Nicola Sturgeon ag éirí as mar Chéad-Aire Pharlaimint na hAlban

Ní raibh aon choinne le fógra chomh luath seo go raibh ceannaire na SNP le héirí as oifig

Nicola Sturgeon ag éirí as mar Chéad-Aire Pharlaimint na hAlban

Tá Nicola Sturgeon ar tí éirí as mar chéad-aire na hAlban.

Tuairiscítear go bhfógróidh ceannaire Pháirtí Náisiúnta na hAlban, as SNP, ag preasócáid in Edinburgh inniu go bhfuil sí ag éirí as.

Ní fios go fóill cén uair atá i gceist ag Sturgeon éirí as oifig. Ní dócha go n-éireoidh sí as láithreach, áfach, agus meastar go dtabharfaidh sí am do cheapadh a comharba.

Dúirt foinse gar do Nicola Sturgeon leis na BBC go raibh “a dóthain aici”.

Tá Sturgeon ina ball de Pharlaimint na hAlban ó 1999. Ceapadh ina leascheannaire ar an SNP in 2004 agus tháinig sí i gcomharbacht ar Alex Salmond mar cheannaire agus mar chéad-aire in 2014 nuair a diúltaíodh don reifreann faoi neamhspleáchas na hAlban.

Tá caint ann le tamall go n-éireodh sí as aimsir an chéad toghcháin eile ach ní raibh aon choinne le fógra chomh luath seo go raibh sí chun a hoifig a fhágáil.

Mhaígh sí go minic nach raibh aon rún aici éirí as agus go raibh fonn uirthi a bheith ina ceannaire ar an SNP do thoghcháin na parlaiminte in 2025..

Níl céad-aire Holyrood ná an SNP ag cruthú go maith sna pobalbhreitheanna le tamall agus ag meath chomh maith atá an leibhéal tacaíochta do neamhspleáchas na hAlban.

Fág freagra ar 'Nicola Sturgeon ag éirí as mar Chéad-Aire Pharlaimint na hAlban'