Níl a sárú le fáil – Luimneach caithréimeach arís i gCraobh na hÉireann

Thug Luimneach ceann de na taispeántais is fearr riamh i gcluiche ceannais na hÉireann agus greadadh tugtha acu do Chorcaigh i bPáirc an Chrócaigh inniu

Níl a sárú le fáil – Luimneach caithréimeach arís i gCraobh na hÉireann

Captaen Luimnigh, Declan Hannon. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Luimneach 3-32 Corcaigh 1-22

Cuimhneofar ar an bhfoireann seo as Luimneach mar cheann de na foirne is fearr a d’imir riamh agus craobh uile-Éirinn eile buaite go húdarásach acu tráthnóna.

Thug Luimneach greadadh do Chorcaigh i bPáirc an Chrócaigh chun Corn Mhic Cárthaigh a thabhairt leo don dara bliain as a chéile agus den tríú huair le ceithre bliana anuas. Ba é an 3-32 a scóráil na Luimnígh an scór is mó riamh a scóráladh i gcluiche ceannais na hÉireann.

Bhí deireadh déanta ag leath ama agus Luimneach trí phointe dhéag chun tosaigh faoin am sin. Ní fhéadfaí mórán locht a fháil ar fhoireann óg Chorcaí, áfach. Níl aon fhoireann sa tír, nó ní raibh aon fhoireann riamh ann, b’fhéidir, a bheadh in ann coinneáil le Luimneach sa chéad 35 nóiméad sin.

Bhí 3-18 scóráilte ag Luimneach nuair a séideadh an fheadóg leath ama, scór a bheadh sách maith chun go leor  cluichí ceannais a bhuachan. Bhí scóranna faighte ag seisear tosaithe Luimnigh roimh an gcéad sos uisce agus deichniúr ar fad a scóráil sa chéad leath amháin.

Barry Murphy. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Agus slua 40,000 i bPáirc an Chrócaigh don chluiche ceannais, bhí atmaisféar iontach ann roimh an gcluiche agus ní raibh stad leis an imirt sa chéad cheathrú.

Ní raibh ach deich soicind imeartha nuair a fuair Cian Lynch, faoi scáth Ardáin Uí Ógáin, an chéad scór den chluiche agus ní raibh dhá nóiméad caite nuair a tháinig an chéad chúl. Pas ó Lynch a chruthaigh an cúl do Ghearóid Hegarty.

Sheas Corcaigh an fód sa chéad chuid sin den chluiche, áfach, agus bhí freagra ar an bpointe acu ar chúl Hegarty. Bhog Corcaigh an sliotar chun cinn le comhimirt mhaith agus nuair a fuair Shane Kingston seilbh air ar an gcliathán chlé, d’fhág sé Seán Finn ina dhiaidh agus lascáil sé an sliotar thar Nickie Quaid.

Fuair Shane Kingston cúl do Chorcaigh. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Taobh istigh de dheich soicind eile, bhí Luimneach curtha chun cinn arís ag Peter Casey agus fuair Declan Hannon agus Séamus Flanagan pointí chun bearna a chur idir na foirne.

D’fhág imirt mhaith ó Chorcaigh nach raibh ach pointe amháin idir na foirne théis 13 nóiméad ach bhí i bhfad an iomarca spáis á thabhairt ag cosantóirí na foirne do thosaithe Luimnigh agus d’íoc siad go daor as.

Scóráil Aaron Gillane an dara cúl do Luimneach sa cheathrú nóiméad déag agus an iomarca ama tugtha do Dhiarmuid Byrnes agus Séamus Flanagan chun an cúl a chruthú.

Cúig phointe a bhí idir na foirne, 2-8 in aghaidh 1-7, nuair a tugadh faoiseamh do chuile dhuine leis an sos uisce. Bhí an chéad chúpla nóiméad ina dhiaidh sin beagáinín scaoilte ach thóg Luimneach ceannas ar chúrsaí as sin go deireadh an chéad leatha.

