‘Níl aon chúis ann go gcuirfí brú ar m’athair seasamh arís’ – Toiréasa Ferris

Dúirt Toiréasa Ferris, duine de na comhairleoirí contae is aitheanta ag Sinn Féin, nach raibh sí á chur as an áireamh go seasfadh sí don Dáil uair éigin amach anseo

‘Níl aon chúis ann go gcuirfí brú ar m’athair seasamh arís’ – Toiréasa Ferris

Tá ráite ag an gcomhairleoir contae de chuid Shinn Féin agus Gaeilgeoir aitheanta Toiréasa Ferris nach raibh aon chúis ann go gcuirfí brú ar a hathair a intinn a athrú maidir le seasamh sa chéad olltoghchán eile.

D’fhógair Toiréasa Ferris inné nach mbeidh sí ag seasamh sa chéad olltoghchán eile mar gheall ar chúrsaí sláinte agus meastar go méadófar anois ar an mbrú a chuirfear ar a hathair, an Teachta Dála Martin Ferris, seasamh don Dáil arís.

Measann go leor gur duine de mhuintir Ferris amháin a mbeadh seans aige an suíochán Dála atá ag an bpáirtí i gCiarraí a choinneáil.   

Dúirt Toiréasa Ferris aréir, áfach, nár ghá brú a chur ar a hathar seasamh athuair. 

“Níor chóir go mbeadh aon chúis ann go gcuirfí brú ar m’athair a intinn a athrú mar tá an-fhoireann againn agus comhairleoirí againn a bhfuil a ndintiúir cruthaithe go maith acu. In ainneoin an phatrúin náisiúnta, tá Sinn Féin láidir i gcónaí i gCiarraí. Níor chailleamar ach aon faoin gcéad den vóta a fuaireamar in 2014.”

Ba ag Ard-Fheis Shinn Féin in 2017 a d’fhógair iaruachtarán an pháirtí, Gerry Adams, nach seasfaidh sé féin ná Martin Ferris don Dáil an chéad uair eile.

Bhain Toiréasa Ferris, duine de na comhairleoirí is mó a fhaigheann vótaí do Shinn Féin stangadh as a comhghleacaithe sa bpáirtí agus sa bpolaitíocht nuair a d’fhógair sí go raibh cinneadh déanta aici gan seasamh do Dháil Éireann sa chéad olltoghchán eile. 

Dúirt sí aréir nach raibh sí á chur as an áireamh go seasfadh sí don Dáil uair éigin amach anseo ach nach bhféadfadh sí geallúint a thabhairt ach oiread go ndéanfadh sí amhlaidh.

Dúirt an comhairleoir contae de chuid Shinn Féin nach raibh ‘aon rogha’ aici ach a hainm a tharraingt siar. 

Buille eile é seo dá páirtí atá fós ag teacht ón gcroitheadh a baineadh astu sna toghcháin an mhí seo caite.

Go deimhin féin ba ag cruinniú a tionóladh chun athbhreithniú a dhéanamh ar an drochbhail a cuireadh ar an bpáirtí sna toghcháin a d’fhógair Toiréasa Ferris nach mbeadh sí féin ina hiarrthóir san olltoghchán. 

Dúirt sí go raibh an fógra nach raibh sí ag seasamh arís ar cheann de na “rudaí ba dheacra” a rinne sí riamh, go háirithe agus daoine sa seomra “ a raibh a saol tugtha acu don fheachtas poblachtánach”.

“Aon duine a bhraitheann gur ligeadh síos iad mar gheall ar an gcinneadh seo, tá fíorbhrón orm faoi sin, ach an uair seo caithfidh mé tús áite a thabhairt do mo pháistí a dteastaíonn máthair atá i mbarr a sláinte uathu,” a dúirt Toiréasa Ferris aréir.

Dúirt ball sinsearach den pháirtí gur bhain fógra an Chomhairleora Ferris “preab cheart” as a raibh ag an gcruinniú, a bhí ar siúl i gclubtheach CLG Chéirín Uí Rathaile i dTrá Lí. 

Dúirt sí gur go “drogallach” a ghlac sí an cinneadh agus go raibh sí “croíbhriste” faoi.

“Is cinnte nach mbeadh an cinneadh seo tógtha agam dá mbeadh aon rogha eile agam. Níl mé ag iarraidh aon scéal mór a dhéanamh faoi ach bhí cúpla fadhb sláinte agam le tamall, faic a bhí tromchúiseach, ba mhaith liom é sin a rá go soiléir. Ach thug dochtúir rabhadh dom le gairid go gcaithfinn cúpla athrú a dhéanamh ar a ghnóthaí is a bhíonn an saol agam le cinntiú nach rachaidh na fadhbanna sin chun ainsil,” arsa Toiréasa Ferris.

Dúirt Ferris: “Agus toghchán amach romhainn agus le bheith féaráilte le baill an pháirtí agus leis na vótóirí, b’éigean dom an cinneadh seo a dhéanamh anois, cinneadh nach raibh éasca agam a dhéanamh.”

Ghuigh an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, John Brassil, an t-iomaitheoir is gaire di ó thaobh na tíreolaíochta, gach rath ar Thoiréasa Ferris agus dúirt sé go raibh an-mheas go deo aige uirthi, go pearsanta agus ó thaobh na polaitíochta de.

Dúirt sé áfach nach gcuirfeadh a cinneadh aon athrú ar straitéis toghchánaíochta Fhianna Fáil sa cheantar: “Leanfaimid orainn amhail is mbeidh duine de mhuintir Ferris fós ag seasamh.”

Fág freagra ar '‘Níl aon chúis ann go gcuirfí brú ar m’athair seasamh arís’ – Toiréasa Ferris'