‘Ní víreas é seo atá aon duine ag iarraidh a fháil’ – Covid-19 curtha di ag Mary Lou McDonald

Dúirt ceannaire Shinn Féin inniu go bhfuair sí toradh dearfach inné ar thástáil a cuireadh uirthi don choróinvíreas coicís ó shin

‘Ní víreas é seo atá aon duine ag iarraidh a fháil’ – Covid-19 curtha di ag Mary Lou McDonald

Pictiúr: Leah Farrell / RollingNews.ie

D’fhógair ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald inniu go raibh toradh dearfach ar thástáil a cuireadh uirthi don choróinvíreas

Dúirt McDonald gurb amhlaidh go raibh sé ráite léi nach raibh sí aicídeach a thuilleadh agus go raibh súil aici filleadh ar an obair Dé Luain seo chugainn. 

Ba mhór an faoiseamh di nach raibh an galar uirthi níos mó tar éis di a bheith tinn ar feadh roinnt seachtainí.

Dúradh i ráiteas ó Shinn Féin inniu gur ar an 28 Márta a cuireadh tástáil ar cheannaire an pháirtí don ghalar agus gur inné a fuair sí toradh na tástála sin.

Dúirt Mary Lou McDonald go raibh sí ag teacht chuici féin an deireadh seachtaine seo caite ach gur buaileadh buille eile uirthi nuair a fuair sí pliúraisí iar-víris ar an scamhóg dheas.

Ghabh sí buíochas leis na hoibrithe sláinte a thug aire di agus rinne sí comhbhrón leis na daoine a chaill duine muinteartha leo de thoradh na ráige. Ghabh sí buíochas chomh maith le gach duine a ghuigh rath uirthi.

D’impigh sí ar dhaoine fanacht slán, fanacht amach óna chéile agus fanacht ag baile.

“Ní víreas é seo atá aon duine ag iarraidh a fháil,” a dúirt ceannaire Shinn Féin.

Idir an dá linn, thug na Gardaí le fios gur gabhadh seachtar le linn an deireadh seachtaine as sárú a dhéanamh ar an reachtaíocht éigeandála a tugadh isteach chun dul i ngleic le scaipeadh an víris.

Tharla 144 eachtra eile inar gabhadh daoine as gan cloí leis na srianta ach gur baineadh úsáid as reachtaíocht sheanbhunaithe eile.

Fógraíodh tráthnóna chomh maith go raibh deichniúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe sa Tuaisceart agus 85 cás nua deimhnithe.

499 duine a raibh Covid-19 orthu atá básaithe in Éirinn faoin tráth seo, 365 duine ó dheas den teorainn agus 134 duine ó thuaidh di.

Fág freagra ar '‘Ní víreas é seo atá aon duine ag iarraidh a fháil’ – Covid-19 curtha di ag Mary Lou McDonald'

  • Màirín Mhic Lochlainn

    Buíochas le Dia go dtáinig sí as! Tà mise sa Nua Shéalainn, áit a bhfuil furmhór mhór do na daoine ag keannacht na dtreoireacha!