D’aimsíodar cúig phointe as a chéile idir an 20-25 nóiméad, péire acu ag teacht ó chamán Peter Casey, a bhí ar fheabhas ar fad sa chéad leath sular gortaíodh é. Léirigh a phointe tar éis 24 nóiméad na deacrachtaí a bhí ag cosantóirí Chorcaí nuair a chuir sé mearbhall ar Niall O’Leary le sleaschéim iontach.

Patrick Horgan timpeallaithe ag cosantóirí Luimnigh. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Fuair Patrick Horgan a chéad scór ón imirt le hiarracht álainn chun stop a chur leis an meath ach choinnigh Luimneach Corcaigh faoi bhrú agus bhí an 35 nóiméad díreach istigh nuair a bualadh buille maraithe na muice.

Díreach cosúil leis an gcéad chúl, bhí Cian Lynch agus Gearóid Hegarty i lár an aiscin. Fuair Lynch seilbh ar an sliotar ar thaobh Ardáin Uí Chíosóig agus, cé go raibh Corcaíoch sa mhullach air, d’éirigh leis pas láimhe gleoite a thabhairt do Hegarty, a bhí leis féin. Chuir Hegarty iarracht eile san eangach chun Luimneach a chur trí phointe dhéag chun cinn.

Bhi deireadh le Corcaigh faoin am sin agus gan aon chuma orthu sa dara leath go raibh siad chun an bhearna idir na foirne a a laghdú. Cé gur choinnigh leithéidí Séamus Harnedy agus Patrick Horgan ag treabhadh leo sa dara leath, bhí rith an ráis le Luimnigh.

D’aimsigh Cian Lynch cúig phointe ón imirt sa dara leath ach seans gurb é a thaispeántas sa chéad 35 nóiméad is mó a chuaigh i gcion ar dhaoine. Fuair an tosach seilbh ar an liathróid seacht n-uaire sa chéad leath agus as sin, chruthaigh sé 2-4 d’imreoirí eile agus fuair sé féin pointe. Ní fhéadfadh sé a bheith níos fearr.

B’amhlaidh i gcás fhormhór d’imreoirí Luimnigh. Craobh eile tugtha leo agus an chuma ar an scéal nach bhfuil deireadh déanta go fóill acu.

Luimneach: N. Quaid; S. Finn, D. Morrissey, B. Nash (0-1); D. Byrnes (0-2, 0-1 ó phoc saor), D. Hannon (0-2), K. Hayes; D. O’Donovan (0-1), W. O’Donoghue; G. Hegarty (2-2), C. Lynch (0-6), T. Morrissey (0-3); P. Casey (0-5), S. Flanagan (0-1), A. Gillane (1-6, 0-3 ó phocanna saora). Fir Ionaid: G. Mulcahy (0-1) in áit P. Casey (35 nóim), D. Reidy in áit C. Lynch (41-43 nóim), D. Reidy (0-1) in áit G. Hegarty (61 nóim), C. Coughlan in áit D. Hannon (64 nóim), B. Murphy in áit G. Mulcahy (67 nóim), P. Ryan (0-1) in áit T. Morrissey (68 nóim).

Corcaigh: P. Collins; N. O’Leary (0-1), R. Downey, S. O’Donoghue; T. O’Mahony, M. Coleman (0-1 ó phoc saor), E. Cadogan; D. Fitzgibbon, L. Meade (0-1); C. Cahalane, S. Harnedy (0-4), R. O’Flynn; J. O’Connor (0-1), P. Horgan (0-11, 0-10 ó phocanna saora), S. Kingston (1-0). Fir Ionaid: D. Cahalane in áit C. Cahalane (Leath ama), A. Cadogan (0-1) in áit J. O’Connor (46 nóim), S. O’Leary-Hayes in áit N. O’Leary (46 nóim), S. Barrett (0-1) in áit D. Fitzgibbon (46 nóim), N. Cashman in S. O’Donoghue (52 nóim), D. Dalton in áit R. O’Flynn (55 nóim).

Réiteoir: Fergal Horgan.

Cian Lynch agus Aaron Gillane. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

 

Diarmuid Byrnes agus Kyle Hayes. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

 

Cian Lynch. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

 

Diarmuid Byrnes agus Aaron Gillane. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Fág freagra ar 'Níl a sárú le fáil – Luimneach caithréimeach arís i gCraobh na hÉireann'