fios sa Dáil.

Ba léir sin ó dhialann cháiliúil Peter Berry, státseirbhíseach sinsearach sa Roinn Dlí agus Cirt a raibh an-chumhacht aige.

Bhí Berry agus an Brainse Speisialta an-bhuartha mar gheall ar Kelly. Chuir Berry a chuid imní in iúl do Lynch nuair a thug sé cuireadh don Taoiseach teacht go dtí an t-ospidéal chun labhairt leis i mí Dheireadh Fómhair 1969.

Céard atá cearr leis an insint seo ag Heney? Ar an gcéad dul síos, caithfear cuimhneamh ar fhianaise Haughey féin le linn na trialach.

Dúirt seisean go raibh an ceart ag Lynch nach raibh aon phlean rúnda ag an Rialtas gunnaí a chur trasna na teorann.

Shéan sé na cúiseanna ina choinne ar fad, agus dúirt sé nach raibh aon bhaint aige le gunnaí beag ná mór. (Dúirt an Captaen Kelly a mhalairt).

Maidir leis an ordú sin don Arm i dtús 1970, ní raibh i gceist ach ullmhúchán ginearálta chun dul i ngleic leis an genocide a bhí á shamhlú ag na hairí cráite.

Mar a dúirt Garret FitzGerald i 1971, bhí ar an Rialtas féin cinneadh a dhéanamh an t-ordú sin a dhéanamh. Maidir le cead Jim Gibbons, ní foláir dúinn súil a chaitheamh ar Acht na nArm Tine 1925.

Bhí an chumhacht ag Gibbons ceadúnas a thabhairt do dhaoine gunnaí a allmhairiú, agus bhí an t-údarás ginearálta aige freisin cead a thabhairt gunnaí a allmhairiú ar son Arm na hÉireann amháin. D’admhaigh Kelly féin le linn na trialach go raibh gunnaí á gceannach aige do na ‘coistí cosanta’, ’sé sin Sealadaigh an IRA, fiú le hairgead a thug siadsan dó. Ní raibh Gibbons in ann an cead sin a thabhairt dó, agus más ea, ní raibh aon chead aige na gunnaí a cheannach.

Tá locht mór eile ar an leabhar seo, áfach. Baineann sé sin leis an nglaoch gutháin cáiliúil a chuir Haughey ar rúnaí na Roinne Dlí agus Cirt, Peter Berry, ar an Satharn an 18 Aibreán 1970.

Bhí gunnaí ceannaithe ag an gCaptaen Kelly i Vín na hOstaire, agus bhíodar le cur ar eitleán go Baile Átha Cliath le linn an deireadh seachtaine sin. Bhí a fhios ag Berry céard a bhí le teacht isteach, agus thug sé cead do na Gardaí na gunnaí a thógaint ón eitleán agus iad a ghabháil.

Chuir Haughey glaoch air agus rinne sé achainí air cead a thabhairt dó na gunnaí a chur trasna na teorann.

Dhiúltaigh Berry dá achainí agus chuir Haughey an plean go léir ar ceal.

Más polasaí oifigiúil de chuid Rialtas na hÉireann a bhí i gceist anseo, agus más rud é go raibh cead ag Kelly na gunnaí a cheannach agus iad a thabhairt isteach, cén fáth nach ndúirt Haughey, an t-aire ba shinsearaí sa chomhaireacht ag an am, gur leis na gunnaí agus gur gunnaí dleathacha ar fad iad?

Cén fáth nár thug sé ordú do Berry na gunnaí a thabhairt dó? Ní bheadh státseirbhíseach aonair in ann cur i gcoinne cinneadh oifigiúil de chuid an Rialtais.

Ní raibh agus níl an chumhacht sin ag státseirbhíseach.

Ach chuir Berry isteach go borb ar phlean Haughey toisc nach raibh aon chead aige na gunnaí a thabhairt isteach, agus ní raibh aon eolas ach an oiread ag an Aire Dlí agus Cirt, Micheál Ó Móráin, mar gheall ar an bplean seo.

Ba é Berry an duine ba thábhachtaí sa scéal ar fad.

Is i scéal Berry atá an fhírinne le fáil fós. An botún is mó ag Heney nár thuig sé sin.           

Fág freagra ar 'Níl aon éalú fós againn ó ‘thriail na n-arm’, Dealy Plaza na hÉireann'